2024-10-08

Aiséirí / Resurrection

Aiséirí / Resurrection is an anti-war poem, in Irish and English, in response to a painting of the same title by Hermann Stenner who was only 23 when he was killed during the First World War.
 
 
Auferstehung (1914) Hermann Stenner



 Resurrection



Will they rise from the dead
the casualties of all wars;
will armies be cleansed, miraculously,
of their hate, and prejudice?
Will war propaganda be recognised as what it really is -
lie after lie after lie.
If not, and if we plunge into World War III
will newspapers print one last headline:
OOPS, WE SHOULDN'T HAVE ENCOURAGED THEM!
Too late now.

 Aiséirí


Na mairbh a cailleadh i ngach cogadh go dtí seo
an bhfuil sé i ndán dóibh aiséirí;
an nglanfar na saighdiúirí, trí mhíorúilt éigin
ionas nach n-aithneoidh siad fuath ná claontacht go deo arís?
An ndearbhófar ansin bolscaireacht chogaidh
mar bhréag i ndiaidh bréige i ndiaidh bréige?
Mura dtarlóidh sé sin, agus má thumfar sa Tríú Cogadh Domhanda sinn
an mbeidh ceannlíne amháin fágtha ag na nuachtáin:
HOIPS, NÍOR CHEART DÚINN IAD A SPREAGADH!
Ródhéanach, is baolach.