2016-11-01

An Áit a gCruthaítear Scamaill

An Dr. Ofelia Zepeda
I.

Sé an scéal céanna gach lá é.
Tagann sé abhaile.
Insíonn sé di ina thaobh.
Agus é ag caint, comhdhlúthaíonn an t-aer os comhair a ghnúis.
Leanann sise i mbun a gnó;
gach re seal caitheann sí súil air.
Ní chloiseann sí a ghuth.
Feiceann sí an ceo bog atá ag fás ina luan.
Tá a fhios aici go bhfuil sé fós ag caint faoin áit sin.
Ní éireodh sé tuirseach de go deo (mar a éiríonn sise).
Ar laethanta samhraidh amháin, an t-aer meirbh
agus an taise fós tamall fada ag teacht,
iarrann sí air insint di faoin áit sin.
Suíonn sí os a chomhair amach.
Ag feitheamh leis na neamhstadanna guthacha,
an t-aer á bhrú óna bheola.
Insíonn sé di faoin áit a dtagann scamaill ar an saol.
Is saibhir í taise fhionnuar a ghutha.
Ar lá tirim i mí an Mheithimh fiú
an taise ina drúchtíní ar a haghaidh
is eisean ag caint go díreach léi.
Gach fuaim shéimhithe ina pléascán sámh fionnuaire.
“Inis dom arís ina thaobh, inis dom arís,” ar sí ag spochadh as.
Dá mbeadh a fhios aige nach raibh uaithi ach faoiseamh
ón teas, seachas an scéal, stopfadh sé ag caint.
Tosnaíonn sé, “An chéad uair a leagas súil ar an áit
a bhfoirmítear scamaill ná
ó fhuinneog traenach  . . .”
Uair eile níorbh ann ach seachmall
lasmuigh de Tucson, brothall.
Uair eile fós mheas sé go bhfaca sé an áit
i solas tirim na réaltaí.
An chuimhne is fearr atá aige ar an mball sin
ná é a fheiscint i súile mná
a raibh comhrá aige léi.
Tar éis dó é a thabhairt faoi deara
cheil sise é trína súile a ísliú.
Ar ball lig sí dó féachaint uirthi gan bhac.
Ó am go chéile d’oscail sí a súile go leathan
agus fuair sé radharc iomlán.
Uaireanta d’fheiceadh sé an triomach ina súile
is é ina ghal lá samhraidh.
Uaireanta eile ba mhéith le taise í.
Tháinig na scamaill ceann i ndiaidh a chéile.
Mhaolaigh ar scáileanna an domhain.
“Tá’s agat an daichead lá
is daichead oíche?
Bhíos-sa ann.
Beidh mé ann nuair a tharlóidh sé arís,”
ar sí agus leath-mheangadh ar a béal.
Ar nós páiste, theastaigh uaidh féachaint isteach
ina súile gach uile dheis a fuair sé.
Dá mbeadh sé in ann, chrochfadh sé dá logall súile,
ag gliúcaíocht isteach,
ag déanamh iontais dá léiriú.

II

Lá níos fuaire ná mar ba ghnách a bhí ann aimsir na Nollag;
lorgaíonn néalta is ceobhrán sólás i gcainneoin na Sléibhte Santa Catalina.
Fionncheo ag bogadh go ciúin i measc na gcachtas.
Is beag dúil eile, go deimhin, seachas néal, gaoth is báisteach
atá in ann dul i bhfeidhm ar an saguaró ó bhun go barr.
Beag beann ar dhealga is spíonta.
Craiceann rubarúil timpeall air, séimhithe ag na dúile.
Teas na samhraí go léir is cuimhin leis stóráilte i dtruicir theagmhála.
Deora taise ag rolladh ar aghaidh, níl aon stop leo.
Ón gcathair thíos feicimid
ceobhrán ag éirí, ceobhrán ag éirí.

III

Suímid gar dá chéile i gcábán na trucaile.
Tá an aimsir fuar fliuch lasmuigh.
Rólábach chun seasamh isteach
ag feitheamh le bus scoile.
Tá trucail m’athar deas teolaí istigh,
ó thosaigh sé ag obair ar 4.a.m.
Is suaimhneach é glór an innill,
an teasaire broidiúil.
Níl gíocs uainn sa chábán.
Níl gá againn le teanga.
Éistimid le crónán rialta an innill,
rithim na gcuimilteoirí gaothscátha,
báisteach bhog ar an mboinéad.
Aird againn ar an aer fuar
thart ar ár bhfothain shealadach.
Féachaimid amach ar na goirt
áit a gcloíonn ceo leis an gcré.
Anois is arís cuimlíonn sé an gaothscáth
le cúl a láimhe a bhfuil miotóg uirthi.
“Bhfuil aon radharc air?”
Suíonn an triúr againn go ciúin,
Néalta á n-análú againn.
Comhdhlúthaíonn néalta
nuair a theagmhaíonn le fuaire na bhfuinneog.
Aer á análú ag m’athair de réir dealraimh
agus an teocht cothrom.
Ní chruthaíonn sé néalta.
Breathnaíonn sé orainn.
Ceo bog liath á análú againne i gcónaí
ag feitheamh leis an mbus scoile.

The Place Where Clouds Are Formed

le Ofelia Zepeda

Where Clouds Are Formed

(University of Arizona Press, 2008)