Tá sé amuigh! The Oxford Handbook of Modern Irish Poetry. £90. 25 (Sterling) a chosnóidh sé ort. Agus níl Cathal Ó Searcaigh ann.
Is féidir scrolláil síos sa nasc atá leis seo
agus feicfidh tú nach bhfuil aon rian de ann! Pé rud a tharla dhó.
Fuadach ab ea? Bhuel, nár fuadaíodh a mháthair fadó? Is leagan
giorraithe an méid seo a leanas den aiste a scríobh Gabriel faoin
bhfuadach sin:
Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘alien
abduction’. Fuadach eachtardhomhandach, ab ea? N’fheadar an dtarlaíonn a
leithéid in aon chor nó an samhlaíocht ar fad é? Go maithe Dia dhom é ach nár
bhreá leat dá bhfuadódh na heachtardhomhandaigh cuid de dhomhandaigh Dháil
Éireann agus an tSeanaid. B’fhéidir
go bhfoghlaimeodh an dream seo againne cleas nó dhó ó na spásairí chun sinn a
tharraingt as an abar ina bhfuilimid.
Déarfadh síciatraithe gur dócha gur
scitsifréine nó hipearmáine nó galar intinne éigin a bhí ar mháthair Chathail
Uí Shearcaigh, bean a chaith a lán ama i measc na sióg, más fíor di féin. Rith
sé liomsa gur fuadach eachtardhomhandach a tharla di. An cuntas a fhaighimid ar
mháthair an fhile an chuid is corraithí dá chuimhní cinn, Light on Distant Hills, a d’fhoilsigh Simon & Schuster sa
bhliain 2009. Is trua nach i nGaeilge a scríobhadh é. Níl an Béarla rómhaith ag
déileáil leis an saol eile.
Deir an t-údar, ‘My mother was an inveterate traveller in the
otherworld; a regular visitor to unearthly parts.’ Tá go leor sa mhéid sin.
Nílimid lánchinnte an taistealaí in aghaidh a tola ab ea í nó nach ea. An léir
dúinn ón abairt thuas cad é an saol eile seo go díreach agus conas dul isteach
is amach ann? Cuairteoir rialta ab ea í. Cuairteoir. Faoi mar ba rud nádúrtha
é. Bothántaíocht. Airneán.
Agus cad is brí le ‘unearthly’? Neamhshaolta?
Eachtardhomhandach?
Dhein an Searcach an-iarracht go deo
chun tuiscint a fháil ar ghalar a mháthar. Ach cá bhfios nach galar ach bua é a
bheith in ann cuairt a thabhairt ar chríochaibh neamhshaolta. Agus ar aon
chuma, nach bhfuil litríocht agus béaloideas na tíre seo ag cur thar maoil le
tagairtí don saol eile? Tá ar ndóigh.
Bhí ainmneacha ag máthair an
tSearcaigh ar an slua sí. Ní haon dream amháin iad na daoine maithe (
más 'maith' atá siad). Tá scata acu ann, mar a bheadh treibheanna ann.
Slua díobh b’as Caor
an Airgid iad. Rud nach bhfuil soiléir in aon chor ón leabhar ná an méid
seo:
an raibh an t-ainm sin, agus ainmneacha eile nach iad, i mbéal na
ndaoine nó
an i mbéal mháthair Chathail amháin a
bhí siad? Más i mbéal a mháthar amháin a bhíodar, cá bhfuair sise iad
mar
ainmneacha? Ar chum sí an t-ainm Caor an Airgid? Gar do Shliabh Sneachta
atá
Caor an Airgid ach níl sé ar aon mhapa. Ar mhapa aigne mháthair an fhile
a bhí
sé agus is soiléir a bhí sé ann.
Tá leabhar filíochta ag an Athair
Micheál de Liostún dar teideal Screadfaidh na Clocha Amach. Thuig máthair Chathail caint na gcloch. Dúirt sí leis uair
amháin go raibh cloch tar éis a rá léi go raibh gála chucu ó Ghleann Tornáin.
Agus b’fhíor don chloch. Ba ghearr go raibh sé ina ghála. Cuimhnigh ar éifeacht
na tairngreachta sin ar gharsún óg.
Bhí
sáreolas ag máthair Chathail ar an Eall, abhainn, ar Agall, áit
chnocánach, Donn an Domhain, áit sceirdiúil neamhthorthúil, Pulc, cathair
an óir, Ball na
mBuacán, cathair thoirmiscthe. Istoíche a raghfá go dtí na háiteanna
sin. Ní
fhéadfá dul ann faoi sholas an lae. Na háiteanna sin go léir, tíreolas
agus
logainmneacha na n-áiteanna dofheicthe
sin, tá draíocht mhillteanach ag baint leo: Tulc, Ruacan, Fán, Daol,
Ston, Idir
Eatarthu (an ceann is deise liom), Dearg na gCorr agus Scan.
Bhíodh an slua sí ag glaoch uirthi. Dúirt sí lena
maicín óg uair amháin go raibh baibín as Co. na Gaillimhe fuadaithe ag lucht
Chaor an Airgid agus go rabhadar ag glaoch uirthi mar go raibh banaltra chíche
uathu. Nuair a cheistíodh Cathal í faoi na háiteanna sin is é a deireadh sí ná
gur ar imeall neamhní a bhíodar.
Bhí cónaí ar neacha fadghéagacha i
nDearg na gCorr, tuairim is seacht n-oíche siar uathu. Ní i slata ná i mílte a deineadh an t-aistear a
thomhas ach ina oícheanta. Bhíodh saghas ióga ar siúl ag na neacha sin chun an
domhan glioscarnach ina mhaireadar a chaomhnú agus a íonghlanadh. Ba nós leo
seasamh ar chos amháin ar feadh trí lá in abhainn gheal, leathshúil leo druidte
agus iad ag cantaireacht. Bhí púdar draíochta acu a dheineadar as beacáin agus
caora dearga, púdar a d’iompraítí i bpúitse ar a dtugtar bolg an tsolais agus
bhí gá acu le duine daonna chun an bunábhar a bhailiú. Agnes, máthair Chathail,
an duine sin. Bhí uirthi na muisiriúin agus na caora a mheilt ansin le
tuairgnín airgid. Mheascadh saoi ansin ina phúdar é thuas in Inis Ór na gCorr,
oileán spéire. Is bhí na neacha sin ar a sáimhín suilt agus caor na mbeacán,
mar a thug Agnes ar an gcógas, á ghlacadh acu gach lá.
Dhein na neacha osnádúrtha sin Agnes
a ghlanadh sula ligfí isteach i ríocht an tsolais í. Bhíodh sí cuachta faoi
scragall geal de shaghas éigin agus chuirtí isteach i ngléas gaile ansin í
lena sciomradh agus nuair a thagadh sí amach bhíodh sí chomh geal le scilling
nua. Ní go dtí sin a a ligtí di dul ag piocadh na gcaor is na mbeacán.
Agus conas a bhain sí na háiteanna
sin amach? Fuair sí síob, a dúirt sí, ó dhath. An dath gorm. Is fearr ná
ficsean a bheadh bunaithe ar fhuadach eachtardhomhandach an cuntas éachtach a
thugann Cathal dúinn ar aistir dhiamhra a mháthar. Ach an ficsean é? Nó an bhfuil fírinne ann,
fírinne atá ceilte ar dhaoine normálta? Léigh an leabhar. Nílimse chun a
thuilleadh a rá.
Agus sin deireadh le m'aistese ach ní hé críoch an scéil seo é. An cheist arís - ar eagla gur chuamar amú beagán: conas nach bhfuil Cathal san Oxford Handbook of Modern Irish Poetry? Ar fuadaíodh é? An bhfuil sé scuabtha chun siúil ag neacha mínádúrtha a bhfuil a gceanncheathrú acu in Áth na nDamh? Níl aon mhíniú eile ar an scéal.