2014-03-20

Ar an lá seo 21 Márta

Ar an lá seo, 21 Márta, 2013, cailleadh Chinua Achebe.

Máthair is Leanbh, Teifigh


Ní fhéadfadh Madonna is Naíon ar bith
a bheith inchurtha le grá na máthar seo
dá mac a chaithfidh sí a dhearmad ar ball

Bhí bolaithe éagsúla san aer
buinneach is páistí neamhnite
gona n-easnacha tréigthe is a dtónacha
triomaithe agus a gcoiscéimeanna troma
i ndiaidh na mbolg folamh séidte

An chuid is mó de na máithreacha ann
ba chuma leo faoin dtráth seo; ní ise, áfach,
an góst-gháire fós idir na fiacla aici
agus góst-mhórtas máthar sna súile aici
agus a raibh de ghruaig mheirgeach
fágtha ar an mblaosc á cíoradh aici – is ansin
cantain sna súile aici – scoilt á cur inti
go cúramach … Dá mbeadh saol eile aici
ní bheadh ann ach gníomh beag laethúil
gan tábhacht roimh bricfeasta a ithe dó is
dul ar scoil; dhein sí anois é
mar a leagfá bláthanna
ar uaigh bheag bhídeach.