2014-03-16

Ar an lá seo 16 Márta

Ar an lá seo, 16 Márta, 1892, rugadh César Vallejo.

Do mo dheartháir, Miguel

In memoriam



A dheartháirín, táim im shuí amuigh ar an mbinse os comhair an tí
agus cruthaíonn do neamhláithreacht folús síoraí.
Is cuimhin liom go dtéimis ag spraoi thart faoin am seo, agus mamaí
ár muirniú: “Ach, a bhuachaillí . . .”

Téim i bhfolach anois,
mar a dheineas fadó, na paidreacha tráthnóna sin
i gcónaí, agus súil agam nach dtiocfaidh tú orm
sa pharlús, sa halla, sna dorchlaí.
Téann tusa i bhfolach ansin agus nílimse in ann teacht ort.
Is cuimhin liom go raibh deora linn, a dheartháir,
le linn an chluiche sin!

Miguel, chuais i bhfolach oíche amháin
i mí Lúnasa, tamall roimh bhreacadh an lae;
ach in áit a bheith ag gáire is tú i bhfolach, bhís uaigneach.
Agus do leath-chroíse ó na tráthnónta caite sin
tá sé traochta anois gan teacht ort. Agus titeann scáil
anois ar m’anam.

Éist, a dheartháirín, nocht tú féin anois
gan mhoill. Ceart go leor? D’fhéadfadh imní a bheith ar mhamaí.