2016-11-28

TEA WI THE ABBOT/ TAE I dTEANNTA AN ABA

TRÁTHNÓNA HAIKU i mBÉARLA NA hALBAN AGUS i nGAEILGE NA hÉIREANN i dTEANNTA NA MÁISTRÍ HAIKU JOHN McDONALD & GABRIEL ROSENSTOCK

LÉIRIÚ AGUS SEOLADH LEABHAIR

BAILE ÁTHA CLIATH
7.00pm, Déardaoin 8 Nollaig 2016
Poetry Ireland/ Éigse Éireann,
11 Cearnóg Parnell Thoir, Baile Átha Cliath 1
Saorchead Isteach

BÉAL FEIRSTE
7.30pm, Dé hAoine 9 Nollaig 2016
Turas, The Skainos Centre, 241 Bóthar Bhaile Nua na hArda, Béal Feirste
Saorchead Isteach

‘Above all else, a haiku must be very simple and free of all poetic trickery and make a little picture and yet be as airy and graceful as a Vivaldi pastorelle,’ a scríobh Jack Kerouac, máistir haiku atá curtha i láthair i nGaeilge cheana ag IMRAM. Tá na cáilíochtaí sin a luaigh Kerouac ar fáil go fial sa leabhar aoibhinn seo Tea wi the Abbot. Tae i dTeannta an Aba. Déanann tírdhreacha an mháistir Albanaigh ceiliúradh ar an gcathair agus ar an tuath araon agus is cruinn agus is gonta mar a bheireann sé ar mhóimintí áille neamhbhuaine.

Is é a deir Alan Titley faoin leabhar neamhghnách seo: “Osclaítear do shúile! Osclaítear do chluasa! Osclaítear d’anam leamh laethúil! Sin é is brí leis na miondánta móra seo. Mura gcuireann siad dealg ionat, tá craiceann mós tiubh agat. Mura músclaíonn siad do chéadfaí uile is cuma nó marbh tú. Mura gcuireann siad dinglis trí lár do dhrólainne is cuma nó cuntasóir thú. Nasc álainn iad seo idir dhá theanga eile Shruth na Maoile, is an taoide sin eatarthu.”

Tá breis is ceithre scór haiku de chuid  McDonald curtha i láthair phobal na Gaeilge sa tsraith Haiku na Seachtaine ar an nuachtán Tuairisc.ie agus seo cnuasaithe anois é sa leabhar aoibhinn seo, maisithe ag Mathew Staunton.




John McDonald
Saor cloiche ar scor é John McDonald agus cónaí anois air i nDún Éideann. Tháinig sé ar haiku i lár na nóchaidí agus thug gean mór don seánra. I mBéarla na hAlban a scríobhann sé, ceann de theangacha dúchais na tíre sin i dteannta Ghaeilge na hAlban. Tá lucht leanúna idirnáisiúnta ag an mblag aige:
http://zenspeug.blogspot.com


voor sinsheen –
bummer waukens me
dunnerin at the winnock

     grian earraigh –
     dúisíonn beach mé
     ag cnagadh ar an bhfuinneog


Gabriel Rosenstock
File, fear tanka agus fear haiku é Gabriel, údar-aistritheoir breis agus 180 leabhar. I measc na dteideal is déanaí uaidh tá Óró na Circíní, athinsint ar scéalta ón Afraic (An Gúm) agus cnuasach haiku dátheangach Judgement Day (The Onslaught Press).

Enda Reilly
Amhránaí, giotáraí agus cumadóir amhrán é Enda.I measc na dtionscadal a tháinig ón mBaile Átha Cliathach tréitheach seo tá New Songs In Irish/Amhráin Nua i nGaeilge. Tá seanaithne ag lucht leanúna IMRAM air. Sheinn sé le leithéidí John Spillane, Kila, Liam Ó Maonlaí, Rónán Ó Snodaigh agus John Prine chomh maith le Ceolfhoireann Shiansach RTÉ. Albam nua uaidh is ea Whorls, dánta de chuid W B.  Yeats agus ceol curtha aige leo.


Margaret Lonergan
Is comhairleoir deartha neamhspleách agus maisitheoir í Margaret. Bíonn saothar léi sa phreas náisiúnta (go háirithe san Irish Times) agus ba chomhdhuaiseoir í leis an Society of Newspaper Design Award for Excellence as obair mhaisithe don Sunday Tribune. Tá fís-radhairc cruthaithe aici d’imeachtaí IMRAM, ina measc le fíordhéanaí Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie


TUILLEADH EOLAIS
Déan teagmháil le do thoil le  Liam Carson, Stiúrthóir, IMRAM Féile Litríochta Gaeilge.
Guthán: 00-353-87-2912797
Ríomhphost: liamog62@mac.com


 

souch throuch
the abbey ruinage
...chauntin

leoithne trí
fhothrach na mainistreach
 . . .cantaireacht

John McDonald