2014-03-04

Mé tá uaigneach


Uaigneach é an tuirne lín
Nach uaigneach é, mo bhrón
Meán oíche is dordán ón traein
Mé tá uaigneach lán de dheor’.

Fada fada an oíche seo
An t-am an-mhall, mo leo!
Do chuaigh an ré laistiar de néal
Faoi cheilt i measc na ndeor.

An bhfacaís riamh spideog ag gol
Nuair bhíonn duilleog’ ag dreo
Ní mian léi bheith i measc na mbeo
Mé tá uaigneach lán de dheor’.

Réalta reatha a thit go ciúin
An spéir mar chorcair-bhreo
Is fiafraímse, cá bhfuil tú uaim
Mé tá uaigneach lán de dheor’