2014-03-05

Ar an lá seo 5 Márta

Ar an lá seo 5 Márta, 1870, rugadh Rosa Luxemburg. 

"Iad siúd nach mbogann, ní thugann siad a gcuid slabhraí faoi deara."
"Die Friedensfreunde aus bürgerlichen Kreisen glauben, das sich Weltfriede und Abrüstung im Rahmen der heutigen Gesellschaftsordnung verwirklichen lassen, wir aber, die wir auf dem Boden der materialistischen Geschichtsauffassung und des wissenschaftlichen Sozialismus stehen, sind der Überzeugung, das der Militarismus erst mit dem kapitalistischen Klassenstaate zusammen aus der Welt geschafft werden kann."

"Is dóigh le cairde na síochána i gciorcail mheánaicmeacha gur féidir síocháin dhomhanda agus dí-armáil a bhaint amach laistigh de fhráma an oird shóisialta faoi mar atá sé faoi láthair; sinne, áfach, a sheasann le coincheap ábharaíoch na staire agus le sóisialachas eolaíoch, táimidne deimhneach de nach féidir an míleatachas a chur ar neamhní sa saol seo gan an stát aicmeach caipitlíoch a scriosadh."