2015-01-16

Deir Mooji:

Deir Mooji:

“Gach aon smaoineamh agus gach aon anáil, is anáil agus is smaoineamh é a tharlaíonn san airdeall; agus is sinne an t-airdeall sin, an t-airdeall sin gan smaoineamh gan anáil.”

 “Nuair a shocraíonn an aigne síos agus í díreach anseo anois, ní aigne a thugtar uirthi a thuilleadh. An Féin atá inti. An Féin a bhí inti riamh.”

“D’fhéadfadh smaoineamh a bheith agat: ‘Tá gach rud go breá anois, ach beidh sé difriúil nuair a théim an doras amach.’ Cheana féin tá tú ag smaoineamh ar do threascairt. Tuig nach bhfuil iontu ach smaointe. Féadann tú breathnú orthu, sin uile, a dtarraingt a mhothú ach fós féin iad a thabhairt faoi ndeara mar ghluaiseacht sa chomhfhios. Fan socair san airdeall éagruthach.”

“Níl aon chruth ag uisce, is dual dó rith. Cuir i vása é agus glacfaidh sé cruth an vása. Sa chupán seo, tá cruth an chupáin air. . .  Ach tá an t- uisce féin gan chruth. Is é an dála céanna ag an gcomhfhios é, atá níos fíneáilte ná uisce. Níl aon chruth aige ach glacann sé foirm an choincheapa a ndóirtear ann é nó an fhoirm a shamhlaíonn sé é féin léi, ach ní hí an fhoirm sin í. Is é a nádúr síoraí a bheith gan fhoirm.”

 “Téigh lastall de gach ní. Ná bailigh aon ní. Ní gá don rí dul ag siopadóireacht ina ríocht féin. Ná ní lorgaíonn sé déirc… Aon ní dá dtarlaíonn níl ann ach stuif a nochtann sa chomhfhios. Ná bac leis sin go léir. Glac do scíth san airdeall. Sin an méid.”

 “Gabh buíochas leis an Spiorad mór istigh as gach a bhfuil sa saol. Is tíolacadh é an uile ní, milis is searbh. Is ann dóibh ar mhaithe le fás is saoirse is ceiliúradh. Bí sona.”

“Ní gá duit riamh do luach féin a chruthú mar tá tú cheana féin iomlán istigh mar pháiste ionúin Dé. Bí sona.”

“Ní lasmuigh díot féin atá an t-áthas agus an tsíocháin. Aimsítear istigh ionat féin iad, mar is iad do nádúr féin iad.”

“Déan do mhachnamh ar an mbrí atá le bheith ‘Anseo’ go hiomlán agus ‘Anois’ go hiomlán. Chuige sin, caithfear gach ní eile a thréigean; bí anseo-anois, sin uile, sa láithreacht chomhfhiosach. Sin is Croí ann. Sin is Féin ann.”

“Níl ‘spéis’ ag an té atá stiúgtha i mbia agus níl ‘spéis’ ag an té atá á bhá san aer. An té a shantaíonn Saoirse, ní ‘spéis’ atá san Fhéin-eolas ach riachtanas.”

“Níl Ann ach Anois, agus is tusa é sin. Fan mar sin.”

“Más mian leat gáire a bhaint as Dia, inis do chuid pleananna Dó.”

“Níl ann ach an fhoirfeacht.

Tá an fhoirfeacht le feiceáil gach áit.

Ach caithfidh na súile a bheith agat i dtosach chun í a fheiceáil.”

“Ná dean tatúnna de na ráitis seo. Fan ar oscailt, ciúin agus gabhálach agus oibreoidh an grásta ort go nádúrtha.”