2015-02-28

Litreacha Nikos Kazantzakis


Níl a fhios agam an léann daoine litreacha níos mó. Níl a fhios agam an scríobhann daoine litreacha níos mó. Tá litreacha Nikos Kazantzakis (1883 -1957) léite agam, an té a scríobh Zorba the Greek agus The Last Temptation of Christ, an dá shaothar is iomráití leis. 875 leathanach atá ann agus gach aon litir ann léite agam.

Ní fhéadfainn an rud céanna a rá faoi gach úrscéal agus faoi gach leabhar filíochta a phiocas suas i mbliana, is é sin gur léas ó chlúdach go clúdach iad. Tá draíocht éigin ag baint leis an litir ach í a bheith dea-scríofa. Ní gá di a bheith dea-scríofa, fiú amháin. Nochtann an scríbhneoir a chroí, roinneann a phaisean, a anam, a racht, a ghrá lena chomhfhreagraí agus uaireanta braithimse, mar léitheoir, gur mise an comhfhreagraí aige, gur ag scríobh chugamsa atá sé. Ródhéanach anois freagra a chur chuige, faraor. Níl, dáiríre. Freagra chuige é seo, na focail seo, tar éis dom The Selected Letters of Nikos Kazantzakis, in eagar ag Peter Bien, a léamh (Princeton University Press, 2012).

Sea, a Nikos, ar shlí is litir chugatsa anois na focail seo. Agus tú san Eilvéis i mí Iúil, 1955, scríobh tú: 
‘I’m planning to start my new work here: Letters to El Greco…. Yesterday a learned friend, von den Steinen, came to see me and told me that Petrarch wrote Letters to Cicero …’ 
Scríbhneoir mór litreacha agus litreacha á mbeartú aige, tamall sular cailleadh é, chuig duine a bhláthaigh sá séú haois déag. B’in Nikos duit, lán d’fhuinneamh go dtí an deireadh, lán de smaointe, lán d’anamúlacht. Cad a shílfeadh seisean agus scríbhneoirí a linne do ról an scríbhneora inniu, na literati in aois na twitterati? Is deacair a rá. Cad a shílfeadh sé do chultúr an lae inniu?

Bheadh áthas air a déarfainn gur Froinsias atá ar an bPápa nua. Scríobh sé féin Beatha N. Froinsias agus ba mhinic an nath Froinsiasach ‘Pax et bonum’  mar chríoch lena litreacha aige agus feicim i litir uaidh dar dáta 8 Meitheamh 1953 go ndeir sé: 
‘During my illness I wrote several Franciscan haiku and I think they are good – brief, full of feeling and sense, full of Franciscan intimacy with God…’
Theastaigh uaidh litreacha a scríobh chuig El Greco, a chomh-Ghréagach, nó a chomh-Chréiteach is ceart a rá. Tabharfaidh sé seo blas duit de scóip na litreacha seo, sliocht as litir a scríobh sé ar an 13 Meán Fómhair, 1926 agus cuairt á tabhairt aige ar Toledo na Spáinne:

“I’ve arrived at El Greco’s high, ascetic base of operations. My heart was thumping during the entire trip from Madrid – how much I had craved this visit to the amazing Genosse [comrádaí] ever since I was a small child. ‘To realize at a mature age what you craved as a child: that is the destiny of the true human being.’  By dint of struggle, difficulty, and solely the soul’s impetus, I have realized almost everything I have desired. When I faced Toledo, entered it, began slowly, exhaustively, persistently to wander through the streets and bring the old buildings to life, then crossed the threshold and entered El Grecos’s garden and went up to his house in the Jewish quarter (El Greco loved the Jews so much that he lived the whole time in the Jews’ separate neighbourhood) – when all that had filled my hard skull, I once again blessed the moment I was born…”
Tá anam uasal álainn Nikos Kazantzakis sa sliocht sin. Is minic ag tagairt dó dá anam féin, á stiúradh trí chnoic is trí ghleanntáin an tsaoil seo. Cé na scríbhneoirí sa lá atá inniu ann a thagraíonn dá n-anam? Th’anam ’on ducs, is tearc a líon!

Is minic rudaí ráite i litir ag duine agus braitheann tú gur ag caint leat atá sé, os íseal nó go tréan. Is maith liom féin an stíl sin, go mór, caithfidh mé a rá. An scríbhneoir céanna, dá dtabharfaí deis dó, scriosfadh sé a lán dá raibh ráite aige agus chuirfeadh cló eile air, cló foirmiúil, agus sa tslí sin chaillfí an intimité sin, an dlúthchaidreamh sin, an neasacht sin atá an-luachmhar go deo.

Tar éis dom an leabhar a chríochnú, ransaíos an tInnéacs arís féachaint cé atá luaite ann agus ba liosta le háireamh iad. Luaitear Pelagius fiú, an misinéir a bhí inár measc roimh Phádraig Naofa. Eiriceach ab ea Pelagius. Níor ghéill sé do Pheaca an tSinsir. Bheadh Éire eile ar fad againn dá mba é Pelagius seachas Pádraig ár nÉarlamh againn. Eiriceach ab ea Nikos Kazantzakis leis. Tá sé dochreidte ar fad na naimhde go léir a bhí aige, naimhde i saol na litríochta, na polaitíochta is na heaglaise. Ordaigh an leabhar seo ó do leabharlann agus íoslódáil an scannán Zorba the Greek (mura bhfuil sé feicthe cheana agat) agus cuirfidh tú aithne ar dhuine eisceachtúil, duine a raibh sciatháin ar a chroí is ar a anam uair ar bith ar cuireadh peann ina ghlac.

An Bhanríon Sheabá le Hadewijch

Chuig Solomh tháinig
An Bhanríon Sheabá
D’fhonn gaois a fháil uaidh.
Is nuair a tháinig sí ina lathair go deimhin
Thuirling a chuid iontas uirthi ina shlaoda chomh tobann sin
Gur comhleádh sa mharana í.
            Thug sí do an uile ní ansin,
            Is sa tíolacadh sin
            Deineadh slad ar fad di –
            Frídín ní raibh fágtha
            Dá croí ná dá haigne –
Bádh an uile ní sa ghrá.
                                                                            
   

The Queen of Sheba

le Hadewijch (13ú haois)
Leagan Béarla: Mother Columba Hart

The Queen of Sheba
Came to Solomon;
          That was in order to gain wisdom.
When she had found him, indeed,
His wonders streamed upon her so suddenly
          That she melted in contemplation.
                    She gave him all,
                    And the gift robbed her
          Of everything she had within --
                    In both heart and mind,
                    Nothing remained:
          Everything was engulfed in love.

2015-02-27

Chuardaigh mo Chroí do Chumhracht

My heart searched for your fragrance

Sarmad (? - 1659)
Leagan Béarla Isaac A. Ezekiel

My heart searched for your fragrance
    in the breeze moving at dawn,
    my eyes searched for the flower of your face
    in the garden of creation.
Neither could lead me to your abode --
    contemplation alone showed me the way.


Chuardaigh Mo Chroí Do Chumhracht

Chuardaigh mo chroí do chumhracht
    i leoithne a ghluais sa chamhaoir,
    chuardaigh mo shúile bláth do ghnúise
    i ngairdín na cruinne.
Ní thabharfadh ceachtar acu chun d’áitribh mé –
    an rinnfheitheamh amháin a nocht an chonair dom

Imeachtaí IMRAM i Mí an Mhárta/IMRAM Events for March

Satharn 7 Márta/ Saturday 7 March
Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2
The Pearse Centre, 27 Pearse St, Dublin 2
6.00pm
Saorchead isteach/Admission free


NUASCRÍBHNEOIREACHT NA GAEILGE - SHOWCASE OF NEW WORK BY LEADING WRITERS

With music by Colm Ó Snodaigh
Fear an tí/MC: Cathal Póirtéir

Cúis mhórtais agus áthais d'IMRAM, i gcomhar le hAontas na Scríbhneoirí, léamh speisialta a chur i láthair ina mblaisfimid de shaothar nua ó chuid de na scríbhneoirí is bisiúla sa tír. I measc na léitheoirí beidh Éilís Ní Dhuibhne  ar bronnadh Gradam PEN 2015 uirthi as a bhfuil bainte amach aici i réimse na litríochta sa dá theanga. Údar na n-úrscéalta cáiliúla Céard É English? agus Cnoc na Lobhar é Lorcán S. Ó Treasaigh. Údar na gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf agus Sciorann an tAm í Orna Ní Choileáin, leabhair a bhfuil greann is suaitheadh neamhchoitianta iontu. Údar na mbailiúchán filíochta Idir Beocht is Beatha agus Faigh Greim ar an Ghrian é Proinsias Mac a' Bhaird, an duine céanna a chuir amhránaithe ar an sean-nós á marú sa scéinséir Rún an Bhonnáin. Duine d'fhilí agus d'úrscéalaithe nótáilte na tíre seo é Liam Ó Muirthile. Tugadh ardmholadh don úrscéal is déanaí uaidh An Colm Bán atá suite i bPáras.

Cloisfear amhráin ó Cholm Ó Snodaigh (Kíla) chomh maith. Ceoltóir ildánach é an Snodach. Seinneann sé an fhliúit, an fheadóg stáin, an giotár, sacsafón agus cnaguirlisí. Tá amhráin i nGaeilge agus i mBéarla ar a albam aonair Giving.

In association with Aontas na Scríbhneoirí, IMRAM is proud to present a special reading in which leading writers will read new work and work in progress. Readers include Éílís Ní Dhuibhne, author of 2015 recipient of the Irish PEN Award for her outstanding contribution to literature. Lorcán S Ó Treasaigh is the acclaimed author of the novels Céard É English? and Cnoc na Lobhar. Orna Ní Choileáin is the author of the wickedly subversive and witty short story collections Canary Wharf and Sciorann an tAm. Proinsias Mac a’ Bhaird is the author the poetry collections Idir Beocht is Beatha and Faigh Greim ar an Ghrian and the thriller novel Rún an Bhonnáin, in which a serial killer’s victims are sean-nós singers. Liam Ó Muirthile is one of Ireland’s finest poets and novelists.
 ‘He has re-located the Irish language and its people back in the cultural fulcrum of the European imaginary once more’ 
declared the Irish Times of his latest novel An Colm Bán.

Colm Ó Snodaigh of Kíla will also sing on the night. A multi-instrumentalist, Colm plays flute, tin whistle, guitar, saxophone and percussion. His solo album Giving features songs in English and Irish.

Domhnach 8 Márta/Sunday 8 March
McGrattan’s 76 Lána Mhic Liam, BÁC 2
McGrattan’s 76 Fitzwilliam Lane, Dublin 2
8.00pm
Cead isteach/Admission €10


MÓROÍCHE CHEOIL IS FILÍOCHTA LE hAGHAIDH LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN - GALA NIGHT OF POETRY AND MUSIC FOR INTERNATIONAL WOMEN’S DAY

Fear an tí/MC: Cathal Póirtéir

Tá ríméad ar IMRAM Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh le cuid de na filí is na fonnadóirí is fearr sa tír. I measc na bhfilí beidh Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, Nuala Ní Dhomhnaill agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Ina dteannta beidh na hamhránaithe traidisiúnta Síle Denvir, Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Oistín.

IMRAM is delighted to celebrate International Women’s Day in the company of some of Ireland’s very best poets and traditional singers. Poets include Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, Nuala Ní Dhomhnaill and Ailbhe Ní Ghearbhuigh. They will be joined by traditional singers Síle Denvir, Máire Ní Choilm and Máiréad Ní Oistín.

Lá Fhéile Pádraig/Tuesday 17 March

Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, 6-7 Sráid an Mhalartáin Íocht.,
Baile Átha Cliath 8
7.00 pm
The Boys School, Smock Alley, 6-7 Exchange Street Lower, Dublin 8
Cead isteach Admission €10

PORT AN tSAOIL: TIONSCADAL KATE BUSH - JIG OF LIFE: THE KATE BUSH PROJECT


IMRAM i gcomhar le Gaelspraoi/Féile Naomh Pádraig
Imram in association with Gaelspraoi/St Patrick’s Festival

Ealaíontóir thar a bheith neamhghnách í Kate Bush atá in ann rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre a fhí ina bhréid álainn. Tá a cuid liricí an-drámatach agus scata foinsí liteartha agus cineamatagrafacha laistiar díobh a iniúchann téamaí na hóige, an ghrá, an bháis, na cogaíochta agus na miotaseolaíochta.  Theastódh guth ildánach aingiliúil uait chun tréithe uile Kate Bush a chur abhaile ar lucht féachana agus tá an tallann uathúil sin ag Caitríona O'Leary. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i nGaeilge.

Comhoirfidigh Chaitríona anocht: Roger Doyle (méarchlár), Adrian Hart (fidil), Éamonn Galldubh (fliúit, feadóga, píb uilleann), Mark Keogh (seicheamhóir). 

Cuirfidh Margaret Lonergan na liricí móide íomhánna gleoite ar scáileán.

Kate Bush is an artist like none other – weaving rock, classical and folk music to extraordinary effect. Her lyrics are highly dramatic, drawing on a wide range of literary and cinematic sources, exploring themes of childhood, love, death, war and mythology. Tonight Caitríona O’Leary – acclaimed by Crescendo Magazine for ‘her angelic and etheral voice - will perform the very best of Bush’s songs, transcreated into Irish by Gabriel Rosenstock.
She will be joined by Roger Doyle (keyboard), Adrian Hart (fiddle), Éamonn Galldubh (flute, whistles, uilleann pipes), Mark Keogh (sequencer). The show features on-screen projections of the lyrics with images created by Margaret Lonergan.

IMRAM A VOYAGE OF DISCOVERY

Aidhm IMRAM saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus an pobal a thabhairt linn ar aistear mistéireach. Prós. Filíocht. Ceol.
An focal labhartha. An focal scríofa. Idir shúgradh is dáiríre. Suímh éagsúla ar fud na hardchathrach.
Bímis ag léamh, bímis ag iomramh!

IMRAM aims to bring its audiences on a ‘voyage of discovery’ that reveals the rich diversity of modern Irish language literature through a programme of eclectic events that blend poetry, prose, film, drama and music in lively, upbeat venues.

TUILLEADH EOLAIS/FURTHER INFORMATION:

Liam Carson r-phost/e-mail info@imram.ie
Fón/phone 087-2912797


   

Ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge 7 Márta, 11:00-15:30

Beidh Ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge 

Dé Sathairn 7 Márta, 11:00-15:30 

san 

Amharclann,  
Institiúid na hÉireann, 
Teach an Phiarsaigh, 
Sráid an Phiarsaigh, 
Baile Átha Cliath 2.

Tá dréachtaí ón Choiste Stiúrtha le dul os comhair an chruinnithe le leasú nó le glacadh leo trí vótáil agus tá oifigigh agus Coiste Stiúrtha 2015 le toghadh (Coiste Stiúrtha sealadach a toghadh an an ollchruinniú i mí Eanáir). Iarrtar oraibh na cáipéisí leis seo a scrúdú roimh ré agus má tá leasuithe le moladh iad a bheith réidh agaibh chun cabhrú le héifeacht an chruinnithe. Má tá tú sásta glacadh le hainmniúchán nó seasamh don choiste ach gan a bheith in ann freastal ar an chruinniú, cuir sin in iúil dúinn i scríbhinn, le do thoil.

De bharr gur gá do dhuine bheith ag príomh-dhoras Theach an Phiarsaigh chun daoine a scaoileadh isteach chuig an Amharclann ar chúl an tí, iarrtar ar dhaoine a bheith i láthair in am. Is féidir casadh le chéile sa Trinity Inn Hotel béal dorais má thagann tú mórán roimh am. Mar a cheile tar éis an tsosa don lón.

Tá súil agam go mbeidh ar do chumas a bheith ann chun páirt a ghlacadh sa phlé agus a bheith ar ais linn, i ndiaidh béile a chaitheamh, san Amharclann don ócáid liteartha agus cheoil atá á reáchtáil ag Imram, 18:00-20:00 agus do fháiltiú fíona.

haiku le issa (ní fios bliain a chumtha)

lá báistí -
go dúthrachtach i m'aonar
ag cur ríse
.雨の日やひとりまじめに田を植る
ame no hi ya hitori majime ni ta wo ueru
Leabhar nua:
Issa and the Meaning of Animals

2015-02-26

An mhóimint seo/ This moment

Mevlana Jelaluddin Rumi (1207 - 1273)

Leagan Béarla Coleman Barks

An mhóimint
An GRÁ
tagtha chugam chun scíth a ligean,
an il-bheith in aon-bheith
i ngrán amháin cruithneachta
míle síogán.

Istigh i gcró na snáthaide
oíche réaltógach ag casadh.
An mhóimint seo -
An GRÁ

This moment
This LOVE
comes to rest in me,
many beings in one being
In one wheat-grain
a thousand sheaf stacks.

Inside the needle's eye
a turning night of stars.
This moment --
This LOVE.

Cantaireacht an-éifeachtach ó Haváí




E ho mai
Ka ike mai luna mai e

O na mea huna no eau
O na mele e

E ho mai
E ho mai
E ho mai

Deonaigh dúinn
eolas anuas

Gaois uile
na n-amhrán

Deonaigh dúinn
deonaigh dúinn
deonaigh dúinn iad.

2015-02-25

The Rivals/ Na hIomaitheoirí

I heard a bird at dawn
Singing sweetly on a tree,
That the dew was on the lawn,
And the wind was on the lea ;
But I didn’t listen to him,
For he didn’t sing to me.

I didn’t listen to him,
For he didn’t sing to me
That the dew was on the lawn,
And the wind was on the lea ;
I was singing at the time
Just as prettily as he.

I was singing all the time,
Just as prettily as he,
About the dew upon the lawn
And the wind upon the lea ;
So I didn’t listen to him
As he sang upon a tree.

James Stephens (1880-1950)



Na hIomaitheoirí


Chuala éan ar maidin,
Ba bhinn é an t-amhrán
Faoin drúcht ar an bhfaiche
Is an ghaoth ar an mbán;
Ach níor éist mé lena rann
Mar nach domsa a chan.

Sea, níor éist me lena rann
Mar nach domsa a chan
Faoin drúcht ar an bhfaiche
Is an ghaoth ar an mbán;
Bhíos-sa féin ag canadh
Chomh binn leis siúd ar m’anam.

Sea, bhíos-sa féin ag canadh
Chomh binn leis siúd ar m’anam,
Faoin drúcht ar an bhfaiche,
Is an ghaoth ar an mbán;
Is níor éist mé leis ainneoin
Go mba bhinn é an t-amhrán.

haiku le Ryokan (1758 - 1831)

English version by Stephen Mitchell

the thief left it behind:
the moon
at my window.

d'fhág an gadaí ina dhiaidh í:
an ghealach
san fhuinneog

2015-02-24

The Wind That Shakes the Barley /An Ghaoth i Measc na hEornan

Dearadh Angelee Deodhar

The Wind that Shakes the Barley


There's music in my heart all day,
I hear it late and early,
It comes from fields are far away,
The wind that shakes the barley.

Above the uplands drenched with dew
The sky hangs soft and pearly,
An emerald world is listening to
The wind that shakes the barley.

Above the bluest mountain crest
The lark is singing rarely,
It rocks the singer into rest,
The wind that shakes the barley.

Oh, still through summers and through springs
It calls me late and early.
Come home, come home, come home, it sings,
The wind that shakes the barley.
Katharine Tynan (1859-1931)

An Ghaoth i Measc na hEornan


Tá ceol im’ chroí an lá go léir
Ar maidin is tráthnóna,
Is cloisim é sa pháirc go glé,
An ghaoth i measc na heornan.

Is tá na huachtair tais le drúcht,
An spéir go péarlach lonrach,
Is tá an domhan glas ag tabhairt cluas
Don ghaoth i measc na heornan.

Thar bhuaic an tsléibhe ar feadh an lae
Fuiseog ag canadh i gcónaí,
Na nótaí binne is iad go séimh
Sa ghaoth i measc na heornan.

Is glaonn sí orm i ngach séasúr,
Ar maidin is tráthnóna,
Tar chugam, tar chugam, ar sí go suairc
An ghaoth i measc na heornan.
Gabriel Rosenstock

Is áille Íosa ná an chruinne

Risteárd de Buitléar

(Translated from the Irish by Gabriel Rosenstock)

A poem from the early years of the sixteenth century. As his name suggests, the poet was of Norman stock. A note on the manuscript informs us that he composed it on his last day on earth.

More beautiful than the world is Jesus
   lovelier than lily or rose;
delightful flower of Mary
   among us made abode.

Sweeter than sugar grains
    than honey dew on thorn
than the life-full balm of bees
     the One to us was born.


Whoever loves Jesus
     warmly deep inside,
no other love enters him
        until the last tide.


Jesus full of sweetness,
Jesus, Mary’s Son,
you fashioned every water meadow,
each smooth plain, each thorn.
    
     

Is áille Íosa ná an chruinne


Is áille Íosa ná an chruinne
        a’s ná bláth róis nó lile;
is tú, a bhláth chaomh ó Mhuire,
        a chuaigh i ngnáthghaol linne.

Is milse ná siúcra
        a’s ná drúcht meala muine
a’s ná míl bhríoch bheacha
        Íosa mór, Mac Mhuire.

Cibé a ghránn Íosa
        ina chroí go cluthar,
ní théann aon ghrá eile
        ann go deireadh an domhain.

A Íosa mhóir mhilis,
        a Íosa, Mac Mhuire,
dhealbhaigh tú gach inis,
        gach mínmhaigh, gach muine.

2015-02-23

Lean out of the window (James Joyce)/Tar go dtí an fhuinneog

File: James Joyce
Cumadóir: Syd Barrett
Lean out of the window,
    Goldenhair,
I heard you singing
    A merry air.

My book is closed;
    I read no more,
Watching the fire dance
    On the floor.

I have left my book,
    I have left my room,
For I heard you singing
    Through the gloom,

Singing and singing
    A merry air.
Lean out of the window,
    Goldenhair.

Tar go dtí an fhuinneog

Tar go dtí an fhuinneog
    ‘Niamh Chinn Óir.
Chuala tú ’canadh
    I do bhinnghlór.

Dhúnas an leabhar.
    Ní léim níos mó.
Breathnaím ar lasracha
    Ó óró.

D’fhágas an leabhar.
    Is an seomra d’fhág
Mar chuala mé amhrán
    Tríd an scáil.

Ag canadh os ard
    I do bhinnghlór.
Tar go dtí an fhuinneog
    ’Niamh Chinn Óir.

God Speaks to Man /Labhraíonn Dia Leis An Duine

Edmond Bordeaux Szekely
(1905 - 1979)

Labhraím leat.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraíos leat
Nuair a rugadh thú.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraíos leat
Ar do chéad amharc.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraíos leat
Nuair a labhair tú ar dtús.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraíos leat
Nuair a smaoinigh tú ar dtús.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraíos leat
Nuair a thit tú i ngrá ar dtús.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraíos leat
Nuair a chan tú ar dtús.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.


Labhraímse leat
Trí sheamaidí na móinéar.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí chrainn na bhforaoisí.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí chnoc is trí ghleann.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí na Sléibhte Beannaithe.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí bháisteach is trí shneachta.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí thonnta na mara.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí dhrúcht na maidine
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí shéimhe an tráthnóna.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí niamhracht na gréine.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí na réaltaí lonracha
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Tríd an stoirm is trí néalta
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí thoirneach, trí thintreach.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraímse leat
Trí mhistéir an bhogha leatha.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhróidh mé leat
Nuair a bheidh tú leat féin.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhróidh mé leat
Trí Ghaois na Sinsear.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhróidh mé leat
Ag deireadh an ama.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.


Labhróidh mé leat
Nuair a bheidh m'Aingil feicthe agat.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhróidh mé leat
I gcaitheamh na Síoraíochta.
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

Labhraím leat
Éist
Bíodh a fhios agat
Gur mise
Is Dia ann.

I speak to you.
Be still
Know
I am
God.

I spoke to you
When you were born.
Be still
Know
I am
God.

I spoke to you
At your first sight.
Be still
Know
I am
God.

I spoke to you
At your first word.
Be still
Know
I am
God.

I spoke to you
At your first thought.
Be still
Know
I am
God.

I spoke to you
At your first love.
Be still
Know
I am
God.

I spoke to you
At your first song.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the grass of the meadows.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the trees of the forests.
Be still
Know
I am God.

I speak to you
Through the valleys and the hills.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the Holy Mountains.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the rain and the snow.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the waves of the sea.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the dew of the morning
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the peace of the evening.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the splendor of the sun.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the brilliant stars
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the storm and the clouds.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the thunder and the lightning.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Through the mysterious rainbow.
Be still
Know
I am
God.

I will speak to you
When you are alone.
Be still
Know
I am
God.

I will speak to you
Through the Wisdom of the Ancients.
Be still
Know
I am
God.

I will speak to you
At the end of time.
Be still
Know
I am
God.

I will speak to you
When you have seen my Angels.
Be still
Know
I am
God.

I will speak to you
Throughout Eternity.
Be still
Know
I am
God.

I speak to you
Be still
Know
I am
God.


from The Essene Gospel of Peace: Book Two: The Unknown Books of the Essenes, by Edmond Bordeaux Szekely


2015-02-22

Aus meinen Tränen sprießen / As mo chuid deor eascraíonn

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Schumann
Aus meinen Tränen sprießen
Viel blühende Blumen hervor,
Und meine Seufzer werden
Ein Nachtigallenchor.

Und wenn du mich lieb hast, Kindchen,
Schenk' ich dir die Blumen all',
Und vor deinem Fenster soll klingen
Das Lied der Nachtigall.

As mo chuid deor eascraíonn

As mo chuid deor eascraíonn
An iliomad flóisín, a stór,
Déantar de m’osnaí cléibhe
Guth éanlaithe i gcór.

Is má tá tú mór liom, ‘stóirín,
Gheobhaidh tú uaim an pósae glé,
Is cloisfidh tú os comhair na fuinneoig’
Amhrán i ngob an éin.

Tuilleadh Haiku/ More Ginsberg Haiku

ag ól tae
gan siúcra -
níl puinn difríochta ann

cacann an gealbhan
bunoscionn -
uch! m'inchinn is uibheacha

ag breathnú thar mo ghualainn dom
mo thiarpa clúdaithe
le bláthanna silíní

ní heol dom ainmneacha
 na mbláthanna - anois
agus an gairdín imithe

boiseog don mhuiscít
níor aimsíos í
cad a thug orm é sin a dhéanamh?

ag léamh haiku
táim buartha
ag tnúth leis an ní Gan Ainm

ar an bpóirse
is gan orm ach mo bhrístín
soilse cairteacha faoin mbáisteach

bliain eile
imithe - an domhan
mar a bhí

an chéad rud a lorgaíos
im sheanghairdín -
an crann silíní

mo sheandeasc:
an chéad rud a lorgaíos
sa tigh

luath-dhialann liom:
an chéad rud a d'aimsíos
im sheandeasc

taibhse mo mháthar:
an chéad rud a dtáinig mé air
sa seomra suite

stopas dom bhearradh féin
d'fhan na súile sin a d'fhéach orm
sa scáthán

gealt
ag teacht amach as scannánlann:
an tsráid am lóin

im luí ar mo thaobh
san fholús:
an anáil im shrón

ar an gcúigiú hurlár déag
cognaíonn gadhar cnámh -
scréach na dtacsaithe

Drinking my tea
Without sugar-
No difference.

The sparrow shits
upside down
--ah! my brain & eggs

Mayan head in a
Pacific driftwood bole
--Someday I'll live in N.Y.

Looking over my shoulder
my behind was covered
with cherry blossoms.

Winter Haiku
I didn't know the names
of the flowers--now
my garden is gone.

I slapped the mosquito
and missed.
What made me do that?

Reading haiku
I am unhappy,
longing for the Nameless.

A frog floating
in the drugstore jar:
summer rain on grey pavements.
(after Shiki)

On the porch
in my shorts;
auto lights in the rain.

Another year
has past-the world
is no different.

The first thing I looked for
in my old garden was
The Cherry Tree.

My old desk:
the first thing I looked for
in my house.

My early journal:
the first thing I found
in my old desk.

My mother's ghost:
the first thing I found
in the living room.

I quit shaving
but the eyes that glanced at me
remained in the mirror.

The madman
emerges from the movies:
the street at lunchtime.

Cities of boys
are in their graves,
and in this town...

Lying on my side
in the void:
the breath in my nose.

On the fifteenth floor
the dog chews a bone-
Screech of taxicabs.

A hardon in New York,
a boy
in San Fransisco.

The moon over the roof,
worms in the garden.
I rent this house.


[Haiku composed in the backyard cottage at 1624 Milvia Street, Berkeley 1955, while reading R.H. Blyth's 4 volumes, "Haiku."]

2015-02-21

When rooks fly homeward/ Préacháin ag Filleadh

File: Joseph Campbell
Cumadóir: (Scata Éagsúil)
When rooks fly homeward
And shadows fall,
When roses fold
On the hay-yard wall,
When blind moths flutter
By door and tree,
Then comes the quiet
Of Christ to me.

When stars look out
On the Children's Path,
And grey mists gather
On carn and rath,
When night is one
With the brooding sea,
Then comes the quiet
of Christ to me.
Préacháin ag filleadh
Is titeann scáth,
An rós fá shuan
San iothlainn tá,
Na leamhain dhalla
’Na n-eitilt rúin
Is seoltar síth
Ár dTiarna chugam.

Nuair ’bhreathnaíonn réalt’
Ar an Ógchosán,
Nuair a chruinníonn ceo
Go dlúth sa ráth,
Nuair ’théann an oích’
Sa sáile ciúin
Sea ’sheoltar síth
Ár dTiarna chugam.

Líon Folamh Damháin Alla

Líon Folamh Damháin Alla

“Ná caith do chuid ama ag scríobh dánta nó aistí ar Zen . . .”
Nyogen Senzaki

Is fada anois ó leagas súil ar dhamhán alla
ach tá an t-am féin tamall maith in easnamh:
Cad is am damháin alla ann?
An ndeir sé leis féin,
‘Tá tamall maith anois ann ambaist ó nocht mo dhuine
an scrioblálaí a thugann faoi deara mé
is nach gá dom eagla a bheith orm roimhe.’
Dá nochtfadh sé anois, an damhán alla,
d’fhéadfaimis ár gcuid móideanna a thabhairt arís:
Gan cur isteach ar a chéile go deo
ár gconair féin a leanúint
scéalta a fhí, neamhspleách ar a chéile.

Creathán sa líon folamh.
An bhfuil sé chugainn? An damhán alla? As an bhfolús?
Níl, níl ann ach feoithne
séideán as ball éigin

Nó an aigne, díreach, gluaiseacht
shíodúil na haigne

Empty Cobweb

“Do not spend time writing poems or essays on Zen . . .”
Nyogen Senzaki

A long time now since I have seen a spider
but time, too, has been such a long while away:
What is spider-time?
Does spider think,
‘A long time now since that bloke appeared
the scribbler who notices me
the one I needn’t fear.’
If only he would show up now, spider,
we could renew our vows –
never to interfere with each other
go our own way
weave our tales, independently.

The empty cobweb flutters.
Is he coming? Spider? From nowhere?
No, it’s only a breeze
a draught from somewhere

Or the mind, simply, silky
movement of mind

2015-02-20

Es fiel ein Reif in der Frühlingsnacht /Bhí Sioc a Thit

File: Heinrich Heine
(Bunaithe ar Amhrán de chuid na nDaoine)
Es fiel ein Reif in der Frühlingsnacht,
Es fiel auf die zarten Blaublümelein:
Sie sind verwelket, verdorrt.

Ein Jüngling hatte ein Mädchen lieb;
Sie flohen heimlich von Hause fort,
Es wußt' weder Vater noch Mutter.

Sie sind gewandert hin und her,
Sie haben gehabt weder Glück noch Stern,
Sie sind verdorben, gestorben.

Bhí Sioc A Thit

Bhí sioc a thit is an tEarrach ann
Do thit mo léir ar an mbláithín gorm:
Do chrom an bláithín, is dhreoigh.

Ógánach thit i ngrá le bé
Is chuaigh faoi rún i bhfad i gcéin,
I ngan fhios don athair is máthair.

Ar fán a chuadar thuaidh is theas
Ach ‘Mhuire is trua, bhí an mí-ádh leo
San úir atá siad, [táid] caillte.

Trí Fhocal ó Nyogen

Trí Fhocal ó Nyogen


Míníodh an scéal iomlán dom
i dtrí fhocal mar a leanas
-anicca
-dukkha
-anatta
nach aoibhinn iad!
cad is ea iad? cad deir siad?
b’fhéidir nach bhfuil iontu ach siollaí gan bhrí
glaoch ar lachain
nó ar mhuca
tagaigí! ithigí!
-anicca
-dukkha
-anatta
slog an méid sin!
ith na focail sin
cogain go maith iad anicca dukka anatta
-anicca
d’aigne
is do cholainn
cad mar gheall orthu?
neamhbhuan
is an domhan ina mairid
neamhbhuan
sin is anicca ann mar sin
’bhfuil tú liom?
níl?
níl mar an aigne, an cholainn, an domhan
samhlaímid buaine leo
seasmhacht
agus sin is dukkha ann
an fhulaingt sin, an crá
mar bíonn leá chúr na habhann
ar gach aon ní an t-am go léir
gach aon ní ag imeacht le sruth

is mura bhfuil greim againn
ar an aigne
ar an gcolainn
ar an domhan – is níl –
níl greim againn ar aon ní
agus tugann sé sin sinn
go dtí anatta
cé thú mar sin?
anatta
cé thú sa chíor thuathail seo go léir
an neamhbhuaine seo
anatta
aimsigh an sruth
gan tús
gan deireadh …
múch an teilifís
féach ar bhróigíní beaga do ghariníne
nach bhfuil siad an-chiúin
1 a.m.
An Leathsféar Thuaidh

Three Words from Nyogen


The whole business was explained to me
in the following three words
-anicca
-dukkha
-anatta
how wonderful
what are they? what do they say
maybe they're nothing but meaningless syllables
a call to ducks
to pigs
come! eat!
swallow those words . . .
consume anicca dukkha anatta
chew them well
- anicca
the mind
and the body
yes, what about them?
impermanent
and the world in which they live
impermanent
that is anicca
are you with me?
no, because we imagine
the mind, the body, the world to be permanent
solid
and this is dukkha
this suffering
this misery
for all things dissolve
as foam on the river
and are swept away
and if we have no hold
on the mind
or the body
or the world -
and we don't -
this brings us to anatta
who are you then?
anatta
who are you in this turmoil
this confusion
this impermanence
anatta
find the stream
that has no begininng
no end
turn off the tv
look - the little shoes of your grand-daughter
how very still they are
1 a.m.
the Northern Hemisphere


2015-02-19

Du bist die Ruh/ An Scíth is Tú

File: Friedrich Rückert
Cumadóir: Franz Schubert
Du bist die Ruh,
Der Friede mild,
Die Sehnsucht du
Und was sie stillt.

Ich weihe dir
Voll Lust und Schmerz
Zur Wohnung hier
Mein Aug und Herz.

Kehr ein bei mir,
Und schließe du
Still hinter dir
Die Pforten zu.

Treib andern Schmerz
Aus dieser Brust!
Voll sei dies Herz
Von deiner Lust.

Dies Augenzelt
Von deinem Glanz
Allein erhellt,
O füll es ganz!

An scíth is tú

An scíth is tú
An tsíocháin shéimh,
Is tú an tnúth
Is ina dhéidh.

Is beannaím thú
Le sult is crá
Cuir fút im bhrú,
Im shúil, im lár.

Bí liom, a mhian
Is dún go ciúin
Na geat’ id dhiaidh
Go ciúin, a rún.

Is ruaig ar fán
An uile phian:
Mo chroíse lán
Go barr ded’ mhian.

Altóir mo shúl
Ag lonrú tá
Ód dhrithliú –
Ó, líon go barr!

Eagarthóir Coimisiúnaithe Leabhar

EAGARTHÓIR COIMISIÚNAITHE LEABHAR


LeabhairCOMHAR




Fáiltíonn Bord Stiúrtha COMHAR Teo. roimh iarratais don chúram seo ó Aibreán 2015 go Márta 2016 (i dtosach)

Rinneadh athnuachan ar inphrionta leabhar na cuideachta, LeabhairCOMHAR, sa bhliain 2010.



Duine freagrach, fuinniúil, beoga, seifteach atáthar a iarraidh. Tá pacáiste eolais ar fáil ó: www.leabhaircomhar.com nó comhar.leabhair@gmail.com



Cuirtear litir iarratais, mar aon le CV, agus ráiteas físe an iarrthóra don inphrionta leabhar, chuig an seoladh ríomhphoist thuas roimh Luan 2 Márta 2015.  Beidh agallaimh ar bun Luan 23 Márta 2015. 


Gabhann COMHAR & LeabhairCOMHAR buíochas le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon

You are the forest/Is Tú an fhoraois

Le Akka Mahadevi (12ú Aois)

Is Tú an fhoraois


is Tú na crainn mhóra go léir
san fhoraois

is Tú an t-éan is an t-ainmhí
isteach is amach ag súgradh
i measc na gcrann

a Thiarna atá chomh geal le seasmain
a líonann cách - atá líonta ag cách

cén fáth
nach nochtfá dhom Do ghnúis?


You are the forest


you are all the great trees
in the forest

you are bird and beast
playing in and out
of all the trees

O lord white as jasmine
filling and filled by all

why don't you
show me your face?


English version by A. K. Ramanujan

2015-02-18

Mein Mädel hat einen Rosenmund / Mar Rós atá a Béilín Mín

Volkslied/ Amhrán de chuid na ndaoine
Mein Mädel hat einen Rosenmund,
Und wer ihn küßt, der wird gesund;
O du! o du! o du!
O du schwarzbraunes Mägdelein,
Du la la la la!
Du läßt mir keine Ruh!

Die Wangen sind wie Morgenröt
Wie sie steht überm Winterschnee.
O du, o du, o du!
O du, schwarzbraunes Mägdelein,
Du la la la la la!
Du läßt mir keine Ruh!

Dein’ Augen sind wie die Nacht so schwarz,
Wenn nur zwei Sternlein funkeln drin;
O du! o du! o du!
O du schwarzbraunes Mägdelein,
Du la la la la!
Du läßt mir keine Ruh!

Du Mädel bist wie der Himmel gut,
Wenn er über uns blau sich wölben tut;
O du! o du! o du!
O du schwarzbraunes Mägdelein,
Du la la la la!
Du läßt mir keine Ruh!

Mar Rós atá a Béilín Mín

Mar rós atá a béilín mín
Tabhair póigín di má tá tú tinn
Is tú is tú is tú
Is tú, is tú mo chailín donn
Seinn lá lá lá lá
Táim ciaptha lán de bhuairt!

A leiceann tá mar dheargnéal
Is sneachta geal ar bharr an tsléi’.
Is tú is tú is tú
Is tú, is tú mo chailín donn
Seinn lá lá lá lá
Táim ciaptha lán de bhuairt!

Mar oíche dhorcha atá do shúil’
Is gan ach réalt nó dhó ‘lonrú
Is tú is tú is tú
Is tú, is tú mo chailín donn
Seinn lá lá lá lá
Táim ciaptha lán de bhuairt!

A spéirbhean án ó neamh anuas
An spéir ’na cuar geal gorm chugainn
Is tú is tú is tú
Is tú, is tú mo chailín donn
Seinn lá lá lá lá
Táim ciaptha lán de bhuairt!

Paidir de chuid na Sioux

A Sioux Prayer

Translated by Chief Yellow Lark - 1887

Oh, Great Spirit, whose voice I hear in the winds
Whose breath gives life to the world, hear me
I come to you as one of your many children
I am small and weak
I need your strength and wisdom

May I walk in beauty
Make my eyes ever behold the red and purple sunset.
Make my hands respect the things you have made
And my ears sharp to your voice.
Make me wise so that I may know the things you have taught your children

The lessons you have written in every leaf and rock

Make me strong--------!

Not to be superior to my brothers, but to fight my greatest enemy....myself

Make me ever ready to come to you with straight eyes,
So that when life fades as the fading sunset,
May my spirit come to you without shame.

Paidir de chuid na Sioux

An Taoiseach Fuiseog Bhuí a d'aistrigh - 1887

Ó, a Mhórspioraid, a gcloisim do ghuth ar an ngaoth
A dtugann d'anáil beatha don domhan, éist liom
Tagaim chugat mar bhall ded chlann líonmhar
Nach mé atá beag agus lag
Tá do neart uaim is do ghaois.

Go siúla mé faoin áilleacht
Go bhféacha mo shúile de shíor ar luí na gréine, dearg, corcra,
Go raibh meas ag mo lámha ar gach a ndearna tú
Go raibh mo chluasa ar bior ag éisteacht led ghuth.
Bronn orm an ghaois chun go dtuigfidh mé do chuid ráiteas

Na ceachtanna atá scríofa agat ar gach duilleog is carraig

Neartaigh mé - !

Ní chun mo dheartháireacha a shárú ach an namhaid is mó atá agam a chloí ... mé féin.

Go raibh mé ullamh i gcónaí chun teacht os do chomhair le súile macánta
I dtreo is go ngluaisfeadh mo spioradsa chugat gan náire
Is an bheatha ag éag mar luí na gréine ag dul ó léas.

2015-02-17

Love's old sweet song/ Seanamhráinín Grá

File: G. Clifton Bingham
Cumadóir: J.L. Molloy
Once in the dear dead days beyond recall.
When on the world the mists began to fall,
Out of the dreams that rose in happy throng
Low to our hearts love sang an old sweet song
And in the dusk where fell the firelight gleam
Softly it wove itself into our dream

Just a song at twilight
When the lights are low,
And the flickering shadows
Softly come and go
Though the heart be weary,
Sad the day and long,
Still to us at twilight comes love's old song
Comes love's old sweet song.

Even today we hear love's song of yore
Deep in our hearts it dwells forever more
Footsteps may falter, weary grows our way
Still we can hear it at the close of day
So till the end when life's dim shadows fall
Love will be found the sweetest song of all.

Just a song at twilight
When the lights are low,
And the flickering shadows
Softly come and go

Though the heart be weary,
Sad the day and long,
Still to us at twilight comes love's old song
Comes love's old sweet song.

Seanamhráinín Grá

Tráth in sna laethanta úd atá gan fáil
Nuair do thit an ceo ar an domhan ina scáil
As saol na n-aislingí uair, uair amháin, Chualamar os íseal an seanamhrán
Agus sa chróntráth fadó ó fadó
Bhí an t-amhrán sin mar chuid dár mbrionglóid.

Amhráinín tráthnóna is an domhan faoi scáil,
Is na scátha’ ag preabadh,
'léim abhus is thall,
Tá an croí go tnáite is is fada an lá
Fós sa chróntráth tagann
amhráinín grá
Sean-amhráinín grá.
br/> Fós ’dtí inniu is clos an seanamhrán
Sa chroí istigh a mhaireann sé faoi bhláth,
Lag í an choiscéim, is tuirsiúil é an ród
Ach cloistear fós é, mar a bhí fadó.
Go dtí an chríoch – nuair nach mbeidh ann ach ceo –
Mairfidh an grá is mairfidh sé go deo.

Amhráinín tráthnóna is an domhan faoi scáil,
Is na scátha’ ag preabadh,
’ léim abhus is thall,
Tá an croí go tnáite is is fada an lá
Fós sa chróntráth tagann amhráinín grá
Sean-amhráinín grá.