2016-12-31

Oíche na Scairpe

Is cuimhin liom an oíche ar chuir scairp
cealg im’ mháthair. Deich n-uaire an chloig
de shíorbháisteach a thiomáin isteach í
gur ghabh faoi mhála ríse.

Scar sí lena nimh – dhealraigh
a ruball diabhalta sa seomra dorcha
is amach arís faoin mbáisteach léi.

Tháinig muintir na tuaithe ina scaoth cuileog
ainm Dé céad uair acu ina dhordán
chun pairilis a chur ar an Deamhan.

Bhí coinnle acu is laindéir
is caitheadh scáileanna scairpe
ar na fallaí dóibe
is iad á lorg gan teacht uirthi.
Cliceanna á ndéanamh lena dteanga.
Le gach cor ón scairp, ar siad,
gluaiseann an nimh i bhféitheacha mo Mháthar.

Go bhfana sí socair mar scairp, ar siad,
glanfar do chuid peacaí go léir ón saol roimhe seo anocht, ar siad,
agus laghdóidh na pianta seo gach arraing
a fhulaingeoidh tú an chéad uair eile duit abhus.
An uile olc á mheá
sa saol neamhshubstaintiúil seo

I gcoinne an uile mhaitheasa
á laghdú ag do phiansa.
Go nglana an nimh do cholainn

De mhianta is d’uaillmhian
ar siad, agus shuíodar timpeall
ar an urlár, mo mháthair sa lár,
síth na tuisceana ar gach cuntanós.
Tuilleadh coinnle, tuilleadh laindéar, tuilleadh comharsan,
Tuilleadh feithidí, agus fearthainn gan stad.
Mo mháthair ar mhata
í lúbtha ar fad.
M’athair, sceipteach, réasúnaí,
triail á baint aige as gach mallacht is ortha,
púdar, meascán, an luibh is an hibrid.
Nár dhoirt sé fiú amháin braoinín pairifín
ar an méar choise phianmhar – agus las.
Mise ag breathnú ar an lasair ag ithe mo mháthar.
D’fhéachas ar an bhfear beannaithe agus a dheasghnátha a cheansódh an nimh le cantaireacht.
Tar éis ceithre huaire is fiche
mhaolaigh ar an gcealg

Ní dúirt mo mháthair ach
buíochas le Dia gur mise a roghnaíodh
is gur tháinig na páistí slán.


Nissim Ezekiel