Tá dóchas linn, thuas ansin sa spéir
Tá réiltín linn ag soilsiú dúinn go glé:
Insan tír go léir féach - is geal an lá!
Cá hionadh sin mar saolaíodh an Bháb.
Tá guí á sheoladh ar muir ’s ar tír
I measc na gcrann, éist! an chogarnaíl:
Níl aon Amhras ann – leagadh é ar lár!
Cá hionadh sin mar saolaíodh an Bháb.
Tá cumhracht rós linn abhus is thall
Ní guagach fód - ach daingean i ngach ball;
Is ní uaigneach sinn! Níl éinne beo ar fán!
Cá hionadh sin mar saolaíodh an Bháb.
Agus tarlaíonn sé sin
Toisc an domhan bheith ag tnúth
Ag tnúth le páiste amháin
Gorm, geal, buí, ní heol dúinn,
Páiste nuair a fhásfaidh suas, iompóidh Sé an gol
Ina gháire,
An fuath ina ghrá, cogadh ina shíocháin,
Is gach neach ina chomharsa ag cách
An dearóile is an fhulaingt dearmadta go brách.
An aisling é? ’Bhfuilimid ar fán?
Fíorófar é, cinnte, in am tráth!
Insan tír go léir - féach, is geal an lá!
Cá hionadh sin mar saolaíodh an Bháb.