Tá filí réabhlóideacha agus filí frithréabhlóideacha ann, filí a chreid sa réabhlóid le linn a n-óige agus a chaill spéis inti de réir a chéile, nó a tháinig ar a mhalairt d’fhealsúnacht, nó ar shúigh an bhunaíocht is institiúidí an stáit isteach iad; agus ansin tá corrfhile ann (mé féin ina measc) nár chuir suim cheart sa pholaitíocht riamh ná, go deimhin, i gcúrsaí réabhlóideacha, go dtí go rabhadar cnagaosta, nach mór.
An éiríonn daoine níos coimeádaí le haois? Is dócha go n-éiríonn ceart go leor. Ach braitheann sé sin ar chúinsí áirithe. D’fhéadfadh cúiseanna a bheith ag an bhfile meánaosta éirí amach in aghaidh an chórais seachas socrú síos agus garraíodóireacht nó galf a chleachtadh agus é ar pinsean.
Duine a chreid sa réabhlóid i dtús a shaoil ab ea an scríbhneoir Cúbach Reinaldo Arenas (1943-1990) agus tá a rogha dánta á léamh agam i láthair na huaire, Autoepitaph (University Press of Florida), na dánta leis aistrithe ón Spáinnis ag Kelly Washbourne. Mar is eol dúinn, tá Miami agus áiteanna go leor eile in Florida lán d’Iar-Chúbaigh agus bheifeá ag súil go mbeadh bolscaireacht frith-Chastro sa leabhar seo agus, ar shlí, tá leis; ach ní bolscaireacht bhaoth í.
Is cuma liom cén dearcadh atá agat ar an réabhlóid a tharla i gCúba sa bhliain 1959 – agus tríd is tríd táimse níos báúla leis na réabhlóidithe ná leis an dream a chaitheadar amach ar mhullach a gcinn – chaithfeá meas a bheith agat ar Reinaldo Arenas. Chaithfeá an-trua a bheith agat dó chomh maith. (Soiléireofar sin ar ball).
File paiseanta neamhurramach ab ea Arenas a dúirt:
Is teist an-mhaith é sin ar fhile, dar liom. An bhfuil seánra liteartha á chleachtadh aige (é ag scríobh dá chiorcal féin de chomhfhilí, do lucht criticis agus do lucht ollscoile) nó an bhfuil sé ag freastal ar riachtanas paiseanta inmheánach éigin a chuireann iachall air a racht a ligean, a iomann a radadh chun na spéartha, a osna a bhreacadh síos ar phár, beag beann ar chách?
An tsaoirse an bhé a bhí ag Arenas agus is breá mar a mholann sé í. In aiste leis deir sé nach ann don chruthaitheacht in éagmais na saoirse. Dar leis gur agóid atá sa saothar ealaíne, gníomh réabhlóideach.
Is maith liom go mór an chaint seo aige:
I bhfocail eile,
Chuirfeadh sé sin ag machnamh thú ceart go leor. Chuirfeadh mar is léir go raibh an-mhachnamh déanta ag Arenas ar na cúrsaí sin – agus cúis aige, gan amhras. ’Coinsias rúnda, anam an phobail, atá san fhilíocht’ ar sé, (. . .‘la secreta conciencia, el alma del pueblo’). Tá práinn, tá riachtanas sna briathra sin, agus fís, agus chaithfeá fiafraí díot féin an bhfuil na cáilíochtaí sin san fhilíocht atá á cumadh in Éirinn ár linne – práinn, riachtanas, fís? Abair! An bhfuil?
Sa Bhrollach atá leis an leabhar seo, meabhraíonn Camelly Cruz-Martes dúinn go bhfuil traidisiún liteartha acu i Meiriceá Laidineach a dhéanann comóradh ar dhreamanna atá imeallaithe agus go dtéann an nós breá sin siar go dtí aimsir an Choncais. Is minic nach dtugann scríbhneoirí Béarla na hÉireann aird ar bith ar an gConcas a tharla anseo, per se, (agus in áiteanna eile) mar dá dtabharfadh, thuigfí dóibh gur i dteanga na n-ionróirí atá siad ag scríobh agus gur i sochaí iarchoilíneach atá cónaí orthu. Cuid acu, ligeann siad orthu nár tharla Concas ar bith agus leanann orthu ag scríobh i mBéarla agus iad i dtiúin an t-am ar fad lena bhfuil á scríobh agus á rá thall i sean-Sasana. Bíodh acu.
Seasann Arenas leis an té a ndéantar cos ar bolg air, an príosúnach, an Giúdach, an duine gorm, an t-intleachtach, an t-agóidí, an té a chuirtear thar loch amach, an té a lámhachtar.
Tógadh ina bhochtán é agus an deachtóir Fulgencio Batista i gcumhacht. Thréig an t-athair an teaghlach. Ní raibh sé ach ceithre bliana déag d’aois nuair a thosaigh sé ag troid i dteannta na réabhlóidithe. Tháinig borradh an éin gé faoi agus chuaigh ag obair mar bhainisteoir ar fheirm sicíní!
Ina dhiaidh sin, dhein sé staidéar ar an bhfealsúnacht agus ar an litríocht agus faoin am sin bhí an réabhlóid faoi lán seoil agus gach éinne ag déanamh staidéir ar an Marxachas. Is gearr go raibh a ainm in airde mar scríbhneoir. Ach bhí an saol an-dian air. In agallamh leis a léas sa New Yorker, mhaígh sé nach raibh éinne á léamh, seachas na póilíní. Chuir na póilíní an-spéis ina chuid lámhscríbhinní! Ach níorbh in an chuid ba mheasa den scéal. (Is cuimhin liom fadó i gClub an Chonartha a bheith sáite i gcomhrá le Garda i ngnáthéadaí a raibh an-spéis aige in INNTI!)
Idir an dá linn, i gCúba: sa bhliain 1965 chuir an rialtas campaí ar bun chun an fhearúlacht a mhúineadh do phiteoga agus chun an homaighnéasachas a leigheas, Dia idir sinn agus an áiféis! Duine aerach ab ea Arenas. Cuireadh ina leith go raibh sé ag cur isteach ar bheirt bhuachaillí ar an trá agus sa bhliain 1974 cuireadh i bpríosún é. Deirtear nach é sin a chuir isteach ar na húdaráis chomh mór sin ach go raibh sé tar éis úrscéal a fhoilsiú thar lear. Nuair a tháinig sé os comhair na cúirte, shéan na buachaillí go raibh caidreamh mígheanasach aige leo.
Thréig a chairde is a chomhscríbhneoirí é. An dtarlódh a leithéid inniu? In Éirinn? I gCúba? Tá a fhios againn go léir an freagra atá ar an gceist sin.
Bhí míshuaimhneas i measc phobal an oileáin agus géarchéim eacnamaíoch ann. Ligeadh ‘dríodar’ Chúba amach, tugadh cead a gcos dóibh agus faoin 29 Meán Fómhair, 1980, bhí breis is 124, 000 tar éis na cosa a thabhairt leo, Arenas ina measc; trí bhotún cléireachais a tharla sé sin agus deirtear go raibh Castro ar buile faoi.
Arenas bocht, mo léir, i liombó a bhí sé agus má throid sé ar son chearta a mhuintire, muintir an oileáin a bhí fágtha ina dhiaidh aige agus a chomh-Chúbaigh sna Stáit Aontaithe araon, throid sé in aghaidh a chomhdheoraithe frith-Chastro chomh maith céanna, go háirithe an chuid ba choimeádaí ina measc ar an eite dheis.
Bhraith sé ina thaibhse i Meiriceá. Ní ansin a bhí a chuid fréamhacha, ar ndóigh. Bhraith sé uaidh a thír dhúchais ach ní raibh i ndán dó filleadh ar Chúba go deo. Nuair a bhog sé go Nua-Eabhrac, áfach, ar a laghad ar bith d’aithin sé nach leis féin ar fad a bhí sé agus go raibh taibhsí eile ar an saol seo, anamacha ar fán. Ach ghoill ábharachas Mheiriceá air.
Sa bhliain 1987 dúradh leis go raibh SEIF air agus trí bliana ina dhiaidh sin chuir sé lámh ina bhás féin, in Hell’s Kitchen, Nua-Eabhrac, é beo bocht, gan árachas sláinte aige fiú amháin. Ar shlí, bhí sé caillte i bhfad roimhe sin:
Níor fhreastail ach dornán beag daoine ar an tseirbhís chuimhneacháin dó. Bhí sé níos faiseanta i measc intleachtaigh agus ealaíontóirí Nua-Eabhrac a bheith ar son réabhlóid Chúba ná ina coinne. Arenas, bhí sé in aghaidh gach aon saghas dogma, dogma lucht polaitíochta, dogma lucht creidimh. Fear ann féin ab ea é.
Cad is brí le teideal an leabhair seo, Autoepitaph? Arenas agus é ina reibiliúnach go héag: scríobhfadsa m’fheartlaoi féin!

‘Y no debe hacerse de la poesía un género, sino sencillamente una necesidad literaria’
‘Agus na déantar seánra den fhilíocht, ach díreach riachtanas liteartha.’
Is teist an-mhaith é sin ar fhile, dar liom. An bhfuil seánra liteartha á chleachtadh aige (é ag scríobh dá chiorcal féin de chomhfhilí, do lucht criticis agus do lucht ollscoile) nó an bhfuil sé ag freastal ar riachtanas paiseanta inmheánach éigin a chuireann iachall air a racht a ligean, a iomann a radadh chun na spéartha, a osna a bhreacadh síos ar phár, beag beann ar chách?
An tsaoirse an bhé a bhí ag Arenas agus is breá mar a mholann sé í. In aiste leis deir sé nach ann don chruthaitheacht in éagmais na saoirse. Dar leis gur agóid atá sa saothar ealaíne, gníomh réabhlóideach.
‘La libertad es tan necesaria para el artista como el aire o el tiempo…’
‘Tá an tsaoirse chomh riachtanach don ealaíontóir is atá an t-aer nó an t-am.’
Is maith liom go mór an chaint seo aige:
‘Porque todo arte es ante todo la más alta manifestación de libertad y la libertad no es un don del cielo sino un derecho que se gana a través de la acción’,
I bhfocail eile,
‘Mar thar aon ní eile is é atá sna healaíona go léir an léiriú is airde ar an tsaoirse agus ní bronntanas ó neamh atá sa tsaoirse ach ceart a shaothraítear is a thuilltear le gníomh.’
Chuirfeadh sé sin ag machnamh thú ceart go leor. Chuirfeadh mar is léir go raibh an-mhachnamh déanta ag Arenas ar na cúrsaí sin – agus cúis aige, gan amhras. ’Coinsias rúnda, anam an phobail, atá san fhilíocht’ ar sé, (. . .‘la secreta conciencia, el alma del pueblo’). Tá práinn, tá riachtanas sna briathra sin, agus fís, agus chaithfeá fiafraí díot féin an bhfuil na cáilíochtaí sin san fhilíocht atá á cumadh in Éirinn ár linne – práinn, riachtanas, fís? Abair! An bhfuil?
Sa Bhrollach atá leis an leabhar seo, meabhraíonn Camelly Cruz-Martes dúinn go bhfuil traidisiún liteartha acu i Meiriceá Laidineach a dhéanann comóradh ar dhreamanna atá imeallaithe agus go dtéann an nós breá sin siar go dtí aimsir an Choncais. Is minic nach dtugann scríbhneoirí Béarla na hÉireann aird ar bith ar an gConcas a tharla anseo, per se, (agus in áiteanna eile) mar dá dtabharfadh, thuigfí dóibh gur i dteanga na n-ionróirí atá siad ag scríobh agus gur i sochaí iarchoilíneach atá cónaí orthu. Cuid acu, ligeann siad orthu nár tharla Concas ar bith agus leanann orthu ag scríobh i mBéarla agus iad i dtiúin an t-am ar fad lena bhfuil á scríobh agus á rá thall i sean-Sasana. Bíodh acu.
Seasann Arenas leis an té a ndéantar cos ar bolg air, an príosúnach, an Giúdach, an duine gorm, an t-intleachtach, an t-agóidí, an té a chuirtear thar loch amach, an té a lámhachtar.
Tógadh ina bhochtán é agus an deachtóir Fulgencio Batista i gcumhacht. Thréig an t-athair an teaghlach. Ní raibh sé ach ceithre bliana déag d’aois nuair a thosaigh sé ag troid i dteannta na réabhlóidithe. Tháinig borradh an éin gé faoi agus chuaigh ag obair mar bhainisteoir ar fheirm sicíní!
Ina dhiaidh sin, dhein sé staidéar ar an bhfealsúnacht agus ar an litríocht agus faoin am sin bhí an réabhlóid faoi lán seoil agus gach éinne ag déanamh staidéir ar an Marxachas. Is gearr go raibh a ainm in airde mar scríbhneoir. Ach bhí an saol an-dian air. In agallamh leis a léas sa New Yorker, mhaígh sé nach raibh éinne á léamh, seachas na póilíní. Chuir na póilíní an-spéis ina chuid lámhscríbhinní! Ach níorbh in an chuid ba mheasa den scéal. (Is cuimhin liom fadó i gClub an Chonartha a bheith sáite i gcomhrá le Garda i ngnáthéadaí a raibh an-spéis aige in INNTI!)
Idir an dá linn, i gCúba: sa bhliain 1965 chuir an rialtas campaí ar bun chun an fhearúlacht a mhúineadh do phiteoga agus chun an homaighnéasachas a leigheas, Dia idir sinn agus an áiféis! Duine aerach ab ea Arenas. Cuireadh ina leith go raibh sé ag cur isteach ar bheirt bhuachaillí ar an trá agus sa bhliain 1974 cuireadh i bpríosún é. Deirtear nach é sin a chuir isteach ar na húdaráis chomh mór sin ach go raibh sé tar éis úrscéal a fhoilsiú thar lear. Nuair a tháinig sé os comhair na cúirte, shéan na buachaillí go raibh caidreamh mígheanasach aige leo.
Thréig a chairde is a chomhscríbhneoirí é. An dtarlódh a leithéid inniu? In Éirinn? I gCúba? Tá a fhios againn go léir an freagra atá ar an gceist sin.
Bhí míshuaimhneas i measc phobal an oileáin agus géarchéim eacnamaíoch ann. Ligeadh ‘dríodar’ Chúba amach, tugadh cead a gcos dóibh agus faoin 29 Meán Fómhair, 1980, bhí breis is 124, 000 tar éis na cosa a thabhairt leo, Arenas ina measc; trí bhotún cléireachais a tharla sé sin agus deirtear go raibh Castro ar buile faoi.
Arenas bocht, mo léir, i liombó a bhí sé agus má throid sé ar son chearta a mhuintire, muintir an oileáin a bhí fágtha ina dhiaidh aige agus a chomh-Chúbaigh sna Stáit Aontaithe araon, throid sé in aghaidh a chomhdheoraithe frith-Chastro chomh maith céanna, go háirithe an chuid ba choimeádaí ina measc ar an eite dheis.
Bhraith sé ina thaibhse i Meiriceá. Ní ansin a bhí a chuid fréamhacha, ar ndóigh. Bhraith sé uaidh a thír dhúchais ach ní raibh i ndán dó filleadh ar Chúba go deo. Nuair a bhog sé go Nua-Eabhrac, áfach, ar a laghad ar bith d’aithin sé nach leis féin ar fad a bhí sé agus go raibh taibhsí eile ar an saol seo, anamacha ar fán. Ach ghoill ábharachas Mheiriceá air.
Sa bhliain 1987 dúradh leis go raibh SEIF air agus trí bliana ina dhiaidh sin chuir sé lámh ina bhás féin, in Hell’s Kitchen, Nua-Eabhrac, é beo bocht, gan árachas sláinte aige fiú amháin. Ar shlí, bhí sé caillte i bhfad roimhe sin:
Yo grito que he muerto.
Yo estoy muerto.
Yo estoy muerto.
Scairtim amach go bhfuilim marbh.
Táim marbh.