2024-10-17

Maram al-Masri (POETS OF THE PLANET)


Níl a fhios ag mná
dem’ shórtsa conas labhairt.
Fanann focal ina scornach
mar dhealg
a shlogfaidh siad.
 
Mná dem’ shórtsa
ní heol dóibh faic ach caoineadh,
caoineadh doshamhlaithe
doirteadh
gan choinne
ar nós artaire a gearradh.
 
Mná dem’ shórtsa
buailtear iad
gan buille a bhualadh ar ais.
Bíd ar crith le cuthach,
cuirid srian leis.
 
Mná dem’ shórtsa
is geall le leoin i gcás iad
ag taibhreamh . . .
ar shaoirse