2014-03-17

Ar an lá seo 17 Márta

Ar an lá seo, Lá le Pádraig, 1894 rugadh María Sabina:

“Ocht mbliana d’aois a bhíos nuair a bhuail tinneas deartháir mo mháthar. Bhí sé an-tinn ar fad agus na seamain sa sierra a thug luibheanna dó ag iarraidh é a leigheas, ní rabhadar in ann faic a dhéanamh dó.

Is ansin a chuimhníos ar an méid a dúirt na  teo-nanacatl, na muisiriúin liom: gur chóir dom dul á lorg dá mbeadh a gcabhair uaim. Mar sin chuas chun na beacáin bheannaithe a bhailiú agus thugas liom go dtí bothán m’uncail iad. D’itheas os comhair m’uncail iad agus eisean ag saothrú an bháis. Láithreach bonn, thug na teo-nanacatl go dtí a ndomhan féin mé agus d’fhiafraíos díobh cad a bhí cearr le m’uncail agus cad a shábhálfadh é. Dúradar liom go raibh an drochrud tar éis a chuid fola a thruailliú agus go mbeadh orainn luibheanna a thabhairt dó, ní hiad na luibheanna sin a thug na seamain dó ach luibheanna eile. Cá bhfaighinn na luibheanna sin, arsa mise leis na muisiriúin agus thugadar go dtí an áit seo ar an sliabh mé, áit a raibh crainn arda ag fás agus sruthán ag rith ann agus thaispeánadar dom an luibh a chaithfinn a tharraingt as an talamh agus an bóthar a chaithfinn  a thógaint chun teacht orthu . . .”


Is féidir í féin agus na muisiriúin bheannaithe a fheiceáil anseo: