2014-03-12

Ar an lá seo 12 Márta


Ar an lá seo, 12 Márta, 1948, rugadh James Taylor

Fire & Rain le James Taylor

Tine is Ceobhrán


Is maidin inné sea dúradh liom nach raibh tú ann
Susanne, bhí plean acu agus b’in an chríoch
Amach liom ar maidin is chuireas peann le pár
Ní cuimhin liom cé a gheobhadh an t-amhrán, ní cuimhin.

Chonac tine is ceobhrán
Is laethanta gréine nach mbeadh aon deireadh leo
Is bhíos uaigneach is gan oiread is cara amháin
Bhíos cinnte ámh go bhfeicfinn thú lem bheo

Féach anuas orm, a Íosa
I dtreo is go seasfainn an fód
Ní mór duit fanacht liom ar feadh an lae
Táim anseo i bpéin tá m’am istigh gan gó
Is gan tusa beidh mé ag dul ar strae.

Chonac tine is ceobhrán
 Is laethanta gréine nach mbeadh aon deireadh leo
Is bhíos uaigneach is gan oiread is cara amháin
Bhíos cinnte ámh go bhfeicfinn thú lem bheo

 Bhíos ag spaisteoireacht i m’aigne le só
Mo chúl agam le grian
Tá’s ag Dia go séidfidh sé aniar aduaidh
Bhuel, tá am go leor ar na línte teileafóin
Chun labhairt le chéile, a mhian
Aislingí is meaisíní is iad ar fuaid na bhfuaid.

Ó, chonac tine is ceobhrán
Is laethanta gréine nach mbeadh aon deireadh leo
Is bhíos uaigneach is gan oiread is cara amháin
Bhíos cinnte ámh go bhfeicfinn thú uair amháin eile, a stór, lem bheo, yé.

Sea uair amháin eile le mo bheo
Tá rudaí ag casadh timpeall an uair seo, a stór,
Go bhfeicfinn thú, go bhfeicfinn thú, tine’s ceobhrán
Go bhfeicfinn thú uair amháin le mo bheo.