2024-10-16

M. K. Ajay (Poets of the Planet)

LÁRNAITHE


I lár m'aignese,
lochán.
Púróga boga thart air,
féar glas,
éigrit.

Istigh sa lochán,
cuilithíní, agus éisc órga
a ndearna duine éigin dearúd
iad a chur isteach san uisceadán.

Agus laistigh de na héisc órga tá fiaile,
tithe glasa na mbuaf is na dtorbán.

Laistigh den fhiaile, leis,
fionnuaire agus láib,
scáileanna ó dhomhan iomlán na hóige.
Laistigh den fhiaile tá brionglóidí
á slogadh ag éisc órga
tumann cruidíní chun breith orthu.

Preabann éigrit.

An aigne ag cleitearnach.

Ní fheicim an lochán a thuilleadh.

Ní bhraithim ach an fhionnuaire ar mo chraiceann,
déantar aislingí dá chuimilt
ar snámh isteach i bhforaois dhubh
laistigh dem' shuan,
sa tóir ar sheanmháthair.

M.K. Ajay