2014-08-31

Trí haiku leis an gCeanadach Terry Ann Carter

Trí haiku leis an gCeanadach Terry Ann Carter. Cumadh sa Chambóid iad:

spéir gan néal
páistí ag deircínteacht
na lámha sínte amach acu

i gcás gloine
na mblaoscanna, m'aghaidh féin
frithchaite

 

páistí sráide
tugann mo cheamara abhaile
iad

Ar an lá seo 31 Lúnasa

Ar an lá seo 31 Lúnasa, 1945, rugadh Van Morrison

Sa Ghairdín


Bíonn na sráideanna fliuch de shíor:
Tar éis chith shamhraidh nuair a chonac id sheasamh thú
Sa ghairdín sea, sa ghairdín sea, fliuch de shíor

Chuimil tú deora ded shúil is tú gruama
Is d’fhéachamar ar pheitil ina luí
Agus i mo shuí in aice leat bhí
Buairt go trom an lá sin sa ghairdín

Agus ansin tháinig tú chugainn
Is ba dhuine thú lán de ríméad
Is bhí d’anam a’d mar rún
Agus d’oscail tú ansin is tú ar ais sa ghairdín

Bhí seanleoithne ar do chuntanós
Bhí solas Dé le feiceáil ar do ghrua gheal go glé
Is ba gheall le sailchuach a bhí ionat
I do shuí le d’athair is do mháthair, sea sa ghairdín.

Is bhí leoithne an tsamhraidh ar d’aghaidh
Istigh sa tsailchuach taisctear na briathra gréine
Is bhíos ar ballchrith ó mo mhuineál síos go droim
Do m’adhaint i lár an lae ghil is an dúlra sa ghairdín

Agus bhí tú sna flaithis
An aisling leanbaí ’bhí chomh mín
Is chualamar na cloig sa teampall
Ó, a ansacht
Is bhí an óige inár láthair
Samhradh síoraí a bhí sa ghairdín.

Agus chuimil sé led ghrua
Is luisnigh tú san athbhreith agus chuimil mé do ghrua
Is bhraitheamar ’inár láthair an Críost
Agus d’iompaíos chugat is ar mé:
“Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide,
Tusa, mise, an dúlra
Agus an t-athair sa ghairdín.”

Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra
Is an tAthair is an
Mac agus an Naomhspiorad
Sa ghairdín sea, fliuch de shíor

Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra agus an Naomhspiorad
Sea sa ghairdín, sea sa ghairdín, fliuch de shíor
Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra
Agus an tAthair sa ghairdín.

2014-08-30

Bratacha Bána

Bratacha Bána

Tá bratach Mheiriceá
ar an ngealach
iompaithe bán,
tuartha ag an ngrian.
Ní faic anois iad
na réaltaí, na stríoca,
brionglóid.

Lá breá gréine
is beidh gach brat tréigthe

White Flags

 The American flag
on the moon
has turned white,
bleached by the sun.
The stars and stripes
are nothing now,
a dream.

Some sunny day
all flags will go that way

白い旗

月の上の
米国旗が
白くなった
太陽に晒されて
星や縞が
もうない
夢だ
ある快晴日
すべての旗がこうなる

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

Banderas blancas

La bandera americana
en la luna
se ha vuelto blanca,
desteñida por el sol.
Las estrellas y barras
son nada ahora,
un sueño.

Un día asoleado
todas las banderas se harán igual así.


Leagan Spáinnise Francisco X. Alarcón

Weiße Flaggen

Die amerikanische Flagge
auf dem Mond
ist weiß geworden,
von der Sonne ausgebleicht.
Die Stars und Stripes
sind nun nichts mehr,
ein Traum.

An einem sonnigen Tag dereinst
wird es alle Flaggen so ereilen
Leagan Gearmáinise: Jürgen Schneider

Λευκές σημαίες

Η αμερικανική σημαία
στη σελήνη
έγινε λευκή,
ξασπρισμένη από τον ήλιο.
Τα αστέρια και οι ρίγες της
τίποτε δεν είναι τώρα,
ένα όνειρο.

Κάποια μέρα με λιακάδα
όλες οι σημαίες έτσι θα γίνουν


Γκάμπριελ Ρόζενστοκ,  
Leagan Gréigise: Yiorgos Chouliaras

Ar an lá seo 30 Lúnasa

Conlán ar Amazon
Ar an lá seo 30 Lúnasa, 2013, cailleadh Seamus Heaney.
Agallamh leis anseo:

2014-08-29

FÓRÓGRA NA SCRÍBHNEOIRÍ

Tá na scríbhneoirí a bhfuil a n-ainm leis an bhForógra seo ag tathant ar Fhoras na Gaeilge gníomhú láithreach agus suí síos leo chun todhchaí leochaileach an fhocail scríofa a phlé.

  • Is beag teacht isteach atá ag scríbhneoirí na Gaeilge agus an méid sin féin gearradh arís le déanaí é nuair a fógraíodh deireadh le deontais do roinnt irisí clóite agus ar líne. Beidh Beo marbh tar éis eagrán Mheán Fómhair! Conas is féidir leis an scríbhneoir óg a chuid scileanna a fhorbairt mar iriseoir nó mar ealaíontóir cruthaitheach, abair, gan réimse leathan ardán a bheith ar fáil dó, nuachtán tathagach tuairimíochta san áireamh? Dá fheabhas iad na meáin nua leictreonacha, beidh gá i gcónaí leis na meáin chlóite:
‘Is sa leabhar fós a dhéantar an ráiteas buan. Is san iris chlóite, nó sa nuachtán seachtainiúil a mhúsclaítear díospóireacht. Imíonn tuairimí an mhogallra shealadaigh mar cháithníní le gaoith. Is iad béaloideas na 19ú haoise iad, agus cé aige a raibh cuimhne orthu siúd go dtí gur scríobhadh síos iad?’ (Alan Titley)
  • Tá titim an-mhór ar an leabhardhíolaíocht. Níl scaipeadh na leabhar sásúil le tamall fada. Is gá an mhórfhadhb seo a iniúchadh. Tuilleadh clubanna leabhar agus ciorcal léitheoireachta a bhunú, mar shampla. Grá don léitheoireacht a chothú san aos óg, naíonáin agus déagóirí san áireamh.
  • Is gá súil a choimeád ar ábhar a théann as cló. Mar shampla, ba cheart an chuid is fearr de na haistriúcháin a d’fhoilsigh An Gúm a chur ar fáil ar líne, sa nualitriú.
  • Níl léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge ar fáil ar bhonn forleathan. Is ar éigean a luaitear leabhair Ghaeilge ar mheáin Bhéarla na tíre, nuachtáin, stáisiúin raidió is theilifíse etc. Is gá leas samhlaíoch a bhaint as Vimeo, YouTube agus na meáin shóisialta go léir.
  •  Níl litríocht na Gaeilge á haistriú go teangacha eile ar bhonn córasach leanúnach, rud eile a ghoilleann ar cháil agus ar theacht isteach an scríbhneora.
  • Níl leabhair Ghaeilge á bhfógairt sna mórmheáin ar bhealaí nuálacha agus níl leabhair Ghaeilge á gcur chun cinn ag féilte litríochta na tíre, sna siopaí leabhar, sna leabharlanna gan trácht ar aontaí leabhar thar sáile.
  • Níl dóthain duaiseanna agus dreasachtaí ann do scríbhneoirí na Gaeilge. Caithfear scéimeanna ar nós Scéim na gCoimisiún agus Scéim na nOidí a neartú nó scéimeanna níos foirfe, níos oiriúnaí a chur ina n-áit. Caithfear glúin nua aistritheoirí a oiliúint agus obair a chur ina dtreo.
  • Is beag aird a thug TG4 riamh ar leabhair Ghaeilge.


Táimid ag éileamh gnímh mar sin ar an bhForas má tá glúin nua scríbhneoirí Gaeilge le bheith againn sa dara leath den chéad seo. Beatha teanga a labhairt, buanú teanga a scríobh, tar éis an tsaoil. Tá gá le straitéis éifeachtach chun próifíl na litríochta Gaeilge a ardú, ag baile agus i gcéin, chun cur go suntasach le teacht isteach scríbhneoirí na Gaeilge agus chun todhchaí litríocht na Gaeilge a chinntiú.

Maítear go bhfuil gá le nuachtán ar líne a dhíreoidh ar stíleanna maireachtála. Níl a leithéid sin ag teastáil ó scríbhneoirí cruthaitheacha na Gaeilge, ná ó iriseoirí a bhfuil rud éigin idir an dá chluas acu. Is cuma linne cad a chuireann daoine san fholcadán, salann pinc nó feamainn Chonamara, nó cén lóis a chuireann siad ar a gcraiceann ar léim amach as an bhfolcadán dóibh. Tá dánta, aistí, drámaí agus scéalta le scríobh faoi chúrsaí eile seachas stíleanna maireachtála agus tá ceisteanna sóisialta, cultúrtha agus polaitiúla le cíoradh agus le hiniúchadh: ní san fholús ná san fholcadán a scríobhfar iad sin.
Chun ár n-éileamh fíor-phráinneach a chur i gcomhthéacs níos leithne, is fiú do gach Éireannach machnamh a dhéanamh ar an méid seo leanas a scríobh duine de shínitheoirí an Fhorógra seo, Liam Ó Muirthile:
“Tá focal scríofa agus clóite na Gaeilge chomh mór i mbaol anois agus a bhí sna blianta roimh Athbheochan thús an 20ú Aois. Táimidne a bhfuil ár n-ainm leis seo, den tuairim mheáite, gur tráth na práinne é seo. Is léir dúinn é seo gach lá dár saol, agus sinn gafa le saothrú an fhocail scríofa. Creidimid go bhfuil an litríocht scríofa a bhláthaigh de thoradh an tsaothraithe sa 20ú hAois, ar an acmhainn chultúrtha is luachmhaire dá bhfuil againn agus is lú ar baineadh leas aisti ar ardán Eorpach agus domhanda, de réir a saincháilíochtaí féin. Creidimid sa litríocht mar eiseamláir chultúir a chuireann cos i bhfeac i dteanga bheag, in aghaidh thaoidí craosacha an impiriúlachais agus an choilínithe. Creidimid go soláthraíonn an litríocht sin múnlaí agus guthanna, peirspictíochtaí agus tuiscintí, a d'fhéadfadh a bheith ina gcúnamh ag pobail eile ar fud an domhain atá ag comhrac ina dteangacha féin in aghaidh na dtaoidí ollchumhachtacha céanna. Níor mhór, dá réir sin, a bhfuil againn a chur á aistriú go Béarla i dtosach báire, agus go teangacha eile ina dhiaidh sin. Tionscadal mór, neascáfar, misniúil is gá chun freagairt do thráth seo na héigeandála. Ach tacaíocht i bprionsabal a bheith ag a leithéid seo, chuirfí plean le chéile le cur faoi bhráid an Stáit, chun maoiniú a lorg. Gheallfaimísne ár ndícheall agus ár ndúthracht, ár sainscileanna agus ár mbá. Ba ghá tacaíocht agus comhghuaillíocht an Fhorais chuige sin.”  

Sínitheoirí an Fhorógra (Cohórt samplach)

Gabriel Rosenstock. 
Tomás Mac Síomóin. 
Doireann Ní Ghríofa. 
Antain Mac Lochlainn. 
Pádraig Ó Cíobháin. 
Dairene Ní Chinnéide. 
Ciarán Mac Aonghusa.
Pádraig Ó Fiannachta. 
Liam Ó Muirthile.
Liam Prút.
Mícheál Ó hAodha.
Cathal Ó Searcaigh.
Ray Mac Mánais.
Pádraig Mac Fhearghusa.
Proinsias Mac a’ Bhaird.
Áine Ní Ghlinn.
Mícheál Ó Ruairc.
Brian Ó Broin.
Philip Cummings.
Pádraic Breathnach.
Pádraig B. Ó Laighin.
Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Alan Titley.

Ar an lá seo 29 Lúnasa

Ar an lá seo 29 Lúnasa, 1862, rugadh an Duaiseoir Nobel Maurice Maeterlinck:
“Táimid linn féin, linn féin go hiomlán ar an bpláinéad seo, de thaisme: agus i measc na mbeathachruthanna uile inár dtimpeall, níl oiread is ceann amháin acu, seachas an madra, tar éis comhghuaillíocht a dhéanamh linn.”

“Bíonn laigí an duine riachtanach uaireanta le haghaidh cuspóirí na beatha.”

“Tá a fhios agam dá ngabhfadh na Gearmánaigh mé go lámhachfaí ar an toirt mé, óir is namhaid na Gearmáine riamh mé mar gheall ar mo dhráma Le Bourgmestre de Stillemonde a bhain le staid na Beilge le linn Fhorghabháil na nGearmánach i 1918.”

Quand nous perdons un être aimé, ce qui nous fait pleurer les larmes qui ne soulagent point, c'est le souvenir des moments où nous ne l'avons pas assez aimé.

“Nuair a chailltear daoine a raibh grá againn dóibh, is í an chuimhne ar na huaireanta nach raibh grá sách mór againn dóibh a spreagann na deora is goirte.”

Graifíti an Lae: Terence McKenna

An rud atá conspóideach, pléitear é. An rud atá réabhlóideach, ní thugtar aon aird air.
Terence McKenna (1946 - 2000)

2014-08-28

Ar an lá seo 28 Lúnasa

Ar an lá seo 28 Lúnasa, 1749, rugadh Johann Wolfgang von Goethe
“Gach aon lá ba chóir dúinn éisteacht le hamhrán beag amháin ar a laghad, dán maith a léamh, breathnú ar phictiúr gleoite amháin agus, más féidir, cúpla focal ciallmhar a rá.”

“Is breá liom na daoine sin a shantaíonn an rud nach féidir.”

“An t-anam a fheiceann an áilleacht, ní mór dó siúl leis féin ar uairibh.”

“Níl ach dhá thiomnacht bhuana is féidir a fhágáil ag ár bpáistí. Ceann acu sin is ea fréamhacha, an ceann eile, eití.”

“Bíonn ceisteanna ag an bhfear aineolach atá freagartha ag saoithe míle bliain ó shin.”

“Níl aon rud gan tábhacht sa saol seo. Braitheann sé ar fad ar an dearcadh atá agat.”

“Is liath í gach teoiric, a chara dhil, ach is síorghlas é crann órga na beatha.”

Ich singe, wie der Vogel singt
Der in den Zweigen wohnet.


“Canaimse mar a chanann éan
A chónaíonn thuas i measc na gcraobh.”

Ein echter deutscher Mann mag keinen Franzen leiden,
Doch ihre Weine trinkt er gern.

“An fíor-Ghearmánach níl sé in ann na Francaigh a sheasamh
Ach ólann sé a gcuid fíonta le sásamh.”


An Forógra Cumannach/ The Communist Manifesto

Steve McCaffery, The Communist Manifesto in Yorkshire Dialect

[McCaffery’s classic experiment in dialect writing, from Seven Pages Missing, Volume 2: Previously Uncollected Texts 1968-2000, Toronto: Coach House Books, 2002]

The Kommunist Manifesto

or

Wot We Wukkerz Want


Bi Charley Marx un Fred Engels

Redacted un traduced intuht’ dialect uht’ west riding er Yorkshuh bi Steve McCaffery, eh son of that shire. Transcribed in Calgary25 November to 3 December 1977 un dedicated entirely to Messoors Robert Filliou and George Brecht uv wooz original idea this is a reullizayshun.


Nan sithi, thuzzer booergy-mister mouchin un botherin awl oer place--unnits booergy-mister uh kommunism. Allt gaffers errawl Ewerup’s gorrawl churchified t’booititaht: thuzimmint mekkers, unt jerry plain cloouz boobiz.

Nah then--can thar tell me any oppuhzishun thurrent been calder kommy bithem thuts runnint show? Urrunoppuhzishun thurrent chuckt middinful on themuzintfrunt un themuzintback unawl?

Nahthuzzuh coupler points ahm goointer chuckaht frum awl thisseer stuffidge:

Wun: Thadeelin wear reight proper biggun inthiseer kommunizum.

Too: It’s abaht bluddy time thut kommunizum spoouk its orn mind, unwarritsehbaht, un edder reight set-too we awl this youngunz stuff ehbaht booergy-misters, wee uh bitter straight tawkin onnitsoowun.

Un soourt kommiz frum awlort place uv snugged it up dahn in Lundun, un poowildahl the buk lernin tehgither un cummupwithisseer Manifesto, unnitz innuzoowun un int’ froggy, unt’ jerry, un i-ti, unt flemmy unt dayunish.

I Gaffersunt Wukkerz

Warritsahl beenabaht izzerbashup wit gafferzunt wukkerz suchuz meeunthee. Them wit brass un themmuz gorrit un themmuz nowt, innerwurd, themgenstuz, brokken bottlinitt wi wununnuther, unawluz evviner reight wallupin uhn skalpin, un ivry time thuzeetherer new gangergaffers errelse eh reight bluddy messuz forawluzconsurnd.

Nar thuwarrertime when allthisser gafferunt wukker bizznuss wurreight complikaytudup wi ivriboddi uppendarnon thisseer soshul ladder thing. It war like thissin Rooum ehfoor Mussolini tookover, unint Middle Ages witheezeer foodul geezers un serfs ehsummut. Unevennahr wiv still got theez kindza bashups. Ameen grantud thumperzerdiffrunt but ruddy thump ups ehjustabaht same. But narhdaze wiv cottundonter summertabit diffrunt, unnits this: wibluddywellno wooerwibashin abaht. Its themmuz gaffers unnits uzzuzint.

Wentblowks startud makkint brass abrooud innermerica un tahns like that, well ameen foodal sossierti wentferrer Burton un tukkerrunninjump int cut. Dooint biznuss wit tchi neez unt indiuns well, it oppendupthings un noktall ellarter themtheer youneeunmen unt likkulbiznissuz. Unnalt time thewurmoorenmoor shoppers croppinup unthewurwantin moorunmoor things sewersthudgotteh build moor factriz un stahrt bildint factrizzint fursplace. Unnitsbicosserthem factriz thut gaffers gorrinteht’act. Un thewarrer tunnenuzz made a pilerbrass then, un thedintevenny wukkinmensclubs then thannuz. That’s went chuffers started runnin, unt big booerts ont watter, unt muck stacks started pilin uppuds. Sirthaseez thatsweer big brassuntgaffers cum frum.

Unwotthagorruz brassint pokkits thagorrers politikul powerunnawl. Thaseez, wenivvert gaffers uzgot power then thuv put booitintert pooweh blowks un smasshededupivrithin unleft lackiz winowt. Thuv skimmed froth off toppertbuppy un dun bluddywellnowt forrit. Thuvgorrawl that brass for buckshee besittin onthe backsides arl day while suchuz meeuntheeuvgon slayvinerahnd dahnt pits unint factriz. Gaffersuv terndalotter deesunt fellers internowtbut laybruzun leftuz gaggin while thev guzzled awlt larrup. Unterstop thumsens deein gaffers evteh keep on makkin things new. Thuv got terbichangin ivrithin awltbluddytime. Untherawluss need sum muginz wooz goooin ter buy awl their rammul. So thuvtehgoowallovvert place, unallovert world.

Unwarrallthis boils dahn to is this: ivrithins internashnul un thadozentevowt that’s theeown uzzer cuntrymun. Ameen thacarntjustevsum triper coweelunlegbeef frum Pennistun, thaz gotterev yaks balls frum Afghanistan ehsumsuch place. Urrer pinter bitter frumt beeroff, noa, thaz gotterev lahgehr er pilsner unnal them theer forrin brandserlarrup. Thaseez gaffers move serbluddy fast ivrithins internashnul befoor thacunnseh Jack Robinson. Un them artsidert tahns uvv edto buckleunder to themuzinnum, gaffersuv built there reight big tahns unbrortin awltheez gormluss gorps frumt bushesunt twigs. Un bit same accahnt, gafferzevmade awlt forriners knuckle under soorthat awlt brass unt buppiz gooin intert pockits un darnt guzzuls uhv them fewers evitawl. Nah, ask thissen, izzit proper? Thacun scarce finder treenar thutentbeen choptuppen purrinter sum furniss ter keep chuffferzrunninter carry muck foht gafferz.

So thaseez: gaffers came up ahtut rankser theezeer fewduls. But fewduls cuddunt keepupwi har thingswer makt, sooat gafferz startud takkinolder ah things wur made, unthermader reight proper circus oonitunawl. But sithi, worappund tut fewdul toffs izappnin tut gafferz nar. Coss thuv bittenoffmoorthun thecun chow, un wotsuppiz reightly this: thuvovvershot thursenz thuv purrup too many bluddy factriz undug too many pits, sooamuchsewer thut thur slittinthurrooan guts untheronnyway erandlin this ister find moor mugs ter sellter un moor factriz terclooerzdahn. Sewerthe slittin thurrown throughuts unther bildinuzup betterunbetter ateech slittin.

Haiku le Issa ón mbliain 1808

Is annamh aon rud maoithneach ag baint leis an bhfíor-haiku. Ní fhaca mise riamh féileacán á ithe ag préachán ach caithfidh go dtarlaíonn sé.
an chéad fhéileacán -
greim beag le hithe ar ball
ag préachán éigin

.初蝶もやがて烏の扶食哉
hatsu chô mo yagate karasu no fujiki kana

2014-08-27

Ar an lá seo 27 Lúnasa

Ar an lá seo 27 Lúnasa, 1950, chuir an mór-scríbhneoir Cesare Pavese lámh ina bhás féin tar éis don bhanaisteoir Meiriceánach, Constance Dowling, é a obadh. Feictear an bheirt acu sa ghrianghraf seo, grianghraf a tógadh sa Róimh tamall roimh a bhás. Ceann de na dánta a chum sé di is ea an dán álainn seo thíos. Teideal Béarla atá ar an dán. Is féidir an bunleagan Iodáilise a chlos anseo.

Tagann tú ar ais i gcónaí ar maidin

Anáil lag an mhaidneachain
led bhéalsa a análaíonn
ag bun na sráideanna folmha.
Soilsíonn léithe do shúile,
braonta milse bhreacadh an lae
ar chnocáin dhorcha.
Do choiscéimeanna is d’anáil
mar ghaoth na maidine
is tithe á bplúchadh acu.
Critheann an chathair,
ligeann clocha anáil –
an bheatha is ea thú, dúiseacht.

Réalta a cailleadh
i solas na maidine,
scol na gaoithe,
teas, anáil –
tá an oíche thart.

Solas is ea thú agus maidin.

Haiga

Íomhá ó Panhala
géimneach ar dtús
ansin na hadharca -
ba ag teacht amach as an gceo
a soft lowing
and then the horns -
cows coming out of the mist

2014-08-26

Ar an lá seo 26 Lúnasa

Ar an lá seo 26 Lúnasa, 1880, rugadh Guillaume Apollinaire:

Smaoineamh an Lae

"I find that I sent wolves not shepherds to govern Ireland, for they have left me nothing but ashes and carcasses to reign over" 

Eilís a hAon

2014-08-25

Físeán an Lae: An Tríú Súil


Ar an lá seo 25 Lúnasa

Ar an lá seo 25 Lúnasa, 1900, cailleadh Friedrich Nietzsche.
“Bhí ar an duine aonair streachailt i gcónaí chun nach mbeadh sé cloíte ag an treibh. Má bhaineann tú triail as, beidh tú uaigneach go minic, agus uaireanta beidh eagla ort. Seilbh a bheith agat ort féin, áfach, ní féidir luach a chur ar an bpribhléid sin.”

An té a throideann in aghaidh arrachtaí, féachadh sé nach n-iompódh sé féin ina arracht. Agus nuair a fhéachann tú ar feadh i bhfad san aibhéis, féachann an aibhéis isteach ionatsa freisin!
Wer mit Ungeheuern kämpft, mag zusehn, dass er nicht dabei zum Ungeheuer wird. Und wenn du lange in einen Abgrund blickst, blickt der Abgrund auch in dich hinein.

“Cén cur amach atá ag an duine air féin? Go deimhin, an bhfuil sé in ann é féin a fheiceáil go hiomlán, faoi mar a bheadh sé leagtha amach i gcás taispeána soilsithe?”
"Má chuireann duine rud éigin i bhfolach laistiar de sceach agus má théann sé á lorg ansin san áit chéanna agus má thagann sé air ansin, níl mórán faoin gcuardach is aimsiú sin atá le moladh. Ach is mar sin a sheasann cúrsaí maidir leis an “bhfírinne” a lorg agus a aimsiú i réimse an réasúin. Má chumaimse an sainmhíniú ar mhamach agus ansin, tar éis dom camall a scrúdú, má fhógraímse ‘Féach, mamach’ tá fírinne nochta agam sa tslí sin ceart go leor ach is fírinne nach fiú mórán í.”
“Níl éinne in ann an droichead sin a thógáil duit ar a gcaithfidh tú abhainn na beatha a thrasnú, éinne in aon chor ach tú féin amháin.”
“Is féidir daoine a chur in dhá ghrúpa inniu, mar riamh: an daor agus an duine saor. An té nach leis dhá thrian den lá dó féin, daor is ea é is cuma cad atá ann: státaire, fear gnó, feidhmeannach nó scoláire.”

Wenn man viel hineinzustecken hat, so hat ein Tag hundert Taschen.
"Má tá go leor agat le cur isteach ann, beidh céad póca ag an lá."

Die erste Meinung, welche uns einfällt, wenn wir plötzlich über eine Sache befragt werden, ist gewöhnlich nicht unsere eigene, sondern nur die landläufige, unserer Kaste, Stellung, Abkunft zugehörige; die eigenen Meinungen schwimmen selten oben auf.
“An chéad tuairim a ritheann linn nuair a chuirtear ceist orainn go tobann faoi ábhar éigin, is gnách nach í ár dtuairim féin í ach an ghnáth-thuairim a bhaineann lenár n-aicme, ár n-ionad, ár gcúlra; is annamh a shnámhann ár dtuairimí féin chun an dromchla aníos.”

Was mich nicht umbringt, macht mich stärker.
“An rud nach maróidh mé, déanfaidh sé níos láidre mé.”

“Mhill an Chríostaíocht fómhar iomlán na sibhialtachta ársa orainn, agus níos déanaí mhill sí chomh maith fómhar iomlán na sibhialtachta Machmadaí orainn. Cuireadh faoi chois cultúr iontach na Múrach sa Spáinn, cultúr a bhí níos cóngaraí dúinn go bunúsach agus a mheall ár gcéadfaí níos mó ná cultúr na Róimhe is na Gréige.”

"B’ionann ar feadh i bhfad iad an ceannaí agus an foghlaí mara. Sa lá inniu féin, níl sa mhoráltacht mharsantach ach moráltacht phíoráideach tugtha chun míneadais."

Gott ist tot!
"Tá Dia marbh!"

Plato ist langweilig.
"Tá Platón leadránach."

2014-08-24

Ar an lá seo 24 Lúnasa

Ar an lá seo 24 Lúnasa, 1899, rugadh Jorge Luis Borges
“Bíonn an bunsaothar mídhílis don aistriúchán.”

“Is é an t-am an tsubstaint ar díom é. Abhainn is ea an t-am a scuabann ar aghaidh mé, ach is mise an t-am; is tíogar é a mhilleann mé, ach is mise an tíogar.”

“Cruthaíonn gach scríbhneoir na réamhtheachtaithe atá aige.”

"B’in an chéad uair a úsáideadh an raidhfil Remington san Airgintín agus mealltar mo mhian nuair a smaoiním go bhfuil an t-ainm céanna ar an gcomhlacht a bhearrann gach maidin mé is atá ar an raidhfil a mharaigh mo sheanathair.

“Aon uair a scríobhtar rud éigin i mo choinne, ní hamháin go n-aontaím leis ach braithim go bhféadfainn jab níos fearr a dhéanamh mé féin.”

“An fhilíocht is fearr caithfear í a léamh os ard. . . Cuimhníonn an fhilíocht gur amhránaíocht a bhí inti an chéad lá.”

“Tá daoine ann agus is ar éigean má bhraitheann siad an fhilíocht in aon chor agus is gnách gur á múineadh a bhíonn siad.”

“Caithfidh an scríbhneoir – agus, creidimse, daoine i gcoitinne – féachaint ar gach rud a thiteann amach dó nó di mar acmhainn.”

“Is é a bhí sna Falklands ná beirt bhlagadán ag troid faoi chíor.”

“Samhlaíodh riamh dom gur cineál leabharlainne a bheidh i bParthas.”

“Nós Lochlannach is ea gan an Duais Nobel a bhronnadh orm; ó rugadh mé – 24 Lúnasa, 1899 – níor bhronnadar orm í.”

“Nílim cinnte an ann dom, dáiríre. Is mé na scríbhneoirí go léir atá léite agam, na daoine go léir ar bhuaileas leo, na mná go léir ar thugas grá dóibh; na cathracha go léir ar thugas cuairt orthu, mo sheacht sinsear romham . . .”

2014-08-23

Ar an lá seo 23 Lúnasa,

Ar an lá seo 23 Lúnasa, 1900, rugadh Malvina Reynolds, an té a chum What Have They Done to the Rain agus Little Boxes.

Boscaí Beaga

Boscaí beaga ’r thaobh an chnocáin
Boscaí beaga déanta as ticí teaicí
Boscaí beaga ’r thaobh an chnocáin
Boscaí beaga, ’s ionann iad.
Tá ceann glas ann, tá ceann pinc ann
Ceann gorm agus buí ann,
Iad go léir déanta as ticí teaicí
Iad go léir is ionann iad.

Is na daoine ’stigh sna tithe
Do chuadar chun na hollscoile
Agus cuireadh iad i mboscaí
Is amach leo, ’s b’ionann iad,
Bhí an dochtúir is an dlíodóir
An feidhm-eannach gnó, ar ndóigh,
Is gach éinne déanta as ticí teaicí
Is gach éinne, ’s ionann iad.

Is imríonn siad ar an ngalfchúrs’
Is ólann martini dry
Is is gleoite iad na páistí
Is na páistí ’dul ar scoil.
Téann na páistí ’dtí an Ghaeltacht
As sin chun na hollscoile,
Agus cuirtear iad i mboscaí
Is amach leo, ’s ionann iad.

Téann na buachaillí i mbun gnó
Bíonn bean acu is páistí
I mboscaí déanta as ticí teaicí
Iad go léir is ionann iad.
Tá ceann glas ann tá ceann pinc ann
Ceann gorm agus buí ann,
Iad go léir déanta as ticí teaicí
Iad go léir is ionann iad.

Smaoineamh an Lae: Chomh Cinnte le Dia

"An fhadhb a bhaineann le bheith cinnte go bhfuil Dia ar do thaobh ná seo: ní bheidh tú in ann d'aigne a athrú, mar is cinnte nach bhfuil Dia chun a aigne siúd a athrú."

Roger Ebert(1942-2013)

Luimneach an Lae

Bhí tigh lóistín i Mainistir na Féile,
Áit iontach ar fad i gcomhair béile:
    B'é an specialité
    Le haghaidh bricfeasta is tae
pâté de foie gras - sin ae gé.

2014-08-22

Samih al-Qasim: File Palaistíneach a cailleadh ar an 19 Lúnasa 2014

Ticéid Taistil

le Samih al-Qasim


Ar lá mo mharaithe
aimseoidh mo mharfóir is é ag ransú mo phócaí
aimseoidh sé ticéid taistil:
ticéad chun na síochána ceann acu
an ticéad eile chun na ngort is na báistí,
is ticéad eile fós chun choinsias an chine dhaonna.

A mharfóir dhil, impím ort:
ná fan, ná cuir amú iad.
tóg iad, bain leas astu.
Achainím ort: bí ag taisteal.


An bunleagan:

تذاكر سفر

وعندما أٌقتَل في يومٍ من الأيام
سيَعثُر القاتل في جيبي
على تذاكِرِ السفر:
واحدة الى السلام
واحدة الى الحقول والمطر
واحدة
الى ضمائر البشر

ارجوك الّا تُهمِل التذاكر
يا قاتلي العزيز
ارجوك ان تسافر

Ar an lá seo 22 Lúnasa

Ar an lá seo 22 Lúnasa, 1922, cailleadh Mícheál Ó Coileáin.

Muraisc/ Murrisk

Íomhá Ron Rosenstock
Muraisc
agus arís, inniu:
lochán carraige
Murrisk
and today, again:
a rock pool

2014-08-21

Léamh idirnáisiúnta chun tacú le Edward Snowden, 8 Méan Fómhair 2014

Leagan ard taifid (PDF)

Tá léamh idirnáisiúnta chun tacú le Edward Snowden á eagrú ag Gluaiseacht Dhomhanda na Filíochta/ World Poetry Movement.

Tarlóidh an ócáid Éireannach i gcúlghairdín mo thíse:
37 Arnold Grove, Gleann na gCaorach
8 Meán Fómhair
(Dé Luain)
6.p.m - 8.pm.

Ócáid neamhfhoirmiúil.
 Beir leat do dheoch féin.
 Má tá amhrán nó dán oiriúnach agat don ócáid, bí réidh lena reic ach is ag seasamh thart agus ag caint is mó a bheimid.

Caithfear deireadh a chur leis an ócáid thart ar 8.00 p.m. sula mbéarfaidh an tsatailít spiaireachta orainn.


Monday 8th, 6.00 - 8.00:
37 Arnold Grove, Glenageary.

Informal.
 Bring your own beer kind of an occasion.
No running order. Stand around and chat.
Want to read something short, go ahead. Another short reading twenty minutes later.
 Meet like-minded people. Have a few songs.
Take a few photos/ or Vimeo for World Poetry Movement's records.
 A few tunes.
Evacuate around 8.00 before the spy satellite discovers us.

 

Ar an lá seo 21 Lúnasa

Ar an lá seo 21 Lúnasa, 1940, cailleadh Leon Trotsky.
“Fad is atá anáil ionam beidh dóchas agam. Fad is atá anáil ionam, troidfead ar son na todhchaí, todhchaí sholasmhar ina mbeidh an duine, láidir agus álainn, ina mháistir ar shruth guagach na staire agus an sruth sin á threorú aige chuig fíoracha spéire gan teorainn, iad ag cur thar maoil le háilleacht, le sult is le sonas!”

“Murar féidir déanamh in éagmais scátháin, mura mbeadh ann ach chun tú féin a bhearradh, conas is féidir tú féin nó do shaol a athchruthú gan tú féin a fheiceáil i scáthán na litríochta?”

“Tá Natasha díreach tagtha ón gclós cúirte anois go dtí an fhuinneog chun í a oscailt níos mó i dtreo is go mbeidh an t-aer in ann imeacht ar fud an tseomra. Feicim an paiste geal féir faoi bhun an bhalla, an spéir ghlan ghlé os a chionn agus solas na gréine gach áit. Nach álainn an saol é! Glanadh na glúine atá ag teacht de gach olc, cos ar bolg is foréigean é, agus go mbaine siad sult iomlán as.”

Sa bhaile sa teanga

Is minic ainm Norman Manea á lua mar dhuine a mbronnfar an Duais Nobel air. Tá sé faoi agallamh in Dilema veche 537 ina ndeir sé gur fhág sé an Rómáin sa bhliain 1986 ach nár fhág sé an baile riamh mar is í a theanga dhúchais, an Romáinis, an baile aige. "Braithimse le fada nach i dtír a mhairim," a deir sé, "ach i dteanga."

2014-08-20

Ar an lá seo 20 Lúnasa

Ar an lá seo 20 Lúnasa, 1934, rugadh Fredy Perlman. Tá teacht ar go leor dá bhfuil scríofa aige ar líne.

Haiku le Issa: ní fios bliain a chumtha

Bhí dorchadas ann, fíordhorchadas na hoíche, nuair a bhí Issa beo. Nílimid in ann dorchadas na hoíche a shamhlú a thuilleadh agus a bhfuil de shoilse ar lasadh ar fud na cruinne. An dtuigimid in aon chor an éifeacht atá ag easpa seo an dorchadais orainn?

    an dorchadas
    lasta ar feadh meandair -
    tinte ealaíne
.しばらくは闇のともしを花火哉
shibaraku wa yami no tomoshi wo hanabi kana

2014-08-19

Ar an lá seo 19 Lúnasa

Ar an lá seo 19 Lúnasa, 1977, cailleadh Groucho Marx
“Ón uair a d’ardaíos do leabhar go dtí gur leagas síos é bhíos sna trithí gáire. Caithfidh mé é a léamh uair éigin.”

“Ní dhéanaim riamh dearmad ar aghaidh ach i do chás-sa beidh áthas orm eisceacht a dhéanamh.”

“Fuaireas $25 ón Reader's Digest an tseachtain seo caite ar rud éigin nach ndúirt mé riamh. Tugtar creidiúint dom i gcónaí as nithe nach ndúirt mé riamh. Tá fhios agat an líne sin in You Bet Your Life? Deir mo dhuine go bhfuil seacht nduine déag clainne air agus deirimse: ‘Caithimse todóg, ach tógaim amach as mo bhéal í ó am go chéile’? Ní dúirt mé riamh é sin."

“Is dóigh liom go bhfuil an teilifís an-oideachasúil. Nuair a chuirtear ar siúl é téim isteach i seomra eile chun leabhar maith a léamh.”

Takeo Ischi: tá an chearc ar fad aige!


2014-08-18

Ar an lá seo 18 Lúnasa

Ar an lá seo 18 Lúnasa, 1634, loisceadh an tAthair Urbain Grandier ag an stáca.

Sliocht as As AN bhFUIL STACEY AG IOMPAR? – Aorscéal le Tomás Mac Síomóin.

Le caoinchead an údair.

As AN bhFUIL STACEY AG IOMPAR? – Aorscéal le Tomás Mac Síomóin. Foilsithe ag Coiscéim, 2011. Ar fáil ó litríocht.com, ó na foilsitheoirí agus ó chorrsiopa leabhar. €15.     



Tá daoine ag déanamh go beothriallach ar an áit a bhfuil an héileacaptar ceaptha a bheith ag landáil, dar leo. Le pé ar bith ollmhaitheas a bheas ar sliobarna a bhailiú uaidh nuair a thiocfas sí go talamh. Ach i leaba tuirlingt go talamh fanann an héileacaptar ag bruachaireacht timpeall is fiche méadar os cionn dromchla an phortaigh.

          Le súile ocracha na bparáisteánach, iad bailithe le chéile thíos fúithi, dírithe go himpíoch uirthi.

          Ansin cluintear teachtaireacht á fhógairt go doiléir  as callaire thuas ansin. Níl sé furasta na focla a dhéanamh amach thar gheonaíl inneall an héileacaptair.

          Cuireann na paráisteánaigh bior ar a gcluasa le meabhair a bhaint as caint scornúil na gcallairí:



Im Auftrag Ihrer Herren möchten wir Ihnen, dem irischen Volk, für Ihre Geduld und Opferbereitschaft danken. Wir müssen Ihnen leider mitteilen, dass es auf Grund unvorhergesehener Umstände nicht möglich sein wird, zumindest nicht in absehbarer Zeit, den Verkehr wieder in Gang zu bringen. Wir danken Ihnen nochmals für Ihre außerordentliche Geduld und für Ihre unterwürfige disziplinierte Erfüllung unserer Wünsche. Leben Sie wohl, irische Freunde!



NÍ TÚISCE NA FOCLA DRAÍOCHTA  seo ráite ná go dtosaíonn an héileacaptar ag deasghabháil. Is gearr nach mbíonn inti ach spota airgeadta sa spéir aríst. Agus í ag bailiú léi siar faoi dheifir i ndiaidh a chomrádaithe.

          D'fhéadfaí tost seo an diomá, a thiteann ar an mathshlua, a ghearradh le scian. Bearnaítear ansin é ag an gcneadaíl, an olagón is an sáraíocht, ag an sceanadh is ag an bhfeannadh amuigh ansin ar loime leibhéalta an phortaigh.

          Ar thuig duine ar bith céard sa foc a bhí á rá ag an cunt úd, fiafraionn gruagach ón DAF. 

          Bhuel, that  bates Banagher, a deir Dub an Fiat 1100. Níl aon cheo agamsa in aghaidh na Gaeilge per se. Tá mo pháistí ag freastal ar Ghaelscoil, i ndiaidh an tsaoil. Ach tá muide anseo inniu sa focain portach lofa seo, is muid caillte leis an focain tart agus stiúgtha ag an focain ocras. Agus céard a thugann focars bhradacha an heileacaptair dúinn? Ceacht focain Gaeilge!

          Ach ar thuig duine ar bith anseo céard a bhí á rá acu, fiafraíonn firinneach an Cortina.

          Coinníonn An Citroen a dhá chab ar a chéile. Is fearr gan a bheith corr i gcomhluadar. Tugtar an casúr don tairne a bhíonns ag gobadh amach. Is iomdha béal briste a ghnóthaigh focal cliste. Pé ar bith rud a déarfas tú, ná habair tada!  Bíodh is go bhfuil a fhios aige go maith nár tháinig oiread is siolla Gaeilge amháin anuas ó challaire an héileacaptair úd. Focal ar bith. Níorbh aon bhuntáiste duit eolas maith ar an nGaeilge san Éirinn nua iarGhaelach seo atá ar fhód an bhaile cheana fhéin. Tuigeann sé sin go dóite...

          Tá Gaeilge Uladh agamsa, a deir seanóir an Anglia bhuí.  Cúpla focal ar scor ar bith. Agus bhí múinteoir as Dún na nGall agam. Tá mé ag déanamh, mar sin, gur Gaeilge na Mumhan uilig a bhí á spalpadh ag conús an héileacaptair mhallaithe úd.  Chinn orm a dhath ar bith dá chaint a thuiscint.

          Pé caint a bhí ann, ní Gaoluinn na Mumhan a bhí ann, mar a deir tusa, a mhaíonn cuntasóir an Mercedes Benz. B'as Béal Átha an Ghaorthaidh do mo shin-sheanathair. Ach níor thuigeas aon fhocal dá raibh á rá ag cipiléara úd an héileacaptair. Shamhlóinn fhéin gur Gaeilge Chonnacht a bhí ann. Bhíodh aithne agamsa tráth ar Gharda as Árainn agus ní...

          Bhuel, níl an ceart agatsa ach an oiread, a deir an Renault 4. B'as Carna do mo mhaimeó fhéin. D'aithneoinn Gaeilge Chonnacht áit ar bith. Agus ní caint mo mhaimeó a bhí acu. Diabhal a fhios agamsa cén saghas Gaeilge a bhí ag an héileacaptar úd. Gaeilge na hAlban, b'fhéidir! Nó Welsh!

          An bhfuil a fhios ag duine ar bith anseo cén saghas focain Gaeilge a bhí ag an héileacaptar, mar sin, fiafraíonn Hyundai eicínt, ar thiomáin an  t-ocras chuig an láthair seo é. Feiceann sibh ar fad anseo go soiléir an chaoi a bhfuiltear ag baint feidhm as an nGaeilge le dallamullóg a chur orainn. Le muid a choinneáil chomh haineolach le muintir focain Chiarraí.

          Déarfaidh mise libh cén saghas Gaeilge a bhí ag an héileacaptar: focain gobbledygook craiceáilte de Ghaeilge a chum an státseirbhís. Saghas briolla-brealla nach dtuigeann muintir na Gaeltachta fhéin...

          Mo mhallacht go deo orthu fhéin agus ar a gcuid gobbledygook, a deirtear as béal anaithnid. Bhí mise chomh cinnte go raibh bia agus deoch ar an mbealach chugainn, gur itheas chuile ghreim bia is gur ól mé chuile striog dá raibh curtha i dtaisce agam. Níl a dhath ar bith fágtha agam anois. Oiread agus a bheathódh dreancaide...

          Tá muide sa ruta seo againne ar an trá fhalamh freisin, a deir an Hyundai Pony. Is tá bean agus beirt leanaí le cothú agamsa.



NÍ DHEIREANN AN BÍOMAR HÚ NÁ HÁ. Gíog ná míog. Ach é ina sheasamh ansin ar scraith dhorcha an phortaigh, cuma smaointeach ar a chuntanós. A smig á cuimilt ag lámh a dheasóige. Labhraíonn sé ansin. Go ciúin, staidéartha. Ach go húdarásach ina dhiaidh sin fhéin. Tugann na daoine atá cóngarach dó aird ar a chuid cainte.

          Tá dul amú oraibh ar fad, a chairde, a deir sé.  Déanaimse amach gur Gearmáinis a bhí á labhairt ag lucht an héileacaptair..

          An é go bhfuil Gearmáinis agat fhéin, mar sin, fiafraíonn an Ford Escort.

          Tá riar mo cháis agam, a deir an Bíomar. Ach tá sí meirgeach go maith cheal deiseanna cainte faoin am seo.

          Tá aird na buíne uilig air siúd anois.

2014-08-17

Ar an lá seo 17 Lúnasa

Ar an lá seo 17 Lúnasa, 1887, rugadh Marcus Garvey
“Bígí ag faire amach dom sa ghuairneán gaoithe nó sa stoirm, bígí ag faire amach dom gach áit in bhur dtimpeall mar, le grásta Dé, tiocfaidh mé agus tabharfaidh mé liom na milliúin sclábhaithe gorma gan áireamh a cailleadh i Meiriceá agus sna hIndiacha Thiar agus na milliúin san Afraic chun cabhrú libh sa troid ar son na Saoirse, na Fuascailte agus na Beatha.”

Corr Réisc ag Éirí as Dubhlinn an tSamhraidh

Corr Réisc ag Éirí as Dubhlinn an tSamhraidh


Jónaí an Scrogaill is í chomh trom
chomh fada sin
ábhar iontais i gcónaí é
nuair a osclaíonn

A sciatháin ar dhath an deataigh
is í ag iompú ó na huiscí dlútha,
ó  mhaidí dubha

Linn an tsamhraidh,
éiríonn go mall
san aer
is tá sí bailithe léi.

Ansin, ní den chéad uair ná den uair dheireanach é
tarraingím domhainanáil
sonais, agus meabhraím dom féin
a neamhdhóchúla is atá sé

Gurb é atá sa bhás poll sa talamh
is nach féidir
nach mbeadh éirí ann,
bíodh go bhfuil cuma an-támh ar gach aon ní,
tarnáilte isteach ann féin –
an muscfhrancach ina lóiste cnapánach,
an turtar,
an geata a thit.

Agus tá sé go hiontach ach go háirithe
go bhfuil na samhraí fada
agus na linnte chomh dorcha is chomh líonmhar sin.
Mar sin ní haon mhíorúilt é

Ach rud coitianta,
an cinneadh seo,
na cosa fada aniar aici san uisce,
an chabhail throm seo á hoscailt

Isteach i mbeatha nua: féach seolta liathghorma
na sciathán aici i ngleic go tobann
leis an ngaoth: féach, i ngreim neamhní
a tugadh isteach í.
 

Heron Rises from the Dark, Summer Pond


So heavy
is the long-necked, long-bodied heron,
always it is a surprise
when her smoke-colored wings

open
and she turns
from the thick water,
from the black sticks

of the summer pond,
and slowly
rises into the air
and is gone.

Then, not for the first or the last time,
I take the deep breath
of happiness, and I think
how unlikely it is

that death is a hole in the ground,
how improbable
that ascension is not possible,
though everything seems so inert, so nailed

back into itself --
the muskrat and his lumpy lodge,
the turtle,
the fallen gate.

And especially it is wonderful
that the summers are long
and the ponds so dark and so many,
and therefore it isn't a miracle

but the common thing,
this decision,
this trailing of the long legs in the water,
this opening up of the heavy body

into a new life: see how the sudden
gray-blue sheets of her wings
strive toward the wind; see how the clasp of nothing
takes her in.

~ Mary Oliver ~

(What Do We Know:Poems and Prose Poems)

2014-08-16

Ar an lá seo 16 Lúnasa

Ar an lá seo, 16 Lúnasa, 1886, cailleadh Sri Ramakrishna.
Duine a scríobh go hómósach faoi bheatha an naoimh mhóir úd ab ea Christopher Isherwood:

Deir Ramakrishna:

“Saolaítear in aisce é an té a thagann ar an saol ina dhuine, rud deacair a bhaint amach, gan iarracht a dhéanamh ar léargas a fháil ar Dhia fad agus is beo dó.”

“Feiceann tú go leor réaltaí i spéir na hoíche ach ní le héirí gréine. An féidir a rá mar sin nach bhfuil réaltaí san fhirmimint i gcaitheamh an lae? A dhuine nach bhfuil in ann Dia a aimsiú i laethanta d’aineolais, ná habair nach bhfuil Dia ann.”

“Ní bheidh fís Dé agat má tá siad seo ag baint leat: náire, fuath agus eagla.”

“Cuimhnigh gurb é áras Dé é croí an mhóidín. Cónaíonn Sé gan amhras i ngach neach beo ach foilsíonn Sé é féin go speisialta i gcroí an mhóidín. Parlús Dé é croí an mhóidín.”

“Mair sa saol seo mar éan uisce. Cloíonn an t-uisce leis an éan, ach croitheann an t-éan de é. Mair sa saol mar iasc láibe. Cónaíonn an t-iasc sa láib ach bíonn a chraiceann geal lonrach i gcónaí.”

“Buail do bhosa agus ainm Dé á rá agat agus eitleoidh i gcéin uait do pheaca-éiníní.”

Luimneach an Lae

Bhí bean rialta i gCathair Chinn Lis
(Is i luimneach atá sí anois)
    Chuaigh a cat i bpoll móna
     Is ar feadh an tráthnóna
Ar sise go brónach: Pis! Pis!

2014-08-15

Ar an lá seo 15 Lúnasa

Ar an lá seo 15 Lúnasa, 1872, rugadh Sri Aurobindo
“Beatha is ea beatha – pé acu i gcat, i madra nó i nduine í.”

“Is í an spioradáltacht ileochair aigne na hIndia. Is é an claonadh ceannasach seo san India a dhathaíonn gach gné dá cultúr.”

“Ag éisteacht le daoine cráifeacha áirithe, cheapfá nach ndéanann Dia gáire riamh.”

“Cruthúnas ar shochaí éagothrom nach bhfuil eagar ceart uirthi is ea an bhochtaineacht agus níl sna carthanais phoiblí ach coinsias an robálaí á mhúscailt den chéad uair is go mall.”

“Tá ceithre mhór-imeacht sa stair, léigear na Traí, beatha agus céasadh Chríost, deoraíocht Krishna in Brindaban agus an t-agallamh ar pháirc Kurukshetra. Léigear na Traí chruthaigh sé Hellas, chruthaigh an deoraíocht in Brindaban an reiligiún deabhóideach (mar roimhe sin ní raibh ann ach machnamh agus adhradh), thug Críost ar an gCros an Eoraip chun na sibhialtachta, agus saorfaidh an t-agallamh in Kurukshetra an cine daonna fós.”

“Ní haon fhórsa lasmuigh dínn féin é an namhaid ach ár laige féin, ár meatacht, ár saint, ár bhfimíneacht, ár maoithneachas gearr-radharcach.”

“Dogma an chuid sin den reiligiún is lú tábhacht dar leis an aigne Indiach; spiorad an chreidimh an rud is tábhachtaí seachas cré dhiaga. A mhalairt i gcás aigne an Iartharaigh, an rud is tábhachtaí a bhaineann le cultas ná creideamh daingean intleachtach.”

“Ní féidir an Fhírinne a dhúnadh isteach in aon leabhar amháin, an Bíobla, an Veda nó an Qúrán, ná in aon chreideamh amháin.

Físeán na Bliana


2014-08-14

Ar an lá seo, 14 Lúnasa

Ar an lá seo, 14 Lúnasa, 1945, rugadh Wim Wenders.
“Léirmheastóireacht neamhspleách ar scannáin, tá an cultúr sin imithe go huile is go hiomlán agus baineann sé sin le haois na dtomhaltóirí ina mairimid faoi láthair.”

“Cuireann siamsaíocht an lae inniu béim ar an teachtaireacht go bhfuil gach aon ní go hiontach mar atá. Ach tá cineál eile cineama ann a deir gur féidir athruithe a dhéanamh agus go bhfuil athruithe riachtanach agus gur fútsa atá sé.”

“Scannán ar bith a thacaíonn leis an smaoineamh gur féidir an domhan a athrú is mór-scannán é dar liomsa.”

“Dá mhéad tuairimí atá agat is ea is lú a fheiceann tú.”

smaoineamh an lae

"Caithfear a bheith báite i bhfocail, ar maos iontu dáiríre, chun go ndéanfadh na focail chearta patrúin chuí ag an nóiméad ceart."
-Hart Crane (1899-1932)

2014-08-13

Ar an lá seo 13 Lúnasa

Inniu an 13 Lúnasa, Lá Idirnáisiúnta na gCiotóg.
Ciotóg ab ea Carl Phillip Emanuel Bach:

Sand Patterns, Thallawbawn, Mayo

Íomhá Ron Rosenstock
Cruthúnas Beo
Agus an ghaois á leanúint acu
chuir na mistéirí síoraí
foirm an daonnaí
ar fáil
mar chruthúnas beo orthu féin.

An fhaid is a bhí an braon
gan teacht as an bhfarraige
níorbh eol 
don aigéan
an niamhracht atá istigh ina lár

His Living Proof
The eternal mysteries,
following wisdom's lead,
brought forth
the human form
as their living proof.

As long as the drop
hadn't emerged from the sea,
the ocean
didn't notice
the depths of its splendour.
By Abdul-Qader Bedil
(1644 - 1721)

English version by David and Sabrineh Fideler

2014-08-12

An bhfuil an Ghaeilge á Meiriceánú?

An bhfuil an cultúr á Mheiriceánú? Cad déarfadh Peig Sayers? "Seanbhean is ea mise anois a bhfuil cos léi san uaigh is lóis nua phúdair choise féir líomódigh uirthi...."

Ar an lá seo 12 Lúnasa

Ar an lá seo 12 Lúnasa, 1827, cailleadh William Blake

LIG DON DAOR …

Lig don daor, ’s é ag meilt go mín, rith amach sa pháirc ghlas
Lig dó féachaint suas sna flaithis, le gáire, sa ghile
Lig don anam bocht, faoi ghlas sa dorchadas go faon
Aghaidh nár las le gáire le breis is tríocha éigin bliain
Féachaint amach; níl slabhraí air; tá an doras ar leathadh;
Is lig dá bhean is páistí teacht abhaile ón súiste géar
Féachann siad siar ar gach coiscéim, is dóigh leo gur brionglóid é
Á rá: d’fhág an ghrian an doircheacht agus d’aimsigh an mhaidin úr
Agus is geal leis an ngealaigh an oíche spéirghealaí
Tá an impireacht ar lár – an Mac Tíre is an Leon ar ball.
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo

Cén praghas atá ar chiall cheannaithe? An gceannófá í mar rann?
Nó an ghaois le haghaidh rince ar shráid?
Ní hea, ceannaítear an chiall
Le gach a bhfuil aige, a theach, a bhean, a mhuirear
Díoltar an ghaois sa mhargadh dearóil sin gan ceannaitheoir ann
Agus sa pháirc dhreoite áit a dtreabhann an feirmeoir go duairc:
Is fuirist an bua a fháil is an dea-shíon mar ba mhian leat
Istigh sa bhfíonghort is canadh os ard ar vaigín lán d’arbhar
Is fuirist ‘foighne’ a rá leis an té atá i gcruachás
Is fuirist ‘stuaim’ a rá leis an bhfánaí atá gan dídean
Éisteacht leis an bhfiach dubh agus ocras air sa gheimhreadh bán
An fhuil is í lán d’fhíontaibh is de smúsach na n-uan
Is fuirist gáire a dhéanamh in aghaidh na gaoithe géire
Éisteacht le tafann an mhadra sa bhfuacht, ong an daimh istigh sa seamlas;
Dia éigin i ngach leoithne agus beannacht i ngach cuaifeach
Siosarnach an ghrá sa stoirm thoirní, an stoirm a leagfadh tigh ár naimhde;
Gairdeas a dhéanamh faoin dubh ar a ghort san
Is an galar a mharaíonn a leanaí

An ológ, an fhíniúin go meidhreach sa tairseach
Torthaí is blátha ag ár leanaí

Dearúdtar ansin an osna is an dobrón
An daor is é ag meilt go mín
Is an cime faoi ghlas is an bochtán sa charcair

Is an saighdiúir ar an má
An chnámh leonta a d’fhág ag osnaíl é i measc na marbh suairc.
Is fuirist gairdeas a dhéanamh i bpubaill gheala an rachmais;
Chanfainnse amhlaidh gan amhras: sea, ní suairc domsa áfach.


2014-08-11

Wuthering Heights



WUTHERING HEIGHTS/ NA SCEIRD-ARDA


Amuigh ar an gcaorán lom fiáin
Ag rabhláil ’measc na dtom
Tusa bhí teasaí is mise lán d’éad
Sinn santach araon

Conas a d’fhágfá
Agus mise do do ghabháil?
Bhí fuath agam duit agus grá

Tromluí istoíche
Is dúirt tú liom go gcaillfinnse choíche
Is nach bhfeicfinn go deo iad sceird-arda
Sin mo chroíse

Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé
Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé

Ó, nach fuar agus nach uaigneach
Is mé ’r an taobh eile díot
Mé lán de ghruaim, mar tá tú uaim
An t-iomlán díot

Tá mé chugat, a stór,
Tú Heathcliff, mo bhrionglóid
Is tú mo mháistir

Rófhada mé ’muigh san oí’
Beidh gach rud i gceart arís 's mé lena thaobh
Ag filleadh dom ar sceird-arda, sceird-arda
Sin mo chroíse


Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé
Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé


Ó, bíodh sé agam
Lig dom d’anam a ghabháil
Ó bíodh sé agam
Lig dom d’anam a ghabháil
Mé atá ann, Caitlín

Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé
Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé

Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht

Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, yé
Is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, yé