2014-03-18

An Iaráic - AON BHLIAIN DÉAG i nDIAIDH AN CHOGAIDH

Agóid Chiúin ar Shráid na Siopaí, Gaillimh

Amárach, Dé Céadaoin, Sráid na Siopaí (an barr), Gaillimh, 12.45 p.m., cuimhneoidh Comhghuaillíocht na Gaillimhe in aghaidh Cogaidh ar an gCogadh mídhleathach san Iaráic ar cuireadh tús leis aon bhliain déag ó shin agus smaoineoimid ar Mhargaretta D'Arcy a bhfuil naoi seachtaine caite faoi ghlas aici i Luimneach. (Cuimhnigh ar Luimneach).

Leanfaidh an agóid chiúin ar feadh 45 nóiméad.

Bhi ról nach beag ag Éirinn (via Árfort na Sionainne agus aerspás na hÉireann) sa chogadh sin nach raibh aon ghá leis sa chéad áit. Go dtí an lá atá inniu ann, tá pobal na hIaráice ag fulaingt go géar de dheasca an chogaidh sin.

Bhí seacht mí ann sa bhliain 2013 nuair a cailleadh thart ar fiche míle duine mar gheall ar an suaitheadh cathardha agus seicteach a d'eascair as ionradh na Meiriceánach is na mBriotanach sa bhliain 2003.

Tríd is tríd, cailleadh 1.4 milliún (meastar) san Iaráic le haon bhliain déag anuas. Tá ceithre mhilliún teifeach ann. Tá ollbhochtaineacht agus galair ainsealacha ag cur as don phobal. Rud an-choitianta is ea an ailse agus an mhíchuma bheirthe san Iaráic agus úráiniam laghdaithe sna hairm a tháinig trí Árfort na Sionainne is cúis cuid mhaith leis sin.

Tuilleadh eolais: Niall Farrell 091-792297 or 087-9159787