2019-12-31

1986


Níor tharla aon ní tábhachtach
                                                Seachas

Sa tSín bhí dath gorm
ar na foraoisí bambú
saghas gorm-chorcra

Agus d'ith na mílte pandaí
gach aon diabhal
péacáin

Tá na nuachtáin ag insint bréag
nó tá an áilleacht marfach


as an leabhar  Inverse (2016- 1979) le Víctor Rodríguez Núñez,

in eagar agus aistrithe ag Katherine M. Hedeen (Poetrywala, 2019)


2019-12-30

TIME BOMB


buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

buAMa buAMa buAMa buAMa

2019-12-29

Tráthnóna in Yunnan / 云南的黄昏

Tráthnóna in Yunnan,
Na Ye /娜夜‏

níor luadh an fhilíocht,
ní raibh aon tagairt d'fhulaingt daoine
sular chuamar a luí.
Beirt bhan,
is gan ceachtar againn ina máthair.
Faoin spéir réaltógach a labhramar,
fealsúnacht Kant,
an Mháthair Treasa, agus cairdeolaíocht.
Mhachnaíomar ar na haindiachaithe sin
a éiríonn cráifeach leis an aois,
agus gur gleoite iad scáileanna ná na nithe féin.
Bhí meon eile ann an uair sin:
coinníodh slán sinn gan mhuirín.

云南的黄昏

云南的黄昏
我们并没谈起诗歌
夜晚也没交换所谓的苦难
两个女人
都不是母亲
我们谈论星空和康德
特蕾莎修女和心脏内科
谈论无神论者迷信的晚年
一些事物的美在于它的阴影
另一个角度:没有孩子使我们得以完整

文 /娜夜‏



as 21st Century Chinese Poetry, Uimh. 8

2019-12-28

Santoka

Bada Shanren
an aigne folamh…
mé ag siúl trí fhoraois
na gcrann feoite
no thoughts…
walking through the forest
of withered trees
σκεπτόμενος το κενό…
καθώς περπατώ
στο ξερό δάσος

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-12-27

Teifigh


ΠΡΟΣΦΥΓΕΣ

Από την άλλη πλευρά
της φωτογραφίας γράφω για να θυμάμαι
όχι το πού και πότε αλλά ποιος

Δεν είμαι εγώ στη φωτογραφία

Τίποτε δεν μας άφησαν
να πάρουμε μαζί μας
Μόνον αυτή τη φωτογραφία

Αν τη γυρίσετε από την άλλη θα με δείτε

Εσύ είσαι στη φωτογραφία, με ρωτούν
Δεν ξέρω τι να σας π

Γιώργος Χουλιάρας



TEIFIGH

Scríobhaim ar chúl an ghrianghraif
chun a mheabhrú dom féin
ní cén áit ná cathain ach cé

Nílimse sa ghrianghraf

Níor fhágadar faic againn
le tabhairt linn
An grianghraf seo, sin an méid

Cas timpeall é agus feicfidh tú mise

An tusa atá sa ghrianghraf sin, ar siad
Níl a fhios agam cad is féidir a rá

Yiorgos Chouliaras


2019-12-22

An Chorr Éisc

Táim ag imeacht, ar sé, ag bailiú liom.
Is bhí fhios agam gur ag imirt cluichí liom arís
a bhí sé.
Imigh leat! Agus ní gá dhuit teacht ar ais
arsa mise leis go giorraisc.

Ach cá bhfuil sé uaim, mo thiarna?
Mar ní sólás go dtí é.
Líonann deora an spás idir mo dhá chíoch
atá anois ina linn lán is an chorr éisc bhán
gona cosa dubha ag faire ar chreach.

Nannakaiyar

2019-12-21

Faoiseamh

Relief

As the squeezing of a blister or boil causes relief for some time,
so it is with  charming women.
How could there be any sin in it?
As a ram drinks the quiet water, so it is with charming women.
How can there be any sin in it?



Faoiseamh

Faoi mar a fhaightear faoiseamh seal nuair a fháisctear balscóid nó neascóid,
sé an scéal céanna é maidir le mná gleoite.
Conas d'fhéadfadh peaca a bheith ann?
Faoi mar a ólann an reithe an t-uisce ciúin,
sé an scéal céanna é maidir le mná gleoite.
Conas d'fhéadfadh peaca a bheith ann?


Féach
Appendix I - The Lokāyata, Nāstika and Cārvāka

2019-12-20

Ag tarraingt ar dhá scór

Díreach roimh an ngeimhreadh
léiríonn na crainn
a bhfíor-dhathanna dhúinn:
buí buile na gcrann cnó capaill
dhá mhailp mar shiúracha gaoil
an bheith oráiste
níos cróga ná béaldath

Ag tarraingt ar dhá scór dúinn
mionnaímid, nuair a thiocfaidh an t-am,
nach bhfeofaimid inár ndaoine
uaisle liatha
ach dála Colette henna a chur
inár gcuid gruaige, beimidne leis
órga rua
is imeoimid sa deireadh
inár lasair fhiáin

Alison Fell

2019-12-19

Ogham

“Ogham Stones Cill Oirthir” © 2019 Laura Jean Zito

leannáin chaillte
ón am fadó
an mbeidh aithne againn arís
ar a chéile
an croí creimthe ag an tost
lost lovers
from a distant past
shall we know one another
silence that gnaws
at the heart

2019-12-18

Alexei Kondratyevich Savrasov

Alexei Kondratyevich Savrasov
á bhfoirmiú
i dtormáil néalta dubha -
rúcaigh linn arís
formed
in the rumbling of dark clouds -
rooks are back again
wrocht
i the rummlin o derk cluds -
corbies hae won back agane

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
黒雲の
雷鳴の中
カラス帰巣す

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-12-17

Seanfhocail agus Nuafhocail



Foilmhe an chupáin a dhéanann fónta é.


Más díoltas atá uait, déan dhá uaigh


Níl eagla roimh an bhfoirnéis ar an bhfíor-ór.


Níl cara ar bith ag fear inste na fírinne



Nuair a chailltear seanduine, dóitear leabharlann go talamh




Fál thart ar an ngaois é an tost

2019-12-16

Goa

troid mhadraí
ar thrá i nGoa…
madra bacach sa chomhrac

dogfight
on a beach in Goa…
a lame dog joins in

σκυλοκαβγάς
σε παραλία στη Γκόα…
μπαίνει κουτσό σκυλί

maidin i nGoa…
dúisíonn dreancaidí strae
ar mhadra strae

early morning in Goa…
stray fleas on a stray dog
waking up

πρωί στη Γκόα…
ψύλλοι αδέσποτοι
ξυπνούν σ' αδέσποτο σκυλί

bí id' mháthair
do gach gadhar fáin…
a ghealach Goa

be a mother
to all homeless dogs…
Goan moon

γίνου μητέρα
για τ' αδέσποτα σκυλιά…
σελήνη Γκόας

margadh Anjuna…
sean-hipí ag dul as
i néal raithní

Anjuna market…
old hippy disappears
in a cloud of ganja

Αρζούνα μάρκετ…
χάνεται γερο-χίπης
σε νέφος χόρτου

tá sise leis
ag éamh chun go sábhálfaí í…
muiscít

it too
is crying to be saved …
mosquito

κι αυτό επίσης
κραυγάζει για να σωθεί…
κουνούπι


Leaganacha Gréigise: Sarah Thilykou

2019-12-15

Tanka

Ealaín: Antonio Donghi
gabh mé, a shearc
ceansaigh mé    rithimse leis an ngaoith
tar led' shealán
    is le briathra suaimhneacha
    rófhada mé san uaigneas
capture me, beloved
tame me    I run with the wind
come with your noose
    and with calming words
    I've been in the wild too long
πιάσε με, αγάπη
δάμασε τον άνεμο
με τη θηλιά έλα
    και λόγια γαλήνια
    ήμουν καιρό αγρίμι

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
tokye me, medɔ
boto me ansana me ne mframa akɔ
fa pɔnkɔ ahoma bra
    ne nsɛm a ɛdwo akoma
    na m'ayɛ ɔbaadenden akyɛ

Leagan Tíbhise: Adjei Agyei-Baah

2019-12-14

Smaoineamh an Lae

Níl gá ag an mórghé shneachta le folcadh laethúil
chun go bhfanfadh sí bán.

Chuang Tzú


2019-12-13

Haiku le Issa on mbliain 1805

asayake ga yorokobashii ka katatsuburi

an gcuireann sé aoibhneas ort
a sheilide  . . .
fainne geal an lae

2019-12-12

Haiku le Issa ón mbliain 1814

Hokusai
portáin
á ndingeadh féin sa luachair  . . .
contráth san fhómhar


.芦の葉を蟹がはさみて秋のくれ

ashi no ha wo kani ga hasamite aki no kure


2019-12-11

Biryani in Belfast / Biryani i mBéal Feirste


Biryani in Belfast

Making Biryani in Belfast
Is no Trouble.
You get the ready-made Pakistani spice-mix
From the Indian store,
Follow the recipe, add some saffron,
And chillies and cardamom,
And Wallah, there it is!
The green enmeshed in the orange rice,
Even as some grains fail to catch colour,
and remain simply white,
it all smells delicious.
The brown meat stands out.

Maaz Bin Bilal


Biryani i mBéal Feirste

Ní haon Trioblóid é
Biryani a réiteach i mBéal Feirste.
Faigh an meascán spíosraí réamhdhéanta Pacastánach
Ón siopa Indiach,
Lean an t-oideas, beagán cróch a chur leis
Agus cúpla sillí is cardamam,
Agus Wallah, sin é!
An glas sáite sa rís oráiste,
Fiú mura dtógann cúpla grán dath ar bith
Agus go bhfanann bán,
Tá boladh dea-bhlasta uaidh go léir.
Seasann an fheoil dhonn amach.

Maaz Bin Bilal


2019-12-10

Briathra an Bhúda

Le dea-mhéin i leith an chosmais go léir,
cothaigh croí gan teorainn:
Os do chionn, thíos fút agus thart timpeall ort,
gan bhac, gan naimhdeas ná fuath.


Mettañca sabbalokasmi,
mānasaṃ bhāvaye aparimāṇaṃ:
Uddhaṃ adho ca tiriyañca,
asambādhaṃ averamasapattaṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/sutta_nipata_1_150.mp3

2019-12-09

Slán á rá istoíche le m’iníon

An fhuaim íslithe, gorm dochreidte
an Chiúb Uisce i mBéising ag líonadh an scáileáin.
Seasann tumadóir óg ar an gclár,
méara na gcos leata, sála ar imeall na haibhéise.
Creat na n-easnacha ag bolgadh amach is isteach
a lámha á n-ardú aige ina cheann saighde.

Beirim ar m’iníon agus tugaim croí isteach di,
í á muirniú agam go dtí nach n-aithním
ár dhá gcolainn óna chéile – mar a bhuaileann sruth
le habhainn, abhainn le muir – go dtí gurb é
ár dtús arís é; an cliabhán uiscí
nach bhfuil ceachtar againn in ann a fhágaint.

Teilgeann ceannsoilse a ngathanna ar an tsíleáil.

Ar ais i mBéising, an garsún ina stua san aer
ag casadh mar spóilín i seol.
An t-uisce á ghearradh aige gan splais nach mór.

Patricia Ace

2019-12-08

Dán fá shuan

Dán fá shuan
im’ chroí,
im’ chroílár,
agus scáthán dorcha
ag iarraidh foirm a thabhairt dó
ghazal
líne
focal.

De ló is d’oíche
Tarraingíonn sé chuige féin mé,
gan cheol,
gan ghlór,
an tost féin is cur isteach é.
Cén dán é seo
ina chodladh ionam
nach ligeann dom codladh a dhéanamh?

Jameela Nishat

2019-12-07

Smaointe

Imíonn ár gcuid smaointe i ngach aon treo
Is is iomaí slí a bhíonn ag daoine:
An saor cairte ag súil le timpistí
Is an lia le mairtíreach,
An sagart le pátrún a bhfuil a phócaí lán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Tá fear tirim agus fean cleití
Is an uile uirlis cloiche ag an ngabha,
Lá i ndiaidh lae bíonn custaiméirí uaidh
Daoine a bhfuil airgead acu sa sparán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Amhránaí mise, m’athair ina dhochtúir,
Meileann mo mháthair plúr le cloch bhró,
Smaoiníonn gach duine ar domhan ar bhrabús
Treabhaimid ar aghaidh ar nós bó sa láib.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Tarraingíonn capall carráiste mear,
Cad atá ón siamsóir ach gáire,
Sliotán clúmhach atá ón mbod
Agus ón bhfrog an lochán lán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

2019-12-06

Nádúr an duine

Faoi ghort seo
na réaltaí lasmuigh
sa sioc …… a chuireann moill
ar an bhfuil

is dorchadas sinn.

Nádúr an duine
á iompar againn
i gcliabh aeir

is barr na méar
á síneadh amach againn
go dtí guairneán …… na réaltbhuíonta

chun an rud nach bhfuil ann a bhrath

Jean Atkin

2019-12-05

An Teach Cois Farraige, Èirisgeigh

Is anseo a dhreapann an dream báite i dtír.
Ar feadh aon oíche amháin nuair a théann bád faoi

coiscéimeanna fliucha feadh an chosáin scoilte
agus istigh seasaid cois tine a mbéal ar leathadh,

a gcuid scamhóg ar crochadh ina n-ucht mar shac dúfhíona á dtriomú. Cuid acu nocht

go craiceann nite, is iad ag fiafraí díobh féin
an mó den ghealach ná den domhan anois iad –

a mhílí is atáid. Cuid acu buartha faoin bpasáiste,
cuid eile ag smaoineamh fós ar an duibheagán. Tart

millteach orthu go léir, a lámha á bhfáscadh acu
is doirtear an sáile ar fud an urláir.

Niall Campbell


2019-12-04

Cúis agus Éifeacht

Smaoinigh sé roimh an gcogadh
Ar choimhlintí, laochas, naimhde
Ba ghá a chloí;
Cúiseanna ba chóir troid ar a son.

Roimh an gcogadh níor chás leis
Spéartha geala, páirceanna, an ghrian
Theolaí, a bhean –díreach
Cúiseanna ba chóir troid ar a son.

Feicim anois tar éis an chogaidh é
Le mo linn féin. Tugaim faoi ndeara an grá
Atá aige don ghrian, spéartha geala, páirceanna, a bhean:
Cúiseanna is cóir troid ar a son.

Alan Bold


2019-12-03

Elizabeth Keith

Elizabeth Keith,
Little Mother, Japan, (1936, 5.5 x 10 in)
dún do shúile -
(an bhábóg bheag fós ina dúiseacht…)
dún anois iad!
close your eyes -
(the little doll is still awake…)
close them now!
steek yer een -
(the dallie's aye wauken…)
steek yer een nou

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
見てごらん
お人形まだ起きている
さあ見てごらん!

Leagan Seapáinise: mariko sumikura

2019-12-02

Haiku le Issa ón mbliain 1819

Filiméala agus cuach ag canadh i dteannta a chéile!



can, a chuach!
an tinneas cinn atá orm
nach mór leigheasta agat

.時鳥なけや頭痛の抜る程

hototogisu nake ya zutsû no nukeru hodo


2019-11-30

Crainn

Seo ag rothaíocht mé lastall ded’ thighse,
suím ar gheata a fhéachann amach ar choinleach.
Do spád ag lonrú faoi ghrian an chósta
is tú ag gearradh trí do scáth
is trí fhód, isteach sa dúrabhán dubh méith; ársa,
scanrúil. Ciorcal néata gearrtha,
tú ag tochailt leat, deannach réaltaí á spré agat as mála.
An crann óg á choinneáil díreach agat, aislíonadh,
á dhaingniú led’ sháil. Doirteann
bogha ceatha as an gcanna spréite.
Allas á chuimilt agat de d’aghaidh, féachann tú suas.
Mé ag sméideadh, ach ní fheiceann tusa ach talamh
a thabharfaidh úlla fós
a fháiscfear ina cheirtlis, a ólfar
faoi scáth duilliúir. Fear a bhfuil crainn á gcur aige
níl sé chun a bhean a fhágaint,
is cuma cad deirir. Níl tú ag imeacht.

Sue Butler

2019-11-29

Fear Cánach


Seacht speal ina luí in aghaidh an bhalla.
Féasóg ar fhéasóg órga
An t-ualach deireanacha eorna
Á luascadh tríd an gclós.
An corc á bhaint as buidéil leanna ag béithe.
Fidil is cosa ag bogadh le chéile.
Ansin idir coinleach is fraoch
Marcach ar séirse.

George Mackay Brown


2019-11-28

Dán Grá ón India: Cead an Údair

Mahe Jabeen
díreach ansin
mar a tharlaíonn an fhilíocht
tagann sé
is tugann póg dom

ag iarraidh meadaracht a fháil
i bhfuaim na gcos aige
dúnaim mo shúile

plúchann
an óige mé

smaointe
a bhí á bhfoirmiú
ag dul amú

mo chuid íomhánna fileata
á gcreachadh gan taise gan trua

pógann grá gan mhasc mé
ar an gclár éadain lom
lonraíonn im’ shúile
go mealltach
a mhéar ar leiceann liom
ar chuar mo mhuiníl
tá amharc ar fara
is bogann mar leoithne

táim gafa ag éigse
gan bhriathra

foilsíonn beola an dán
le cead an údair


Mahe Jabeen

2019-11-27

Líonpheil

Ba chuma má mheas mo mháthair go rabhas mar rud éigin
a chuirfí ag fás i seomra dorcha nó gan mo chuid spéaclaí
go rabhas ar nós scallamáin is spotaí ar sceabha in áit na súl
a bhí tar éis titim as nead. Bhí an méid sin go léir ann ach ba chuma
sa sioc mar bhíos tar éis teacht ar líonpheil is ansin ní raibh ann ach
báine bhuile dhoiléir ceithre phéire dhéag de stocaí bána, deich bpónaí, an tsiosarnach leictreach is imirt foirne ann agus a ghealann seomra dorcha
gan díon, gan síleáil gan falla ar bith agus fonsaí ar foluain
ar nós dhá om ar crith.

Cheryl Follon

2019-11-26

Anon

Anaithnid
le chéile i gcónaí
in abhainn na súl -
Radha agus Krishna
always together
in the river of their gaze -
Radha and Krishna
aye thegither
i the watter o thair govein -
Radha'n Krishna

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
いつも一緒
川でも見つめ―
ラダーとクリシュナ(印度の神)

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-25

Ryokan

An saol seo againne -
ní thabharfainn samhail ar bith dhó
ach macalla
ina bhlosc trí na sléibhte
is amach trí fholús na spéartha


Notre vie en ce monde -
À quoi la comparer ?
Elle est comme un écho
Qui résonne à travers les montagnes
Et s'en va dans le ciel vide

Leagan Fraincise: D.Py

2019-11-24

Long

Tharla nach raibh ann
sa deireadh
ach báidín buachalla
ar loch na páirce áitiúla,
is mé ag siúl id’ theannta.

Ach chuas ar mo ghlúine
chun breathnú ar a theacht isteach,
an seol bán cúthail
is solas ómra tríd,
grian dhéanach
a dhein cré-umha buailte
den tonn a d’ardaigh í,

mo longsa ag teacht isteach
gona lasta áthais.

Carol Ann Duffy


2019-11-23

Fiáin

Inniu,
ar ár n-aistear abhaile,
chonaiceamar

clamhán
i mbun maraithe
ar chiumhais an bhóthair

tháinig sé ar foluain
trasna an ghaothscátha
is chuaigh ar a ghogaide

ar rud éigin –
ní fhacamar
cad a bhí ann -  na sciatháin

á bhfilleadh timpeall
ar ‘an gcreach’
mar a thug Lucas air.

Theastaigh uaidh a fháil amach
an bhfuadódh clamhán páiste,
nó cat;

ansin,
nuair a mhoillíomar chun breathnú air
theastaigh uaidh sásamh a bhaint

as an gclúmh
agus an loinnir fhiáin
ina shúil.

John Burnside

2019-11-22

Diùra

an glór & na tostanna
an teach solais & an gallán
an bóthar & an móinteán
na deora dé & an coll
an gairdín & an trá
na crécholúir & na gabhair fhiáine
an portach & an guairneán
an t-óstán & an fothrach
an bád farantóireachta & an grean
an glór & na tostanna

Ken Cockburn

2019-11-21

Corpáin in Kashi

An bhfuil Kashi feicthe agat?
Tagann is imíonn corpáin ann
ar an mbóthar céanna

Agus cad mar gheall orthu?
Tiocfaidh corpáin
imeoidh corpáin

Fiafraigh ansin, cén corpán é seo?
An é Rohitashva é? Dhera, ní hea
ní fhéadfadh gurb é Rohitashva atá i ngach corpán

Aithneoidh tú a chorpán
i bhfad uait
agus mura n-aithneoidh

Aithneoidh tú gar dhuit é
agus mura n-aithneoidh ansin
ní hé Rohitashva atá ann

Agus más ea féinig,
cén difríocht
a dhéanfaidh sé?

A chairde, tá Kashi feicthe agaibh
áit a dtagann is a n-imíonn corpáin
ar an mbóthar céanna

Agus ní dhearna sibh ach an méid sin –
slí a dhéanamh dóibh agus a rá,
Cén corpán é seo?

Pé duine a bhí ann
nó nach raibh ann
cén difríocht a dhein sé?



Shrikant Verma

2019-11-20

Kawase Hasui

Kawase Hasui
fianna ag Scrín Kasuga
cén teachtaireacht atá acu?
fiafraigh
deer at Kasuga Shrine
what message do they have?
go and ask
deer it Kasuga Shrine -
gae an speir
whilk's thair message


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
春日の鹿
何の託宣
寄りて問う

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-19

Haiku

mcdaids  . . .
neach ó ré eile
is tart an diabhail air


mcdaids . . .
someone from another century
with a terrible thirst

Grianghraif : Jason Symes 

2019-11-18

Dornán haiku ón tSeapáin

火を恋ふや独逸腸詰薄く切り  宮下恵美子

hi o kou ya doitsu chôzume usuku kiri

ag tnúth le tine -
salámaí Gearmánach
á mhionghearradh agam

Emiko Miyashita

ガレのランプとそつくりな毒茸    西脇はまこ

gare no ranpu to sokkurina dokukinoko

díreach ar nós
lampa de chuid Gallé
beacán nimhe

Hamako Nishiwaki

行く秋や琥珀に虫の深眠り                        小田切順子

yuku aki ya kohaku ni mushi no fukanemuri

deireadh an fhómhair—
codladh sámh na feithide
istigh san ómra

Junko Odagiri

マルボロを置く晩秋の父の墓  角川春樹

maruboro o oku banshû no chichi no haka

fágaim paicéad Marlboro ann -
uaigh m'athar
amach san fhómhar           

Haruki Kadokawa

月光のおもさ加はる稲穂かな  奥名春江

gekkô no omosa kuwawaru inaho kana

meáchan sholas na gealaí
curtha leo…
diasa ríse

Harue Okuna

佇めば色の一つになる花野  さとうみゆき

tatazumeba iro no hitotsu ni naru hanano

má sheasaim go socair
déanfar dath dhíom…
gort bláthanna fómhair           

Miyuki Sato

さみしさを八つに割りし梨ひとつ   岡田史乃

samishisa o yattsu ni warishi nashi hitotsu

uaigneas á ghearradh
in ocht bpíosa…
piorra           

Shino Okada

雨の名もいろいろありし暮の秋   星野高士

ame no na mo iroiro arishi kure no aki

a liacht sin ainm
ar an mbáisteach…
deireadh an fhómhair

Takashi Hoshino

2019-11-17

Haiku le Santoka

Marc Chagall
grianmhar, meigeallach
is scamallach, meigeallach
gabhar

sunny, she bleats
and cloudy, she bleats
a goat

Santoka

2019-11-16

Takahashi Shôtei (1871 - 1945)

Takahashi Shôtei (1871 - 1945)
gach uile fhuaim nach mór
á múchadh aici…
báisteach istoíche
drowning out
all other sounds, almost…
night rain
droonin oot
aw ither soonds, awmaist…
nicht weet

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
ほかの音
みなかき消して
夜半の雨

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-14

Bus

D’fhágas an tigh, ní dúirt foc ná faic léi, amach liom, arsa Joe.
Ag brostú faoi dhéin an bhus a bhíos agus focin strus an domhain orm.
Ag bogshodar síos an focin cnoc agus m’othras dom dhó
Agus is ar éigean má bhíos in ann análú is mé ag iarraidh an bus sin a fháil.
Deich soicind nó mar sin idir mé is an cunús sin de bhus, an focar.
Focin matalang. Táim ag féachaint ar an bhfocar is é ag tiomáint leis,
Múch dhubh á séideadh aige im phus…

Mar sin  bhí orm crochadh thart ar Bhóthar Ghort na Naomh. Crochadh thart.
Ag fanacht leis an gcéad bhus eile. Ag fanacht ansin, díomhaoin, spalladh orm.
Ag tabhairt aire do mo ghnó féin, tá’s agat.

Seo chugam ansin duine de na protastúnaigh mheánaicmeacha sin
Ó bhun na sráide is é ag siúl faoim dhéin
Is claonaim mo chloigeann, heileo, ag iarraidh a bheith béasach, cad é mar?
Mar tá súilaithne agam air agus cónaí orainn ar an mbóthar protastúnach céanna.
Agus tá an cogadh thart agus an cac sin go léir.
Is siúd ag smaoineamh mé go mb’fhéidir go gceapann sé gur prod mise, leis,
Mar ní osclaímse mo focin bhéal, ní ligim faic orm.
Cad eile a dhéanfá? Ní hé go dteastaíonn uaim bheith mór le mo chomharsana
Protastúnacha go léir.
D’fhéadfaidís buama loiscneach a chur im threo ach gur den mheánaicme iad
Agus ní dheintear a leithéid thuas ansin.
Ach d’fhéadfaidís tú a ghearán leis an dól nó rud éigin mar Fíníneach is ea thú.

Ar aon chuma, seo chugam é agus tá sé chun forrán a chur orm.
Arsa mise liom féin, cad sa foc…
Agus stopann sé agus is deargadh atá uaidh.
Siúd ag fústráil mé go n-aimsím an lastóir dó.
Tá sé ábhairín gaofar mar sin lasaim an lastóir
Agus ardaím an lasair ach múchtar í.
Gabh mo leithscéal, lasaim arís é.
Tá sé fós gaofar mar sin clúdaíonn sé mo lámha lena lámha siúd,
Mar ghaothscáth bídeach don lasair

Agus lasann sé a thoitín
Is gabhann buíochas liom
Agus siúlann leis síos an bóthar


Agus tagann an chéad bhus eile.
Agus léimim ar bord.

Agus táim im shuí ansin istigh sa bhus
Is mé á rá liom féin go raibh sé seo go léir an-ait ar fad.
Is ritheann sé liom gur leag sé lámh orm
Leag lámh orm.
Leag sé a lámha ar mo dhá lámh tá’s agat
Nuair a thugas deargadh dó.

Is táim ag rabhláil síos Bóthar Ormeau ar an mbus
Agus ritheann sé liom gurbh in an chéad uair
Ar leag Protastúnach lámh orm.
Is braithim ait faoin eachtra ar fad.
Leag sé a dhá lámh orm, tá’s agat.
Bhí a lámha orm…

 

Gabriel Rosenstock

(ó Bhéarla Ghearóid Mhic Lochlainn)

2019-11-13

Eanáir 2003

Tar éis trí scór bliain níl mo chuid gumaí rómhaith.
Glanaim le flas fiacla iad sa leithreas fear agus ban.
Ar ais liom, mé ag dreapadh thar mo bhean is m’iníon
Is féachaim síos cúig mhíle ar an Hindu Kush.
Is léir an India á sá féin isteach san Eoráise:
Plátaí leibhéalta agus rufaí sléibhte á n-ardú féin is ag titim as a chéile
Fad mo radhairc uaim tríd an aigéan solasmhar seo
Trína bhfuil ár n-eitleán ag gluaiseacht, gan chorraí nach mór,
Gan chrith ach ar éigean, na ciliméadair theibí
Á n-ithe aici. Ina shuí sa suíochán romham,
Aindeolaí ríomhaireachta agus spéaclaí air nár ardaigh
An dallóg ó d’fhágamar Kuala Lumpur. Ar an scáileán
Tá an tsaighead a dhíríonn ar Mheice tar éis casadh
Feadh an sciatháin, nach mór. Dhá thír uainn
Trasna an domhain seo ar dhath an leoin tá cogadh á bhagairt. Samhlaím buamaí
Á ligean anuas ag an mboilgeog aeroiriúnaithe seo
Ar an mion-chearnóg de shráidbhaile i bhfad thíos uainn,
Níos lú ná lorg coise camaill. Tagann meadhrán orm,
Ag stánadh síos go díreach. Ní ligtear buamaí anuas.
Agus ní ligfí dá mbeinnse im’ chaptaen anseo
Ar an bpláinéad leochaileach comhtháite seo,
A chasann gan script. Iompraíonn ár mboilgeog sinn, go domhain i solitaire ríomhaireachta nó inár gcodladh dúinn,
Slán, ní féidir sin a rá go dearfa, ach go fóillín
Teolaí san aer tanaí agus an fuacht marfach 



D.M. Black

2019-11-12

Smaoineamh an Lae

Ní lena mílseacht ná lena dílseacht,
ní lena háilleacht ná lena cáilíocht
a labhraímid í,
fiú is go bhfuil gach cáilíocht aici.
Ní hé go bhfuil sí chomh milis leis an mil,
chomh nádúrtha leis an uisce ag rith
nó leis an bhféar ag fás.
Ach cad ina thaobh?
Mar gur linn féin í.


Tomás Ó Cinnéide, An Ghráig

2019-11-11

An Sceithire

Aistriúchán ar The Whistleblower 
le Emer Davis 

I mo thost
ag breathnú
ar an taoide aife
mé leathbháite ag cáitheadh
mé ag breathnú
ar chnagarnach na dtonn
is an ghrian ag dul faoi

I mo thost
seasaim liom féin
thug an tsochaí
cúl liom
mar gur labhair mé amach
chuir nimh an phobail i mo thost mé
seasaim liom féin
is breathnaím ar na cuilithíní bána
ina mearchaise an bhóchna anonn
-------
Rugadh Emer Davis i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1966 agus tógadh ar Oileán Acla í. Chuaigh sí ar imirce go Londain sa bhliain 1990 agus chaith sé bliana ann ag obair do na poitigéirí Boots. Sa bhliain 2016, chaith sí mí ag obair le himircigh ar Oileán Lesvos. Sa bhliain 2018, bhog sí go Deilí Nua

Ju Lian

Ju Lian
laom na mbláthanna
i gcantain éan -
críoch le cogadh tús le cogadh
blossoms redden in birdsong
a war ends -
another war begins
flourishins reidden in burdsang
a weir ens -
anither sterts

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
鳥の歌 花染めて
戦が終わり―
他の戦始まる

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-10

Alfredo Rostgaard

Alfredo Rostgaard
féachann sé isteach
i gcroí gach caipitlí -
Críost treallchogaí
he sees into the heart
of every capitalist -
guerrilla Christ
he seis intae the hert
o ilka capitalist -
guerrilla Christ

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
資本家の
心を見入る
ゲリラの(救世)主

Leagan Seapáiníse: Mariko Sumikura

2019-11-09

Ryokan

Tá an bháisteach stoptha,
néalta scuabtha chun siúil,
an aimsir glan arís.
Má tá an croí glan
Is glan a bheidh an domhan go léir
is ansin treoróidh an ghealach
is na bláthanna thú ar an tSlí

Ryokan

2019-11-08

Nick Drake : Place To Be / Áit Chun Dul A Luí

Áit Chun Dul A Luí

Nuair bhíos níos óige, nuair bhíos-sa an-óg
Ní fhaca mé an fhírinne os mo chomhair
Táim níos sine anois, tá sí an-soiléir
Táim níos sine anois, ní mór an áit a dhéanamh glé.

Is glas a bhíos, mar chnocáinín glas
Áit a bhfásann féar faoi ghrian ard go fras
Táim dorcha mar na farraigí
Níl uaim anois ach áit chun dul a luí

Is láidir bhíos, nuair bhíos faoin ngréin
ag súil le léas ag deireadh an lae
Is laige anois mé ná gorm bán
Ó, lag ar fad mé le tnúthán.

Dhéanfá an rud céanna domsa gan agó
Bí dílis duit féin
Fiú mura bhfuil ann ach fústráil sa cheo

Place To Be

When I was young, younger than before
I never saw the truth hanging from the door
And now I'm older, see it face to face
And now I'm older, gotta get up, clean the place


And I was green, greener than the hill
Where flowers grew and the sun shone still
Now I'm darker than the deepest sea
Just hand me down, give me a place to be


And I was strong, strong in the sun
I thought I'd see when day was done
Now I'm weaker than the palest blue
Oh so weak in this need for you

2019-11-07

Nick Drake: Jane Sa Cheo | Hazey Jane

 Jane Sa Cheo

An fuath leat d'áit dhúchais
Mionnaí móra á dtabhairt
An cuma sa riach leat
Faoin sonas faoin mbuairt
Is an maith leat do shaolsa
Is an ndéanfá é 'rís
Nó an stopfaidh tú chun fiafraí cár imigh an fhís
Is ó Jane, bhfuil ciall
Ó ó, Jane, le do thriall

An bhfuil tusa i d'iarlais
Id' shlat seachas gad
Is bhfuil cúrsaí ag bogadh
Ró-róghasta ar fad
Is bhfuil bealaí ar fáil duit
A mhúchfadh do thart
An bhfuil bealaí nua duitse gan bheith chomh marbh le hart
Hé, ó Jane, tuigeann tú
Ó, Ó, Jane, táimid sa siúl

Is duitse é

Hazey Jane I

Do you curse where you come from
Do you swear in the night
Will it mean much to you
If I treat you right
Do you like what you're doing
Would you do it some more
Or will you stop once and wonder what you're doing it for
Hey slow, Jane, make sense
Slow, slow, Jane, cross the fence

Do you feel like a remnant
Of something that's past
Do you find things are moving
Just a little too fast
Do you hope to find new ways
Of quenching your thirst
Do you hope to find new ways of doing better than your worst
Hey slow Jane, let me prove
Slow, slow Jane, we're on the move

Do it for you
Sure that you would do the same for me one day
So try to be true
Even if it's only in your hazey way

Can you tell if you're moving
With no mirror to see
If you're just riding a new man
Looks a little like me
Is it all so confusing
Is it hard to believe
When the winter is coming can you sign up and leave
Hey slow, Jane, clear your eye
Slow, slow, Jane, fly on by

2019-11-06

Nick Drake: Pink Moon / Ré Phinc

Ré Phinc

Bhí sé scríofa agus bhí á rá
Ré phinc chugainn atá
Níl éinne agaibh chomh hard
Ré phinc í i ngleic le cách

Is is pinc atá
Hé is pinc atá
pinc, pinc, pinc, pinc, mar ré
pinc, pinc, pinc, pinc, mar ré

Bhí sé scríofa agus bhí á rá
Ré phinc chugainn atá
Níl éinne agaibh chomh hard
Ré phinc í i ngleic le cách

Is pinc atá
Yé, is pinc atá

Pink Moon

I saw it written and I saw it say
Pink moon is on its way
And none of you stand so tall
Pink moon gonna get you all
It's a pink moon
It's a pink, pink, pink, pink, pink moon.

2019-11-05

Miosgán Médhbh



a scáthanna
fanaigí amach…
Miosgán Médhbh



shadows
stay away…
tomb of Queen Maeve

2019-11-04

Smaoineamh an lae


An dteastaíonn uait a fháil amach cén cleas atá agamsa?
Is cuma liom cad a thiteann amach


 J. Krishnamurti

2019-11-03

An Prionsa

Nocht an Prionsa san iarnóin, ag bun an chnoic.
Sméid sé orm, i bhfad uaim,
shiúil i mo threo, agus chroith lámh liom.

Bhí sé díreach tar éis peata colúir a scaoileadh saor,
mar sin ba bhoige ná riamh í a lámh
agus ba gheall le spéir an fhómhair í a ghné.

Níl aithne ag mórán ar an bPrionsa seo.
Na cailíní a thug an leasainm sin air.
Ghlaodar orm uair amháin, á rá
"Bei Ye, gabh i leith, tá an Prionsa tagtha!"

Agus go deimhin, ina shuí ar stóilín adhmaid a bhí an Prionsa
tamall uaim. Aoibh an gháire air.
Thart air bhí cúpla cat ina luí go suairc.


Bei Ye           

[Na Duck Yard Lyricists a chuir Béarla air: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers]

2019-11-02

Mála Dubh

Is mian liom
Deireadh a chur leis,
Ach ní inniu,
Níl aon rud speisialta
Ag baint leis an lá inniu.

Ar aon chuma,
Tá dhá bhuidéal ghloine le ní,
Bearradh gruaige a fháil,
Obráid ar na catarachtaí,
Plandaí le huisciú
(Faoi bhláth faoi láthair),
Aire a thabhairt do mo dheirfiúr óg.
Is bím ag taibhreamh i gcónaí faoin strainséir sin
A fhágfaidh na milliúin agam.

Cuirfidh mé an chaint seo ar an mbás
I mála dubh gioblach siopadóireachta
Go fóill, atá lán de phoill,
Is é a chrochadh de thairne
Ar an bhfalla.

Le fírinne,
Ba mhaith liom bheith liom bheith im’ shádú.
Ach tógfaidh sé blianta orm
Ord ar bith a chur ar an bpraiseach
Atá thart orm.


Agus ar ndóigh bheadh sé amscaí
Bheith ag bogadh thart is brísteán orm
Ag lorg deirce.

Sin rud amháin.
Ansin, tá na máithreacha ann
Ar mian leo na rudaí beaga a scanrú
Agus méar á díriú orainn:
Chugat an sádú.
Béarfaidh sé ort.
Ba dheacair dul i dtaithí ar a leithéid sin.
.
B’fhearr an méid sin, leis,
A chur sa mhála dubh gioblach siopadóireachta
Atá lán de phoill
Is é a chrochadh de thairne
Ar an bhfalla.
   
 

Pavankumar Jain

2019-11-01

Cothaithe ag an Oíche

Arsa na réaltaí leis an ngealach:
“Táimid cortha de bheith ag lonrú

An é ár ndán a bheith de shíor ag taisteal?
Cathain a bheidh scíth againn?”

D’fhreagair an ghealach: “A chairde,
Sibhse atá cothaithe ag an oíche,

Tá an ghluaiseacht sna dúile go léir
Each ar cosa in airde is ea an t-am.

Níl ionad scíthe ar an gconair seo
An bás atá laistiar den scíth.

Iad siúd ar sodar amháin atá saor,
Scriosfar lucht scíthe.

Tús na conaire an paisean,
An dearbh-phaisean an chríoch.”

Iqbal

2019-10-31

An Draíodóir

Tharraing an draíodóir
Coinín as a hata
Agus colm as a sheaicéad.
Nocht oráiste ina lámh chlé
Agus an fáinne a bhí ar iarraidh faoi cheilt istigh ann.

Dhún a shúile is dúirt rud éigin faoi rún,
An maide draíochta á bhagairt aige,
Pé rud a iarradh air
Bhí sé aige ina dhorn dúnta.
Níor ghá dhó ach méar a leagan
Ar phíosaí is thánadar le chéile arís
Slán.
Ceann amháin ina iliomad píosaí
Dhá cheann ina iliomad píosaí
Scata in aon phíosa amháin.
An rud ba léir díreach soicind ó shin
As radharc ar fad.

Ina dhiaidh sin, gháir an draíodóir os íseal

Labhair leaid amháin
Ón lucht féachana,
‘A dhraíodóir’, ar sé
‘Scanraíonn do dhraíocht mé!
Dá n-iompófá i m’fhéileacán mé
Is dá n-eitleoinnse liom?’

Lean an draíodóir air ag gáire.
Ansin leath a dhá lámh amach mar sciatháin
Is d’eitil
Caol díreach trí shúile an bhuachalla.

Kamal Vora

2019-10-30

Bainne

A pháistín fionn
Ag gol go faíoch ar uair mharbh na hoíche,
Ná caoin

An bhó dhubh
Atá ceangailte den phionna
Sa bhóitheach dorcha

Is cinnte go dtálfaidh
Lán a hútha de bhainne
Nuair a bhreacfaidh an lá

Uair mharbh na hoíche
Ní go deo ná choíche í
Ná caoin
A pháistín fionn


Milk

Little child
Crying aloud in the dead of night,
Do not cry

The black cow
Tied to the peg
In the dark shed

Will surely yield
Udders-ful of milk
When the dawn breaks

The dead of night
Is not for ever and ever
Do not cry
Little child


Dán ón India le HS Shiva Prakash

(In Other Words, Poetrywala, 2014)

2019-10-29

‘Nuair a Chailltear an Fhís…’

Nuair a chailltear in áit an mhargaidh an Fhís,
Is an Solas faon,
Do shúile agat á n-ardú is gan teacht ar a aghaidh arís,
Do chroí i bhfad uaidh i gcéin,

Tuig gurb é seo do chogadhsa; san uair uaigneach seo duit ar fán
Na Bóithre ab eol dó síos;
Cé nach dtagann sé níos mó istoíche, beidh sé ar a ghlúine led’ thaobh
Chun sólás a thabhairt duit, is roinnfidh leat an Fhís.

May Wedderburn Cannan

2019-10-28

Aranyāni: Spiorad na Foraoise

A Ainnir na Foraoise! A Ainnir na Foraoise!
       Téann tú as radharc san imigéin uainn,
Cén fáth nach dtabharfá cuairt ar an sráidbhaile?
       Ní hé go scanraíonn daoine thú!

Nuair a fhreagraíonn an dreoilín teaspaigh
       Do ghéimneach na mbó i gcéin,
Mar a bheadh do chling bhinn na gclog,
       Bíonn Ainnir na Foraoise i mbun scléipe.

Uaireanta, faightear spléachadh uirthi, ba ar iníor
       Mheasfá, nó tigh ar fhíor na spéire,
Agus cloistear Ainnir na Foraoise um thráthnóna
       Mar a bheadh vaigíní ag imeacht tamall fada uait.

Guth an duine ag glaoch ar a chuid beithíoch a guth,
       Nó torann crainn á leagan.
Fan san fhoraois tráthnóna éigin
       Agus cloisfidh tú í mar éamh ón gcnoc.

Ní baol dúinn í Ainnir na Foraoise
       Ní baol d’éinne í ach dá namhaid.
Itheann sí torthaí milse na coille
       Is glacann scíth nuair is áil léi é.

Tá Ainnir na Foraoise molta anois agam,
       Tá boladh an bhalsaim uaithi, is í atá cumhra,
Cothaithe go maith atá sí cé nach ndéanann an talamh a shaothrú,
       Sí máthair an uile ní atá fiáin í.
 

2019-10-27

Tusa É Sin

D’iarr Uddālaka ar a mhac toradh bainiain a fháil dó.
          ‘Seo dhuit é, a Thiarna!’ arsa Śvetaketu.
          ‘Bris é,’ arsa Uddālaka.
          ‘Tá sé briste agam, a Thiarna!’
          ‘Cad is léir duit ann?’
          ‘Síolta beaga, a Thiarna!’
          ‘Bris ceann acu, a mhic!’
          ‘Tá sé briste, a Thiarna!’
          ‘Cad is léir duit ann?’
          ‘Faic, a Thiarna!’ arsa Śvetaketu.
Arsa Uddālaka: ‘A mhic! D’fhás an bainian mór seo
As síol chomh beag sin
Nach léir duit é.
Creid uaimse an méid seo, a mhic!
          Síol atá sa bheith; gach aon ní eile
          Eisean á chur féin in iúl.
          Eisean an fhírinne. Eisean an Féin.
          A Śvetaketu! Tusa é sin!’

2019-10-26

How She Went to Ireland

Éire agus Sasana trí shúile na nOsréalaithe
Ireland and England (and elsewhere) as seen by the Surrealists.

How She Went to Ireland

Dora’s gone to Ireland
    Through the sleet and snow;
Promptly she has gone there
    In a ship, although
Why she’s gone to Ireland
    Dora does not know.

That was where, yea, Ireland,
    Dora wished to be:
When she felt, in lone times,
    Shoots of misery,
Often there, in Ireland,
    Dora wished to be.

Hence she’s gone to Ireland,
    Since she meant to go,
Through the drift and darkness
    Onward labouring, though
That she’s gone to Ireland
    Dora does not know.

Thomas Hardy   


Dóirín ag Triall ar Éirinn

Tá Dóirín ag triall ar Éirinn
  Trí shneachta is flichshneachta liath;
Chuaigh sí ann de thapaigean
   Ar bord loinge a bhí,
Cad a thug go hÉirinn í?
     Níl a fhios ag Dóirín.  

Sin é an áit, sea, Éire,
   a theastaigh óna croí:
Dá mbuailfeadh uaigneas Dóirín
   is í in ísle brí,
Siar siar go hÉirinn
     Is thiar a bhí a croí.

Thiar atá sí in Éirinn
   Mar a theastaigh ón gcéad lá,
Tríd an ráth is an dorchadas
    Ar aghaidh is ar aghaidh go brách
A triall arís ar Éirinn
     Is ní heol di cén fáth.


  

2019-10-25

Graifítí an Lae - Saul Newman

Go bunúsach, critíc eiticiúil ar údarás is ea ainrialachas - dualgas eiticiúil nach mór chun gach saghas ceannais a cheistiú agus cur ina choinne.


From Bakunin to Lacan ; Anti-Authoritarianism and the Dislocation of Power (2001) le Saul Newman

2019-10-24

Sáimhe

Konoshima Okoku
Ag ól tae, ag ithe ríse,
Ag caitheamh an tsaoil is an saol ár gcaitheamh;
Breathnaím síos ar an sruthán, breathnaím in airde
ar na beanna,
Ar mo sháimhín suilt gan amhras.


 Nan-ch'üan P'u-yüan (南泉普願 Nansen Fugan), Máistir Cha'n

Dán do Nick Drake

Ó Atlas Obscura

Nick Drake (19 Meitheamh 1948 -  25 Samhain 1974)

Ar chúl do leac uaighe
na focail seo -
is deacair iad a léamh:
'Éirímíd anois is táimid gach áit.'

Ach cá bhfuil tú go díreach?
An rabhais riamh anseo?
An raibh éinne againn?
Na focail sin -
an-deacair le léamh:
'Éirímid anois is táimid gach áit.'
                                   

Nick Drake (19 June 1948 - 25 November 1974)

On the back of your headstone
these words -
hard to read:
'Now we rise and we are everywhere.'

But where are you now?
Were you ever here?
Was any of us ever here?
Those words -
so hard to read:
'Now we rise and we are everywhere'.

2019-10-23

2019-10-22

deora aingil

mí-úsáid leanaí…
deora aingil
á reo
child abuse…
the tears of an angel
freeze
bairn abuiss…
tears o the aungels
jeel

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
子の虐待…
天使のなみだ
凍りたり

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-10-21

Haiku le Issa ón mbliain 1814

Ohara Koson
Is minic macalla ón am atá thart - braistint, blas, boladh, focal - sa haiku a tharlaíonn san am i láthair. Sampla foirfe den frisson sin atá sa haiku breá seo:
cumhracht na mbláthanna plumaí -
meathchuimhne agam
ar theach mo mhamó

.梅がかや生覚なるうばが家


ume ga ka ya namaoboe naru uba ga ie