|
Ní bheinn ag teacht lena chuid tuairimí polaitíochta, ach thug Mircea Eliade, a rugadh ar an 9 Márta 1907, ábhar machnaimh dúinn sa réimse spioradálta: “Fad is nach dtuigeann tú go gcaithfidh tú bás a fháil chun fás a dhéanamh, is aoi suaite ar an domhan dorcha seo a bheidh ionat.” “Seans an-mhaith gur cosaintí draíochta a bhí sna chéad daingnithe a tógadh thart ar lonnaíochtaí; dearadh an daingniú – an trinse, an chathair ghríobháin, an múr cosanta – chun cur i gcoinne ionradh deamhan agus anamacha na marbh seachas ionsaí ó dhaoine.” “Is é atá sa sliabh beannaithe ná ‘axis mundi’ a cheanglaíonn an domhan leis na flaithis.” “Léiríonn cloch a beannaitheacht dúinn sa mhéid gur heireafanacht is ea í a bheith ann sa chéad ait, í bheith do-chomhbhrúite, domhillte, murab ionann agus an duine.” “Ní mar is mian leo féin a roghnaíonn daoine suíomh beannaithe; lorgaíonn siad é agus aimsíonn siad é trí chomharthaí mistéireacha a chabhraíonn leo.” |