2016-11-17

Sliocht as An Rúraíocht

‘Ná tarraing deabhaidh dhian anuasal ort féin. Ná bí díscir doicheallach díomsach. Ná bí eaglach tobann ainmhianach. Ná bíodh ceann faoi ort trí eagla do chreachta le meisce. Ná bí i do dhreancaid mhillte coirme tigh ruire. Ná hiaigh iubhaile ar éagóir dlí. Téitear i gcomhairle lucht seanchuimhne i dtaobh comharbaí críche. Ceistítear seanchaithe na seanaimsire i d’fhianaise mar is fíor agus is fiú. Faightear breithiúna briathra is brugh. Leantar de na géaga ginealaigh de réir mar a ghintear na leanaí. Glaoitear daoine beo le chéile agus ar a mbriathrasan beoitear na háiteanna ina raibh na mairbh ag treabhadh. Tugtar saibhreas do chomharbaí mar is dual de réir dlí. Téadh ainbhinte dá ndionna faoi choimirce an té atá láidir. Ná labhair go huaibhreach. Ná tabhair faisnéis go glórach. Ná déan magadh. Ná déan fonóid. Ná bí ag mealladh seanóirí. Ná smaoin go holc i dtaobh aon duine. Ná cuir geasa diana ar aon duine. Coinnigh dlí na haoise agus dlí an diúltaithe agus dlí an aisig. Bí umhal sa mhúineadh a thugtar duit ó dhaoine eagnaí. Bí cuimhneach ar an gcosc a chuirtear ort ó dhaoine is sine ná thú. Coimeád riail an tsinsir. Ná bí fuarchroíoch le cairde. Bí gusmhar le do naimhde. Ná bí dúilmhear i ndeabhaidh nuair a bhír i gcomhthionóil. Ná bí scéalach achasánach. Ná fáisc. Ná taisc an ní nach tairbheach. Ceartaítear de thromaíocht na drochdhaoine ina ngníomhartha. Ná bíodh dúil agat i gcuid na comharsan a ghabháil, ar eagla go mbeadh aithrí ort. Ná bí imreasach ar eagla go mbeadh mioscais chugat. Ná bíodh leisce ort ar eagla go mbeifeá meirbh. Ná bí ró-éasca ar eagla go gceapfaí gur dhuine den daoscarshlua thú.’