Níl a fhios agam an léann daoine litreacha níos mó. Níl a fhios agam an scríobhann daoine litreacha níos mó. Tá litreacha Nikos Kazantzakis (1883 -1957) léite agam, an té a scríobh Zorba the Greek agus The Last Temptation of Christ, an dá shaothar is iomráití leis. 875 leathanach atá ann agus gach aon litir ann léite agam.
Ní fhéadfainn an rud céanna a rá faoi gach úrscéal agus faoi gach leabhar filíochta a phiocas suas i mbliana, is é sin gur léas ó chlúdach go clúdach iad. Tá draíocht éigin ag baint leis an litir ach í a bheith dea-scríofa. Ní gá di a bheith dea-scríofa, fiú amháin. Nochtann an scríbhneoir a chroí, roinneann a phaisean, a anam, a racht, a ghrá lena chomhfhreagraí agus uaireanta braithimse, mar léitheoir, gur mise an comhfhreagraí aige, gur ag scríobh chugamsa atá sé. Ródhéanach anois freagra a chur chuige, faraor. Níl, dáiríre. Freagra chuige é seo, na focail seo, tar éis dom The Selected Letters of Nikos Kazantzakis, in eagar ag Peter Bien, a léamh (Princeton University Press, 2012).
Sea, a Nikos, ar shlí is litir chugatsa anois na focail seo. Agus tú san Eilvéis i mí Iúil, 1955, scríobh tú:
‘I’m planning to start my new work here: Letters to El Greco…. Yesterday a learned friend, von den Steinen, came to see me and told me that Petrarch wrote Letters to Cicero …’
Scríbhneoir mór litreacha agus litreacha á mbeartú aige, tamall sular cailleadh é, chuig duine a bhláthaigh sá séú haois déag. B’in Nikos duit, lán d’fhuinneamh go dtí an deireadh, lán de smaointe, lán d’anamúlacht. Cad a shílfeadh seisean agus scríbhneoirí a linne do ról an scríbhneora inniu, na literati in aois na twitterati? Is deacair a rá. Cad a shílfeadh sé do chultúr an lae inniu?
Bheadh áthas air a déarfainn gur Froinsias atá ar an bPápa nua. Scríobh sé féin Beatha N. Froinsias agus ba mhinic an nath Froinsiasach ‘Pax et bonum’ mar chríoch lena litreacha aige agus feicim i litir uaidh dar dáta 8 Meitheamh 1953 go ndeir sé:
‘During my illness I wrote several Franciscan haiku and I think they are good – brief, full of feeling and sense, full of Franciscan intimacy with God…’
Theastaigh uaidh litreacha a scríobh chuig El Greco, a chomh-Ghréagach, nó a chomh-Chréiteach is ceart a rá. Tabharfaidh sé seo blas duit de scóip na litreacha seo, sliocht as litir a scríobh sé ar an 13 Meán Fómhair, 1926 agus cuairt á tabhairt aige ar Toledo na Spáinne:
“I’ve arrived at El Greco’s high, ascetic base of operations. My heart was thumping during the entire trip from Madrid – how much I had craved this visit to the amazing Genosse [comrádaí] ever since I was a small child. ‘To realize at a mature age what you craved as a child: that is the destiny of the true human being.’ By dint of struggle, difficulty, and solely the soul’s impetus, I have realized almost everything I have desired. When I faced Toledo, entered it, began slowly, exhaustively, persistently to wander through the streets and bring the old buildings to life, then crossed the threshold and entered El Grecos’s garden and went up to his house in the Jewish quarter (El Greco loved the Jews so much that he lived the whole time in the Jews’ separate neighbourhood) – when all that had filled my hard skull, I once again blessed the moment I was born…”
Tá anam uasal álainn Nikos Kazantzakis sa sliocht sin. Is minic ag tagairt dó dá anam féin, á stiúradh trí chnoic is trí ghleanntáin an tsaoil seo. Cé na scríbhneoirí sa lá atá inniu ann a thagraíonn dá n-anam? Th’anam ’on ducs, is tearc a líon!
Is minic rudaí ráite i litir ag duine agus braitheann tú gur ag caint leat atá sé, os íseal nó go tréan. Is maith liom féin an stíl sin, go mór, caithfidh mé a rá. An scríbhneoir céanna, dá dtabharfaí deis dó, scriosfadh sé a lán dá raibh ráite aige agus chuirfeadh cló eile air, cló foirmiúil, agus sa tslí sin chaillfí an intimité sin, an dlúthchaidreamh sin, an neasacht sin atá an-luachmhar go deo.
Tar éis dom an leabhar a chríochnú, ransaíos an tInnéacs arís féachaint cé atá luaite ann agus ba liosta le háireamh iad. Luaitear Pelagius fiú, an misinéir a bhí inár measc roimh Phádraig Naofa. Eiriceach ab ea Pelagius. Níor ghéill sé do Pheaca an tSinsir. Bheadh Éire eile ar fad againn dá mba é Pelagius seachas Pádraig ár nÉarlamh againn. Eiriceach ab ea Nikos Kazantzakis leis. Tá sé dochreidte ar fad na naimhde go léir a bhí aige, naimhde i saol na litríochta, na polaitíochta is na heaglaise. Ordaigh an leabhar seo ó do leabharlann agus íoslódáil an scannán Zorba the Greek (mura bhfuil sé feicthe cheana agat) agus cuirfidh tú aithne ar dhuine eisceachtúil, duine a raibh sciatháin ar a chroí is ar a anam uair ar bith ar cuireadh peann ina ghlac.