2024-10-11

Tashlich


(15 Meán Fómhair 1996)
 le Stanley H. Barkan
    

    Duáin níl agam
    ná líontáin,
    le caitheamh 
    ar na huiscí suaite.
    Gan agam ach grabhróga
    do na héisc
    atá ag feitheamh faoi bhun an droichid,
    sa duibheagán,
    a mbéal ar leathadh
    agus iad amplach ar an dromchla.
    Tá an t-arán caite agam
    ar na huiscí
    athshlánaithe,
    mo chuid peacaí go léir,
    ag súil le bliain eile
    nuair a bheidh mo phócaí
    folamh,
    is faic eile le caitheamh agam
    chun na n-uiscí.