2014-03-01

Ar an lá seo 29 Feabhra

Ar an lá seo 29 Feabhra 2012, cailleadh Davy Jones, duine de na Moncaithe. Ba é I’m a Believer leo (a scríobh Neil Diamond) an ceirnín ba mhó díol sa bhliain 1967.

I’m a Believer/ Is creidmheach mé


Shíleas an grá bheith ina scéilín sí
’Bhain le daoine eile ní liom féin

Bhí an grá im choinne
Soiléir leis an lá
Is mo bhrionglóid millte ag díomá.

Is chonac a snódh, is creidmheach mise
Gan agó is gan amhras faoin spéir
Táim i ngrá, creidmheach mise
Agus beidh sise le mo thaobh.

Shíleas an grá a bheith mar bhronntanas
Bhronnas-sa gan aon ní ’fháil ar ais
Cad is fiú an iarracht
Níl i gceist ach pian
Ní raibh ann ach báisteach gan aon ghrian

Is chonac a snódh, is creidmheach mise
Gan agó is gan amhras faoin spéir
Táim i ngrá, creidmheach mise
Agus beidh sise le mo thaobh.

Bhí an grá im choinne
Soiléir leis an lá
Is mo bhrionglóid millte ag díomá.

Ó is chonac a snódh, is creidmheach mise
Gan agó is gan amhras faoin spéir
Táim i ngrá, creidmheach mise
Agus beidh sise le mo thaobh.

Sea, chonac a snódh, is creidmheach mise
Gan agó is gan amhras faoin spéir
Sea creidmheach mise, yé, yé, yé, ye, yé
Creidmheach mise
Creidmheach mise
Sea creidmheach mise, yé
Creidmheach mise
Sea creidmheach mise, yé,
Creidmheach mise.