“Ní rabhas in aghaidh an chumannachais, ach ní fhéadfainn a rá go rabhas ar a shon ach an oiread. Bhí amhras orm ina thaobh ar dtús, rud éigin a bhí caite le chéile ag an bhfear geal ab ea é, mheasas, go dtí gur léas saothar le réabhlóidithe Afracacha ... thuig réabhlóidithe na hAfraice nár bhain ceist na fuascailte san Afraic le ceist an chine amháin; fiú dá n-éireodh leo fáil réidh leis na coilínigh gheala,mura bhfaighfí réidh leis an struchtúr eacnamaíoch caipitlíoch, bheadh an t-iarchoilíneach Gorm ann in áit na gcoilíneach geal. Ní raibh gluaiseacht fuascailte ar bith san Afraic nach ag troid ar son an tsóisialachais a bhí sí. Go deimhin, ní raibh oiread is gluaiseacht fuascailte amháin ar domhan a bhí ag troid ar son an chaipitleachais. Bhí an rud ar fad an-simplí: rud ar bith a bhfuil luach ar bith ag baint leis, is iad an lucht oibre a dhéanann é, a thochlaíonn faoin talamh é, a fhásann é, a tháirgeann é, a phróiseálann agus a chuireann le chéile é. Cén fáth mar sin nach leis an lucht oibre i gcoitinne an saibhreas sin? Cén fáth nach rialaíonn an lucht oibre na hacmhainní sin ar leo iad? Is é is brí le caipitleachas ná gur leis an rachmasóir, an fear gnó an saibhreas sin agus ciallaíonn an sóisialachas gur leis an dream a chruthaíonn é an saibhreas .”
Assata Shakur, Assata: An Autobiography