2015-12-21

Filíocht na hIndia

CATHAIR

Gulammohammed Sheikh

Ar nós bia lofa
gach bolgam de, ag sleamhnú síos sna hinní.
Searbh is gránna
á leathadh ar fud na bhféitheacha,
ag gliúcaíocht as easnacha.
Mar a bheadh allas ann nó seile
á greamú féin de lámha is de chosa is de theanga.
Boladh caca uaithi,
ag oscailt is ag dúnadh, í ar nós fuinneoige,
i súile is i dtónacha.
Is mé ag faoileáil thart
caithim amach an chathair
ina haiseag ar an gcosán,
is í mo mhún í,
mo ghibris
filíochta.

FUAIMEANNA

Harindra Dave

Is clos dom
mo ghlór piachánach féin
agus monabhar an duilliúir
lasmuigh den fhuinneog.
Caoineadh an phiscín nuabheirthe
a bhaineann preab as an meán oíche
ag imeacht trí bhardaí ospidéil.
Tormán na mbusanna ag dul thar bráid.
Cuirim cluas le héisteacht orm féin.
Ach cá bhfuil glothar an bháis
sa rud seo ar fad –
fuaimníodh é, chualathas é neomat ó shin.

BÁD

Harsh Brahmabhatt

Tumtha bhíos sa bhfarraige
chun mé féin a bhá.
Cé a tháinig is a sháigh
an crann seoil i m’ucht?
Is a scaoil le gaoth
an bhratach bhán?