Íomhá Mark Granier |
faoileáin, colúir ag eitilt i measc réaltaí bréige - an Nollaig |
gulls, pigeons flying among artificial stars - Christmas |
Íomhá Mark Granier |
faoileáin, colúir ag eitilt i measc réaltaí bréige - an Nollaig |
gulls, pigeons flying among artificial stars - Christmas |
Bhí fhios agam nach raibh ann ach crann (do Ko Un) Bhí fhios agam nach raibh ann ach crann ach claochlaíodh le soilse é le maisiúcháin le sneachta bréige agus i dtús an 21ú haois thugamar ómós de shaghas éigin dó Is gearr go mbeidh orainn é a chaitheamh amach is é a thabhairt d'inneall athchúrsála thuas ansin ar Chnoc Chill Iníon Léinín is béicfidh sé mar a bhéic anuraidh is an bhliain roimhe sin - an spíonlach - cad is ea é? Cad is ea sinne? |
I knew it was only a tree (for Ko Un) I knew it was only a tree but it had been transformed by lights and decorations artificial snow and now, early in the 21st century we pay it obeisance, of sorts We'll have to throw it out soon and give it to the recycling machine up above on Killiney Hill and it will scream like it screamed last year and the year before - the needles - what are they? What are we? |
Íomhá Ron Rosenstock. |
fothraigh ... níl an ghrian in ann iad a théamh |
ruins . . . the sun cannot warm them |
al llegar besé las cinco heridas de Irlanda |
upon arriving I kissed the five wounds of Ireland |
ar theacht i dtír dom phógas cúig ghoin Éireann |
la hierba comenzó a reírse verde de gusto |
the grass began to laugh green out of joy |
chrom an féar ar gháire soilbhir glas |
el viento al mismo tiempo me tomó de la mano |
the wind at the same time took me by the hand |
gan smaoineamh rug an ghaoth ar lámh liom |
mis pies como dos serpientes bendijeron la tierra |
my feet like two serpents blessed the Earth |
mo dhá chos mar dhá nathair bheannaíodar an Domhan |
Íomhá Ron Rosenstock |
Bearnas Dochula - do gach neach mothaitheach an chamhaoir |
Dochula Pass - morning breaks for all sentient beings |
Íomhá Ron Rosenstock |
faic as an ngnáth - ceo ag éirí i nGleann Phobjikha |
nothing unusual - mist rising in Phobjikha Valley |
Íomhá Uryah |
Duilleoga Tite
An bhféadfadh sé a bheith ceart
Go satlófaí
Ar dhuilleoga glioscarnacha
Mar iad
Is go ndéanfaí dusta díobh?
Íomhá Scott Robinson |
awakened ice bursts the water jar |
dúisithe ag oighear an próca uisce scoilte aige |
Íomhá Ron Rosenstock. |
Paro Taktsang - titeann bláthanna as na flaithis imíonn as radharc |
Paro Taktsang - flowers fall from the heavens and disappear |
(c) Gary Halvorson, Oregon State Archives |
Tostanna Gorma Néalta ag gluaiseacht na huiscí gorma glé anonn á tharraingt i gcéin amach as an saol amach as féin i gcéin isteach sna tostanna gorma tostanna a shíneann thar thostanna níos goirme fós go dtí an pointe briste lasair ghorm a anama ag rince san uisce sa spéir | Blue Silences Clouds moving across clear blue waters drawing him away out of this world out of himself away into blue silences silences stretching over silences bluer still stretching to breaking point his spirit's blue flame dancing in the waters in the sky |
Journeying god, pitch your tent with mine so that I may not become deterred by hardship, strangeness, doubt. Show me the movement I must make toward a wealth not dependent on possessions, toward a wisdom not based on books, toward a strength not bolstered by might, toward a god not confined to heaven. Help me to find myself as I walk in other's shoes. |
A dhia an róid, suigh do phuball taobh lem cheannsa, chun nach gcoiscfidh cruatan, coimhthíos ná amhras mé. Léirigh dom an tslí chun an tsaibhris sin nach bhfuil ag brath ar mhaoin, i dtreo na gaoise sin nach bhfuil bunaithe ar leabhair, i dtreo an nirt sin nach cumhacht is bun leis, i dtreo dé, dia nach bhfuil coinnithe ar neamh. Cabhraigh liom teacht orm féin i mbróga daoine eile. |
M. Augustin and G. Kunert exchanging ideas M.Augustin is G. Kunert ag malartú smaointe |
The Final Darkness for a long time the sasquatch stares at the dying sun then hurries back to the woods all night he wonders is this it the final darkness |
An Dorchadas Deiridh ar feadh tamaill fhada stánann an sasquatch ar an ngrian ag éag is brostaíonn ansin ar ais chun na coille is é ag déanamh iontais ar feadh na hoíche an é seo é an dorchadas deiridh |
Aistríodh na haikú seo do iris a bhí ag comóradh saothar Allen Ginsberg Howl.
| ||||||||||||||||||||
|
Stánann fuinneoga(Fuinneoga an Pháláis)
Phálás an Easpaig
Ar phobal an bhaile
Súile gan fabhraí
Ag lorg lochta
Ag lorg laigeachta
Assumpta, a Chara,
Tá an scoil sroichte agam agus mo chuid oibre
Tosaithe leis na páistí tréigthe seo, gan i ndán dóibh
Ach fulaingt as peacaí náireacha a máithreacha….
Go dtuga Dia lámha láidre dom.
Beannachtaí Dé ort.
Luíonn brat deannaigh
Ar dhromchla an chlóscríobháin,
Méarchlár meirgeach
Sa seanchló gaelach
Le heochracha marbha
Don séimhiú, don síneadh fada –
Cnagadh ciúnaithe.
na lachain síneann siad a muineál ag súil go bhfeicfidís an domhan
Kōji
|
titeann caiméilia is doirtear báisteach an lae inné
Buson
|
ar a ghogaide staidéar á dhéanamh aige ar néalta – frog
Chiyo-jo
|
Oíche gheimhridh … níl le clos ach buataisí ag díoscán
Mate Ante Ivandić
|
Lá Fhéile Bríde sneachta ag titim ó ghéag go géag
Virginia Brady Young
|
piorra á ghearradh braonta milse ag sileadh ón scian
Shiki
|
Íomhá Ron Rosenstock |
maidin ghlas - lilí ina chéile go tláith |
chilly morning - lilies gently in each other |
Íomhá Ron Rosenstock |
osna na hoíche is í ag géilleadh do cheo na maidine |
with a sigh night gives way to morning mist |
Íomhá Ron Rosenstock |
fál claí tagaid anseo chun damhsa a dhéanamh - Neacha Eile |
rock enclosure they come here to dance - the Other Ones |
Íomhá: Ron Rosenstock |
Reilig i bPrág monabhar na gcrann i nGiúdais |
a cemetry in Prague trees mumbling in Yiddish |
Íomhá Ron Rosenstock |
an ghaoth ina tost - cailleadh teanga anseo |
the wind hushed - a language died here |
Íomhá Ron Rosenstock |
cráitéar néal meallta ag a chéile |
crater cloud drawn to one another |
I bhfáinní atá ag leathnú amach a mhairim ag leathnú ar fud na cruinne. D'fhéadfadh nach gcríochnóinnse an ciorcal áirithe seo ach tugaimse mé féin dó. Timpeall ar Dhia i bhfáinne mé, an túr príomhordúil, is mar sin a bhíos riamh anall agus n'fheadarsa fós: an fabhcún mé, anfa nó móramhrán |
Ich lebe mein Leben in wachsenden Ringen, die sich über die Dinge ziehn. Ich werde den letzten vielleicht nicht vollbringen, aber versuchen will ich ihn. Ich kreise um Gott, um den uralten Turm, und ich kreise jahrtausendelang; und ich weiß noch nicht: bin ich ein Falke, ein Sturm oder ein großer Gesang. |
I live my life in widening circles that reach out across the world. I may not complete this last one but I give myself to it. I circle around God, around the primordial tower. I've been circling for thousands of years and I still don't know: am I a falcon, a storm, or a great song? |
|
Leagan Gaeilge: Gabriel Rosenstock Bunleagan: Rainer Maria Rilke, 20.9.1899, Berlin-Schmargendorf Rilke’s Book of Hours:Love Poems to God, translated by Anita Barrows and Joanna Macy |
SEOLADH LE CÓIR GHAOITHE Lá agus an ghaoth mar ba mhian leat í bheith ní gá don seol ach borradh is líontar an domhan le háilleacht. Lá mar sin is ea an lá inniu. Tá mo shúile ar nós na gréine agus an gheallúint seo uaithi: geallúint na beatha a chomhlíontar i gcónaí gach aon mhaidin. Bronnann an croí beo is an sféar lonrach úd an méid seo orainn: muirníonn siad araon an domhan go tláith. Leoithne í seo a ionsaíonn an t-anam. An grá seo is eol dom féin im chroí istigh: buaileann sé druma. Géaga ag luascadh im thimpeall: cé a d'fhanfadh ann féin os comhair m'áilleachta? Nach éachtach í an tsíocháin! ach is mó an spraoi a bhaineann le damhsa na heacstaise is gan aon scáthán ann: fonn comhluadair ar ár mbeola. Lá agus an ghaoth mar ba mhian leat í bheith ní gá don seol ach borradh is cuirtear tús leis an ngrá. Lá mar sin is ea an lá inniu |
ON A DAY WHEN THE WIND IS PERFECT On a day when the wind is perfect, the sail just needs to open and the world is full of beauty. Today is such a day. My eyes are like the sun that makes promises; the promise of life that it always keeps each morning. The living heart gives to us as does that luminous sphere, both caress the earth with great tenderness. This is a breeze that can enter the soul. This love I know plays a drum. Arms move around me; who can contain their self before my beauty? Peace is wonderful, but ecstatic dance is more fun, and less narcissistic; gregarious He makes our lips. On a day when the wind is perfect, the sail just needs to open and the love starts. Today is such a day. |
~ Rumi ~ (Leagan Béarla: Love Poems From God: Twelve Sacred Voices from the East and West by Daniel Ladinsky) |
Íomhá Ron Rosenstock |
Gleann an Bháis - ag cur thar maoil le seachmaill! |
Death Valley - teeming with illusions! |
". . scothshaothar cruthaitheach a chuimsíonn breis agus scór bliain.
- Anois
Rogha Rosenstock is a sprawling collection of intimate and tortuous vignettes carefully selected by the poet himself . . . he strives to put eyes and tongue into every dumb and inanimate object . . .
- The Irish Times
Tá soiléireacht súiloscailte an ‘See-r’ le feiceáil ar an saothar seo ar fad; é ina dhúiseacht, i dtiúin leis na diamhrachtaí; ina airdeallaí.
These poems display the vision of the ‘see-r’, in tune with the mysteries of the world."
The choice of Come and Go for a Gaelic treatment is an astute and highly successful one (despite its claim, Mouth on Fire’s is not in fact the first production of an Irish version of the play – Beckett gave permission for an Irish Come and Go, translated by Declan Kiberd, which was staged for an inter-varsity drama competition in 1970). The translation here is provided by the distinguished Irish language poet Gabriel Rosenstock who was motivated by the very strong connections he discerns between Beckett’s writing and the Gaelic literary tradition: ‘there’s a sparseness in his writing that reminds me of the beginnings of Irish literature … a texture, terseness and tonality’. Indeed, Rosenstock emphasises the linguistic paucity of Come and Go in his version by eschewing the variety in the women’s responses to the whispered revelations (‘God grant not’, ‘God forbid’, ‘Please God not’); here each woman reacts with ‘Nár lige Dia’ (close to ‘God forbid’).
Duilleoga Tite An bhféadfadh sé a bheith ceart Go satlófaí Ar dhuilleoga glioscarnacha Mar iad Is go ndéanfaí dusta díobh? |
Drúcht na hOíche Nach séimh é, An drúcht a thugann an ceobhrán leis Feictear sa ghealach chruinn é Agus neadaíonn sé i measc na nduilleog, Go dtí go sileann ar pheitil an róis. |
Tinte Fá Shuan Bíonn an luaithreach Cneasta leis an tine. An tAm Tá súil agam Cneasta leis an ngrá. |
Cárta Poist Imíonn cárta poist Chuig ceann scríbe ar bith Bíodh is go n-iompraíonn sé Grá a bhfuil meáchan mór Ann. |
Dorn Is geall le dorn í An fhéachaint sin Id shúil Buaileann tú go tréan Ar an doras Atá in íochtar mo chroí. |
Guth Bíodh is nach gcuirtear Adaimh an aeir Ag imeacht soir siar, An gcloiseann tú mé Ag labhairt leat? |
Amárach An bhfuil ré nua I ndán dúinn go luath Nó an laethanta leamha a bheidh ag teacht I ndiaidh a chéile? Cad a thabharfaidh an lá amárach leis? |
Litir Ghrá “Aithne na teileapaite ar a chéile” Frásaí á scríobh Go híogair Fiú na focail atá mílitrithe agat Is aoibhinn lem chroí iad. |
Saol Saol lonrach na héigse! Is mian leo teacht ar an saol A deir na dánta. Is mian leo a bheith beo A deir na dánta. |
Loiteog Bhán Bláth sa láib! Is tú bláth Na loiteoige báine Ag éirí aníos Im chroí go tréan! |
Cuisle Cóngarach i gcéin! I bhfad ón áit seo Ar an taobh eile den domhan. I bhfad uait, Do chuisle i mo chlos. |
Buairt Is mé ag éisteacht le monabhar na nduilleog Táim buartha fút Is tú san imigéin. Nuair a thiteann an fhearthainn Nuair a shéideann an ghaoth. |
Íomhá Ron Rosenstock. |
Conamara - seo linn! tógaimis Bóthar an tSolais |
Connemara - let's go! let's take the Road of Light |
Íomhá Ron Rosenstock |
taibhreamh na gcaorach móradharcach - tada |
the dream of bighorn sheep - nothing |
我缺乏母性是因为具有太多的母姓 她在哭? 发狂的女人 我真想奔去对她说 别耸起敏感的触须 体味 夜 黑甜的悲凉 你的痛苦来自你 过分认真 看待 过分潦草 看待 世界 自己 哦,风猛撼着窗 明天在对今天诉说我们听不懂的结局 整整一个世纪 要被今夜围困 头脑清醒,脚步迷惘 这不是我一个人的苦闷 这,不是我一个人的苦闷 唉,这样活着 远不如我们 猫类快活 我忍不住 喵呜一声 她旋即转身 目光缓缓刺痛我的背脊 留下女人缝纫的痕迹 夜的黑须 飘啊飘 我在蓬松的白云上面无忧奔跑 晚上好!世界 晚上好 |
Ní raibh dúchas na máthar ionam le stáir. Tá sí ag caoineadh? Gealt mná. Ba chóir dom rith chuici is a rá Nach cóir di bréantas colainne an oíche Dhubh is an t-éadóchas milis A bholú trína féasóga íogaire. Uait féin a thagann an phian: Ródhícheallach ag féachaint Ar an domhan Ort féin Ró-scaoilte ag féachaint air. Baineann an ghaoth cleatar as na fuinneoga. Míníonn an lá amárach rud nach dtuigtear fós don lá inniu. Chuir an oíche anocht Na nithe go léir nach dtuigtear go dtí seo i loc. Tá an aigne ar leathadh. Cé na coiscéimeanna sin? Ní hé mo ghalar dubhachsa amháin é. Ní hé mo ghalar dubhachsa amháin é. Ó bhó go deo! Ní fearr é seo Ná saol na gcat beathaithe Sa deireadh. Meabhlach uaim Do m’ainneoin féin. Casann sí timpeall de phreib Agus tollann a súile mo chnámh droma Agus a rian sin síos suas orm. Siogairlíní dubha na hoíche ag dul i líonmhaire. Rithim le rith mire trí chlúmh na scamall, gan aird. Tráthnóna maith Mo ghuí chun an domhain mhóir! |
Do sholáthar Gabriel aistriúcháin ar shaothar Leonard Cohen don Tionscadal Cohen de chuid IMRAM. Seo thíos ceann acu sin. Do chan na héin ag breacadh an lae "Ba chóir daoibh tabhairt faoi nua-ré! Ná smaoinígí ar an lá inné ná ar a bhfuil i ndán." Á, troidfear cogaí arís 's arís an colmán beidh sí i gcás arís díolfar í arís 's arís is daor é an colm bán. Buail na cloig ag a bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Bhí comharthaí uainn is bhí siad ann an feall sa bhreith an pósadh fann Sea, ba bhaintreach é gach uile rialtas cam - ba léir é do chách Ní thig liom níos mó a bheith leis an slua is boic mhóra, marfóirí, is iad ag guí, monuar! Ach do ghair siad, ghair siad chucu an scamall fuar agus cloisfidh siad m'amhrán: Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Níl in aon chuid den pháirt ach cuid den iomlán d'fhéadfá dul ag máirseáil gan druma ann aimseoidh gach uile chroí mór-rún an ghrá – mar theifeach 's é ar fán. Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. A ligeann solas tríd. A ligeann solas tríd. |
Daoine a bhfuil spéis acu i ndomhan mór an haiku idirnáisiúnta beidh trácht cloiste acu ar an mBulgárach, Petar Tchouhov. Is rac-cheoltóir é chomh maith. Níor bhuaileas riamh le héinne a dúirt liom nach dtaitníonn haiku Tchouhov leo mar sin bheartaíos go mba chóir dom cnuasach dátheangach dá shaothar a chur amach, i nGaeilge agus i mBulgáiris. Bhí sé féin an-sásta leis an bplean agus ligeas dó an clúdach a roghnú. Má thaitníonn na samplaí leat, ceannaigh an leabhar mar bhronntanas Nollag do Bhulgárach éigin! |
нощна буря мисля за куклите на тавана stoirm oíche is mé ag smaoineamh ar na bábóga san áiléar |
свирка на влак луната в локвата се накъдря fead na traenach an ghealach sa lochán ag cuilitheáil |
|
детска играчка до надгробния камък есенен здрач bréagán tréigthe taobh leis an leac thuama clapsholas fómhair |
||
студена сутрин две улични котки в кучешката колибка maidin fhuar dhá chat strae sa chonchró |
задушница отварям черния чадър на баща ми Lá Fhéile na Marbh osclaím scáth fearthainne dubh m’athar |
I m'ochtapas kamikaze tumaimse ionat- cailltear ionat mé! 神風飛行士蛸 君に溺れ 死んでいく |
nach mílítheach atá tú cad a dheineas leat in aon chor? ochtapas-vaimpír! 青ざめて 何したというの 蛸 吸血鬼 |
|
bainim plaic as do leis agus as an leis eile - ochtapas-zombaí! 君の腿を噛み もうひとつをー 蛸ゾンビ |
||
cloisim do ghuthanna de shíor - ochtapas scitsifréineach まだ耳につく 君の声 蛸 統合失調症患者 |
dúisigh, a ghrá, is mé an t-ochtapas - an píobaire! 起きよ 愛しいひと 僕だよ 蛸 バグパイプ吹き |