2014-03-01

Ar an lá seo 1 Márta

As Cnuasach Van Vechten via Wikimedia
Ar an lá seo 1 Márta, 1927, rugadh Harry Belafonte.


HARRY BELAFONTE AGUS IRVING BURGIE a chum


THIS IS MY ISLAND IN THE SUN


Sé seo m’oileán is é faoin ngréin
tá mo mhuintir ann ó thús an tsaoil
Sheolas féin ar na farraigí
ach thíos cois cladaigh atá mo chroí.

Ó m’oileánsa faoin ngréin
a shaothraigh m’athair le lámha tréan’
Molfad é fad a mhairfidh mé
gach aon ghráinnín gainimh ’s na huiscí glé.

Is féach orm ag fáinne an lae
Faoi m’ualach trom amuigh faoin spéir
an ghrian ag taitneamh ’nois go dian
Is maolaíonn m’allas cuid mhaith den phian

Ó m’oileánsa faoin ngréin
a shaothraigh m’athair le lámha tréan’
Molfad é fad a mhairfidh mé
gach aon ghráinnín gainimh ’s na huiscí glé.

Feicim bean is í ar leathghlúin
cána á ghearradh dá clann ionúin
Feicim fear agus feicim líon
á chaitheamh aige i mbéal na toinn’

Ó m’oileánsa faoin ngréin
m’athair a thóg lena lámha tréan’
Molfad é fad a mhairfidh mé
gach aon ghráinnín gainimh, ’s na huiscí glé.

Is Ó, a Dhé, nár thaga an lá
nach mbeidh druma le clos anseo cois trá
Nár chaille mé an carnabhal
ná umbó-éara le Gael is Gall.

Ó m’oileánsa faoin ngréin
a shaothraigh m’athair le lámha tréan’
Molfad é fad a mhairfidh mé
gach aon ghráinnín gainimh ’s na huiscí glé.